Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Chum na nGaortha
Title
Tar Chum na nGaortha
Author(s)
Ua Duinnín, Pádruig S.,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TAR CHUM NA nGAORTHA Amhrán I. Tar chum na ngaortha i dtosach an lae ghlain, Tár chum na ngaortha n-aoibhinn; Bíonn fuithin na ngéag ann, as binneas gan traochadh, As gliogar ag féithibh síorraidhe. II. Bíonn siosma ag éanaibh i bhfochair a chéile, I gcuairtibh na spéire soillsighe; Bíonn duilleabhar gan bhéinn ann dá bhogadh le gaothaibh As lonnradh na gréine tríd sin. III. Is aoibhinn é pléireacht fá chrannaibh na gcraobh gcas, Ag uanaibh go réidh ag ríngceadh; As drúcht ar an bhféar ghlas ró-chumhra gan aon locht Ag tuitim ó néalaibh nimhe ann. IV. Bíonn lasradh na sléibhte le héirghe na gréine, Mar fhathaigh i n-éide coimheasgair, Go lonnrach, go h-aerach, 's an ceó dubh dá raobadh Ó mullach go fraoch a n-íochtar. V. Bíonn leóithne ag séideadh go momhadhrach trí spéir ghlain, Tar mongaibh, tar séidhibh, tar coilltibh, Ag fuirseadh 's ag pléireacht le solus na gréine Ag cur spionnadh as léim i gcroidhe ionnainn. VI. Is binn é an tréan-shruith ag sileadh gan faosamh Ó leacain an tsléibhe dá sgaoileadh, Trí chonnlach, trí fraoch ruadh, trí fhionnán geal neamhrach, As gach carraig le faobhar dá dhíbirt.
VII. Tar chum na ngaortha as suidhimis 'nár n-aonar Ar leabaidh don fhéar ghlas íseal; Ní'l duine 'san tsaoghal so ná tirimeóchadh a dhéara Le suaimhneas na spéire timcheall. VIII. Tar chum na ngaortha ar bhreacadh an lae ghil, Tar chum na ngaortha n-aoibhinn; Tar chum na ngaortha 's an chathair mhor séanam Air ghlaise na gcraobh 's na gcoillte. Pádruig S. Ua Duinnín
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services