Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óid d'Fheis na Gaillimhe, 1900

Title
Óid d'Fheis na Gaillimhe, 1900
Author(s)
Ó Mhaoildhia, Seamas,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


ÓID D'FHEIS NA GAILLIMHE, 1900



I.



A cháirde mo chléibh, is fíor é an sgeul
Go bhfuilimíd go léir in ar ndúiseacht,
Ag seasamh go fíor, taobh shoir 's taobh shiar,
Le teanga na bhFiann 'nois do mhúsgailt.
Gidh fada an neull, gan chlú nó gan réim
Bhí uirri, mo leun! Le fad-theurma
'Nois tógfaidhmíd é, le cabhair Aoin Mhic Dé,
'S cuirfidhmíd seun ar na Gaedhealaibh.



II.



Is fada fá chrádh, gan toradh gan bhláth
Ar dreagn dheas, bhreágh do bhí seunmhar
Ba dhubh a's ba mhór a trom-shuan 'sa ceo
Gan éirim no treó in a geugaibh.
Acht o fhad' é an tráth do bhí sí ar lár,
Níor cailleadh go bráth í, a cháirde,
'S béidh sí 'gainn fós mar bhí sí fad' ó
Gan chaim nó gan stróic, acht go bláthmhar.



III.



Is fada an neull bhí ar Chlannaibh Gaedheal
Ag seasamh go tréith 'gus ag éisteacht
Do bhídheamar 'nár luighe, gan neart nó gan bhrigh
San sgeul so mar bhí 'gainn in Éirinn.
Bhí'r dteanga, bhreágh mhór ag imtheacht go deo
Fá smúid 's fá chlóich ó na daoinibh
'S an Beurla mo chrádh! ag leathnughadh gach lá
Ag fearaibh 's mnáibh fud na tíre.



IV.



Acht buidheachas go bráth, le Righ geal na ngrás
Tá spiorad ag fás ins na ndaoinibh
Tá fir agus mná ag obair go breágh.
Gidh fada an tráth bhíodar claoidhte.
Tá Easboig, san chléir ag obair go treun
Leis an sgrios a's an leun sin do chlaonadh
'S má fhághann siad lámh san am so atá
Béidh mais agus bláth ar an nGaedhilg.



V.



Tá "Connachtaigh cruaidh" ná músgailt ón suan
Ag obair go buan 's go treunmhar
'S árdó' míd glór go bríoghmhar 's go beo
'S beidhmíd fá bhród fós in Éirinn!
O cailleadh an Gaodhal-Ard-Easbog Mac Heil
Chuir rath agus seun ar an nGaedhilg
Bhí "Connacht an tslóigh" fa lionndubh 's brón,
'S a dteanga bhreágh, chóir ag a tréigeann.



VI.



Acht fáilte 'gus ceud nár sean-teangaidh féin,
Anois roimh gach aon tá sa láthair,
Tá spiorad 'na gcroidhe nach múchfar a choidhch'
Nach lagfaidh an ghaoth nó an bháisdeach
Má bhíodhmar nár luidhe gan anam gan croidhe,
Atá maoid nár suidhe - 'nois go haerach
'S beidh Geadhilg 's gach áit ó Shligeach go Clár
'S gan meas ann le fagháil ar an mBeurla.



VII.



Ó cuirfidhmíd freumh anocht anns an gcré
A fhásfas le seun suas i náirde,
'S sgapfaidh an ghrian an doineann 's an tsíon,
'S sgarfaidh an síol uaidh go bláthmhar.
Beidh an chathair seo fós "Cathair na dTreibh" mór
Gan mhí-ádh gan bhrón acht go súgach,
Go Gaodhalach 's go fíor le teangaidh na bhFiann,
Mar 'nois "tá'n Iar in a dúiseacht."



Seumas Ó Mhaoildhia

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services