Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sláintí
Title
Sláintí
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Murchadha, Mártan
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sláintí 17. "Seo sláinte na bhfear le fonn, 'S gach duine san domhan do leanfadh sinn, D'fhanfadh 'na shuidhe ar an mball, Chum go bhfeicfidís bonn an bharáille." Tá roinnt mhaith bliadhanta curtha dhínn againn ó chualamar an tsláinte sin ar dtús, agus ní féadaimíd innsint cia aige. Tá fear ar ar n-éolas, agus shíl sé nach raibh a dhóthain 'san tsláinte sin, agus is é rud do sin ná ceathramha eile do cheapadh agus do chur léi. Cuirfeam síos an cheathramha so leis ar eagla go mbeadh uaigneas ar ar léightheóiríbh 'na héagmais tar éis dúinn a innsint dóibh go bhfuil a leithéid ann. 18. "Seo sláinte na ndragan ba teann I dtreasaibh i n-am na spairinne, Do sháithfeadh gan eagla lann Tre chreatalaigh Gall i gcath ar chnoc." 19. "Seo sláinte gach sáir-fhir Nach ceachardha méinn; Agus sláinte an té d'fhágfadh Tig an tabhairne gan réal; Sláinte a bhfuil láithreach 'S ar gcarad go léir 'S go ra' fearr sinn i mbáireach Ná ar maidin indé." Do chualamar an tsláinte seo ag Donnchadh fada O Spaláin i gCarraig na bhFear, duine go bhfuil Gaedhilg mhaith aige mar ba dhual do ó n-a athair agus ó n-a mháthair féin. Ceann maith is eadh í leis d'ar dtuairim-ne. Do chualamar go minic an dara leath dhe 'na shláinte ann féin agus i n-ionad "Go ra' fhearr sinn, agus c.," d'airigheamar "Go ra' seacht bhfearr sinn, agus c." Bhí an tsláinte seo an-choitcheanta i measg na ndaoine uair, dar linne, mar is iomdha slighe 'na gcualamar niotóga dhi. Briseadh na mion-rannaibh í agus cuireadh bairrcíní mar adéarfá leó so chum sláintí eile do dhéanamh. Tiubharaim sompla nó dhó. 20. "Seo sláinte a bhfuil i láithreach 'S a maireann d'ar nGael; Agus sláinte an dá Rábaire Ó Chnocán an Bhuidéil." Tá Cnocán an Bhuidéil i bParóiste Rátha an Tóiteáin, timcheall naoi míle ó Mhaigh Ealla ar an sean-bhóthar idir an áit sin agus Corcaigh. Tá an sgéal thíos i mBéarla ag Crofton Crócar ar cionnus mar cuireadh an t-ainm sin ar an áit agus ní'l duine san logán ná féadfadh a innsint duit. Do chualamar féin go minic é i nGaedhilg agus i mBéarla. Bhí tigh tabhairne san áit seo fad ó ag beirt fhear, is cuma cia ar díobh iad, acht pé i nÉirinn é, bhíodar chomh spadánta a spriúnlatha sain gur baisteadh an bheirt Rábaire orra le magadh. Do cheap fear deas-bhéalach éigin an tsláinte thuas dhóibh, agus tá an leas-ainm agus an tsláinte dá leanamhaint riamh ó shoin. 21. "Sláinte a bhfuil láithreach 'S ar gcarad go léir Is sláinte an dá Mháire Thug an tAthair-mhac saor Sláinte an dá pháiste 'S a n-aithreach araon 'S is sásta bheinn im'-shláinte Dá mbeadh baisteadh agam fhéin." B'é Donnchadh óg O hIarfhlatha do cheap an tsláinte thuas. Níor phós Donnchadh riamh, acht bhí beirt mhac dearbhráthair aige pósta ar an gCluain Chaoin i bPar- óiste na Léime i gCairbheachaibh i gContae Chorcaighe. B'é Máire dob' ainm do'n dá mhnaoi bhí pósta leó. Bhí an dá lánamhain 'na gcómhnuidhe i n-éin-tigh amháin. Buaileadh an bheirt bhan breoidhte i dtinneas leinbh san am chéadna de'n bhliadhain, agus bhí an baisteadh aca araon san oidhche chéadna. Bhí Donnchadh ar an mbaisteadh, cé go raibh sé aosda an uair sin. Tugadh gloine biotáille dho agus nuair bhí sé chum a hól dubhairt sé an tsláinte thuas. Ó Sheaghán Bruitséil i mBaile Átha Cliath is eadh fuaramar í. 22. "Ólfaimíd sláinte ná bhfear gceannsa 'S a maireann dá n-amhlachas beo 'S an sparán ní fháisgim an tronc air Acht an fhaid do bhéam ánn bheith ag ól." Ó Mhártan Ó Murchadha i gCarraig na bhFear do fuaramar sain. Seanchaidhe maith is eadh Mártan. Ní bhéitheá tuirseach go deó de bheith ag éisteacht leis ag innsint sgéalta do thuit amach le n-a linn féin, i n-aimsir Dhomhnaill Uí Chonaill, agus na ndeachmhadhtha. (ní críoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services