Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Cloisim go bhfuil máighistrí an ghuail i nAmericá ag
tairigsint ardughadh tuarasdail dhá sgilling 'sa phúnt
do na mianachóirí agus dá dheasgaibh gur geárr go mbeidh
deireadh leis an achrann atá eartortha ar feadh coicthighis.
Má's fíor é sin molaim ciall an Americánaigh, mar,
fad do bhiadh an cosg oibre úd ar siubhal do chaillfeadh
sé luach an ghuail atá geallta aige i n-am áirighthe do'n
Iodáil agus do thíorthaibh eile. Tá an tAmericánach ar tí
a chuid ghnótha agus díolacháin do leathadh agus do mhéadughadh.
Dhíol sé céad míle tonna guail leis na hIodáiligh an
lá eile, agus níor mhór le rádh é sin muna mbiadh go raibh
an margadh úd i gcómhnuidhe ag Sasana go dtí so.



Deirthear go gcuirfear gual ó Americá feasda dá
dhíol i gcathair Lúnduin féin níos saoire 'ná is féidir
leis na Sasanaigh féin é thabhairt ann. Is maith an
sgéal é mar támuid creachda ó ghual Sheagháin, agus go
deimhin féin níor ghábhadh dúinn ualach dá chuid
ghuail do cheannach dá mbiadh ciall ár ndóthain
againn chum úsáide do dhéanamh do bhogachaibh Éireann.
Ní fhuil déantús teine ar domhan is breághdha 'ná is
folláine 'ná móin, agus ba chóir gur bhfurusda d'fhearaibh
na tuaithe mar a bhfuil móin fulúirseach, cuideachta
do chur ar bun agus sáslach do cheannach i gcás ceartlíní
do dhéanamh de'n mhóin, agus í fhásgadh chómh cruaidh le
gual, agus annsain margadh do dhéanamh le muintir
na mbóithre iarrainn í sheóladh go saor chum na
mbailtí móra. Sin mar do dhéanfadh an tAmericánach;
do chuirfeadh sé airgead 'na phóca féin agus do leigfeadh
sé do Sheaghán Bhuidhe dul ag feaduigheal. Tá ball
seirce ar Sheaghán idir fheoil is leathar, sé sin a phóca.
Buail speach 'sa phóca air agus cuirfidh sé liúgh as. Na
bac an liúgh acht buail arís é. Ní fhuil aon bhrigh bheith
leis ar aon chuma eile. Ní fhuil beann 'ná toradh aige
ar chaint 'ná gleó, agus b'fhéidir go bhfuil an iomad agus
breis de'n méid sin againn i nÉirinn, acht ceapaim
nách bhfuil fhios againn chómh maith leis an Americánach
ca bhfuil "iasg na beathadh" i Seaghán.



Chím go bhfuil na Bóraigh ag cómhrac fós go láidir,
i naindeóin ná bpáipéar atá ag dingeadh isteach 'nár
gceannaibh go bhfuil na fir thréana buailte fá dheireadh.
Do shíneadar dream marcach cois Heidelburg Dia
hAoine seo ghabh thart. Ní fheadramar cia bhí ar a
gceann acht níor bh'iongnadh liom gurab é Aodh Ruadh
De Bhet do bhí ann. Tá cead a chos aige siúd gidh gur
mór an t-adhbhar feirge do Roberts é. Deirthear go
bhfuil seacht míle fear ar a thóir arís agus go bhfuil togha na
gcapall agus na ngunnaí éadtrom aca, capall chruadha
shleamhna shocair-chosacha do thógadar nó do ghoideadar
ós na Bóracha. Deir siad anois nó riamh go mbeidh
De Bhet aca mar go bhfuil an dream Bórach atá le n-a
chois tuirseach ó'n gcruadh obair. Ní hiongnadh dhóibh sin,
acht mar sin féin chualamar an sgéal céadna cheana.
Bhí súil le bruighin ag Coomatipoort acht níor fhan na
Bóraigh leis na Sasanaigh. D'imthigheadar thar teórainn
go tír na bPortigí agus thóg na Portigí uatha a gcuid
gunnaí agus thugadar bia agus deoch dóibh. Deir na Sasanaigh
go raibh míle nó dhó aca ann agus gur bhriseadar a ngunnaí
móra sul ar sgeinneadar leo, acht ní fhuil fhios againn
an fírinne é sin no nách eadh. Cuireann Seaghán blas
ar gach sgéal mar mhaithe leis féin agus tá maithshluagh ag
baile adeireas go n-innseann sé breis de'n fhírinne agus
gur chóir dó gach droch-sgéal do cheilt. Fear creideamh-
nach is eadh mise, adeir Seaghán, ní mheasann tú go
n-inneósainn breága ar nós na bhFrancach sain. Sin é
díreach é, is dóich leis an Sasanach gurab é féin sgoth an
phobuil, agus gur chóir do'n Bhórach géilleadh dhó gan mhoill,
acht ní ghéillfidh an Bórach go gcuirfidh an t-ocras air.
Bhí deich míle de shaighdiúiribh Shasana ar láimh aige, agus
d'itheadar súd mórán d'á chuid bídh, agus tá an lón ag
dul i ngainneacht aige anois. Sgaoil Roberts cuid
de na saighdiúirí úd agus leig na Bóraigh uatha a thuilleadh
aca, acht tá beagán díobh aca fós.



Nuair do thógthar saighdiúirí mar so, is gnáthach leis
an Arm breitheamhnas do thabhairt ortha ar uair a bhfuas-
gladh le heagla gurab é an meatacht nó an fhaillighe
fá ndeara dhóibh géilleadh. I measg na bhfear do thug
breitheamhnas ar na fearaibh d'fhuasgail Roberts bhí
ceannphort darab ainm Bulloc-Hog, agus do thug seisean
easanóir, agus íde ar na fearaibh bochta 'gá rádh gur chóir
dóibh bás d'fhághail sul ar gheilleadar do dhream shalach
Bórach. Bhuail dream aca leis féin 'na dhiaidh súd.


L. 466


Bhuadhadar air agus rith sé uatha acht ma rith féin tháinig
fear fad-fhéasógach suas leis agus ghéill mo bhioránach go
mín.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services