Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Cloisim go bhfuil máighistrí an ghuail i nAmericá ag tairigsint ardughadh tuarasdail dhá sgilling 'sa phúnt do na mianachóirí agus dá dheasgaibh gur geárr go mbeidh deireadh leis an achrann atá eartortha ar feadh coicthighis. Má's fíor é sin molaim ciall an Americánaigh, mar, fad do bhiadh an cosg oibre úd ar siubhal do chaillfeadh sé luach an ghuail atá geallta aige i n-am áirighthe do'n Iodáil agus do thíorthaibh eile. Tá an tAmericánach ar tí a chuid ghnótha agus díolacháin do leathadh agus do mhéadughadh. Dhíol sé céad míle tonna guail leis na hIodáiligh an lá eile, agus níor mhór le rádh é sin muna mbiadh go raibh an margadh úd i gcómhnuidhe ag Sasana go dtí so. Deirthear go gcuirfear gual ó Americá feasda dá dhíol i gcathair Lúnduin féin níos saoire 'ná is féidir leis na Sasanaigh féin é thabhairt ann. Is maith an sgéal é mar támuid creachda ó ghual Sheagháin, agus go deimhin féin níor ghábhadh dúinn ualach dá chuid ghuail do cheannach dá mbiadh ciall ár ndóthain againn chum úsáide do dhéanamh do bhogachaibh Éireann. Ní fhuil déantús teine ar domhan is breághdha 'ná is folláine 'ná móin, agus ba chóir gur bhfurusda d'fhearaibh na tuaithe mar a bhfuil móin fulúirseach, cuideachta do chur ar bun agus sáslach do cheannach i gcás ceartlíní do dhéanamh de'n mhóin, agus í fhásgadh chómh cruaidh le gual, agus annsain margadh do dhéanamh le muintir na mbóithre iarrainn í sheóladh go saor chum na mbailtí móra. Sin mar do dhéanfadh an tAmericánach; do chuirfeadh sé airgead 'na phóca féin agus do leigfeadh sé do Sheaghán Bhuidhe dul ag feaduigheal. Tá ball seirce ar Sheaghán idir fheoil is leathar, sé sin a phóca. Buail speach 'sa phóca air agus cuirfidh sé liúgh as. Na bac an liúgh acht buail arís é. Ní fhuil aon bhrigh bheith leis ar aon chuma eile. Ní fhuil beann 'ná toradh aige ar chaint 'ná gleó, agus b'fhéidir go bhfuil an iomad agus breis de'n méid sin againn i nÉirinn, acht ceapaim nách bhfuil fhios againn chómh maith leis an Americánach ca bhfuil "iasg na beathadh" i Seaghán. Chím go bhfuil na Bóraigh ag cómhrac fós go láidir, i naindeóin ná bpáipéar atá ag dingeadh isteach 'nár gceannaibh go bhfuil na fir thréana buailte fá dheireadh. Do shíneadar dream marcach cois Heidelburg Dia hAoine seo ghabh thart. Ní fheadramar cia bhí ar a gceann acht níor bh'iongnadh liom gurab é Aodh Ruadh De Bhet do bhí ann. Tá cead a chos aige siúd gidh gur mór an t-adhbhar feirge do Roberts é. Deirthear go bhfuil seacht míle fear ar a thóir arís agus go bhfuil togha na gcapall agus na ngunnaí éadtrom aca, capall chruadha shleamhna shocair-chosacha do thógadar nó do ghoideadar ós na Bóracha. Deir siad anois nó riamh go mbeidh De Bhet aca mar go bhfuil an dream Bórach atá le n-a chois tuirseach ó'n gcruadh obair. Ní hiongnadh dhóibh sin, acht mar sin féin chualamar an sgéal céadna cheana. Bhí súil le bruighin ag Coomatipoort acht níor fhan na Bóraigh leis na Sasanaigh. D'imthigheadar thar teórainn go tír na bPortigí agus thóg na Portigí uatha a gcuid gunnaí agus thugadar bia agus deoch dóibh. Deir na Sasanaigh go raibh míle nó dhó aca ann agus gur bhriseadar a ngunnaí móra sul ar sgeinneadar leo, acht ní fhuil fhios againn an fírinne é sin no nách eadh. Cuireann Seaghán blas ar gach sgéal mar mhaithe leis féin agus tá maithshluagh ag baile adeireas go n-innseann sé breis de'n fhírinne agus gur chóir dó gach droch-sgéal do cheilt. Fear creideamh- nach is eadh mise, adeir Seaghán, ní mheasann tú go n-inneósainn breága ar nós na bhFrancach sain. Sin é díreach é, is dóich leis an Sasanach gurab é féin sgoth an phobuil, agus gur chóir do'n Bhórach géilleadh dhó gan mhoill, acht ní ghéillfidh an Bórach go gcuirfidh an t-ocras air. Bhí deich míle de shaighdiúiribh Shasana ar láimh aige, agus d'itheadar súd mórán d'á chuid bídh, agus tá an lón ag dul i ngainneacht aige anois. Sgaoil Roberts cuid de na saighdiúirí úd agus leig na Bóraigh uatha a thuilleadh aca, acht tá beagán díobh aca fós. Nuair do thógthar saighdiúirí mar so, is gnáthach leis an Arm breitheamhnas do thabhairt ortha ar uair a bhfuas- gladh le heagla gurab é an meatacht nó an fhaillighe fá ndeara dhóibh géilleadh. I measg na bhfear do thug breitheamhnas ar na fearaibh d'fhuasgail Roberts bhí ceannphort darab ainm Bulloc-Hog, agus do thug seisean easanóir, agus íde ar na fearaibh bochta 'gá rádh gur chóir dóibh bás d'fhághail sul ar gheilleadar do dhream shalach Bórach. Bhuail dream aca leis féin 'na dhiaidh súd.
Bhuadhadar air agus rith sé uatha acht ma rith féin tháinig fear fad-fhéasógach suas leis agus ghéill mo bhioránach go mín. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services