Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sláintí

Title
Sláintí
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Murchadha, Mártan
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sláintí



17. "Seo sláinte na bhfear le fonn,
'S gach duine san domhan do leanfadh sinn,
D'fhanfadh 'na shuidhe ar an mball,
Chum go bhfeicfidís bonn an bharáille."



Tá roinnt mhaith bliadhanta curtha dhínn againn ó
chualamar an tsláinte sin ar dtús, agus ní féadaimíd
innsint cia aige. Tá fear ar ar n-éolas, agus shíl sé nach
raibh a dhóthain 'san tsláinte sin, agus is é rud do sin ná
ceathramha eile do cheapadh agus do chur léi. Cuirfeam
síos an cheathramha so leis ar eagla go mbeadh uaigneas
ar ar léightheóiríbh 'na héagmais tar éis dúinn a innsint
dóibh go bhfuil a leithéid ann.



18. "Seo sláinte na ndragan ba teann
I dtreasaibh i n-am na spairinne,
Do sháithfeadh gan eagla lann
Tre chreatalaigh Gall i gcath ar chnoc."



19. "Seo sláinte gach sáir-fhir
Nach ceachardha méinn;
Agus sláinte an té d'fhágfadh
Tig an tabhairne gan réal;
Sláinte a bhfuil láithreach
'S ar gcarad go léir
'S go ra' fearr sinn i mbáireach
Ná ar maidin indé."



Do chualamar an tsláinte seo ag Donnchadh fada
O Spaláin i gCarraig na bhFear, duine go bhfuil
Gaedhilg mhaith aige mar ba dhual do ó n-a athair agus ó
n-a mháthair féin. Ceann maith is eadh í leis d'ar
dtuairim-ne. Do chualamar go minic an dara leath
dhe 'na shláinte ann féin agus i n-ionad "Go ra' fhearr
sinn, agus c.," d'airigheamar "Go ra' seacht bhfearr sinn,
agus c." Bhí an tsláinte seo an-choitcheanta i measg na
ndaoine uair, dar linne, mar is iomdha slighe 'na
gcualamar niotóga dhi. Briseadh na mion-rannaibh í agus
cuireadh bairrcíní mar adéarfá leó so chum sláintí
eile do dhéanamh. Tiubharaim sompla nó dhó.




20. "Seo sláinte a bhfuil i láithreach
'S a maireann d'ar nGael;
Agus sláinte an dá Rábaire
Ó Chnocán an Bhuidéil."



Tá Cnocán an Bhuidéil i bParóiste Rátha an Tóiteáin,
timcheall naoi míle ó Mhaigh Ealla ar an sean-bhóthar
idir an áit sin agus Corcaigh. Tá an sgéal thíos i mBéarla
ag Crofton Crócar ar cionnus mar cuireadh an t-ainm
sin ar an áit agus ní'l duine san logán ná féadfadh a
innsint duit. Do chualamar féin go minic é i
nGaedhilg agus i mBéarla. Bhí tigh tabhairne san áit seo
fad ó ag beirt fhear, is cuma cia ar díobh iad, acht pé
i nÉirinn é, bhíodar chomh spadánta a spriúnlatha sain
gur baisteadh an bheirt Rábaire orra le magadh. Do
cheap fear deas-bhéalach éigin an tsláinte thuas dhóibh,
agus tá an leas-ainm agus an tsláinte dá leanamhaint riamh
ó shoin.



21. "Sláinte a bhfuil láithreach
'S ar gcarad go léir
Is sláinte an dá Mháire
Thug an tAthair-mhac saor
Sláinte an dá pháiste
'S a n-aithreach araon
'S is sásta bheinn im'-shláinte
Dá mbeadh baisteadh agam fhéin."



B'é Donnchadh óg O hIarfhlatha do cheap an tsláinte
thuas. Níor phós Donnchadh riamh, acht bhí beirt mhac
dearbhráthair aige pósta ar an gCluain Chaoin i bPar-
óiste na Léime i gCairbheachaibh i gContae Chorcaighe.
B'é Máire dob' ainm do'n dá mhnaoi bhí pósta leó.
Bhí an dá lánamhain 'na gcómhnuidhe i n-éin-tigh amháin.
Buaileadh an bheirt bhan breoidhte i dtinneas leinbh san
am chéadna de'n bhliadhain, agus bhí an baisteadh aca araon
san oidhche chéadna. Bhí Donnchadh ar an mbaisteadh, cé
go raibh sé aosda an uair sin. Tugadh gloine biotáille
dho agus nuair bhí sé chum a hól dubhairt sé an tsláinte
thuas. Ó Sheaghán Bruitséil i mBaile Átha Cliath is
eadh fuaramar í.



22. "Ólfaimíd sláinte ná bhfear gceannsa
'S a maireann dá n-amhlachas beo
'S an sparán ní fháisgim an tronc air
Acht an fhaid do bhéam ánn bheith ag ól."



Ó Mhártan Ó Murchadha i gCarraig na bhFear do
fuaramar sain. Seanchaidhe maith is eadh Mártan. Ní
bhéitheá tuirseach go deó de bheith ag éisteacht leis ag
innsint sgéalta do thuit amach le n-a linn féin, i
n-aimsir Dhomhnaill Uí Chonaill, agus na ndeachmhadhtha.



(ní críoch)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services