Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Chum na nGaortha

Title
Tar Chum na nGaortha
Author(s)
Ua Duinnín, Pádruig S.,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



TAR CHUM NA nGAORTHA



Amhrán



I.
Tar chum na ngaortha i dtosach an lae ghlain,
Tár chum na ngaortha n-aoibhinn;
Bíonn fuithin na ngéag ann, as binneas gan traochadh,
As gliogar ag féithibh síorraidhe.



II.
Bíonn siosma ag éanaibh i bhfochair a chéile,
I gcuairtibh na spéire soillsighe;
Bíonn duilleabhar gan bhéinn ann dá bhogadh le gaothaibh
As lonnradh na gréine tríd sin.



III.
Is aoibhinn é pléireacht fá chrannaibh na gcraobh gcas,
Ag uanaibh go réidh ag ríngceadh;
As drúcht ar an bhféar ghlas ró-chumhra gan aon locht
Ag tuitim ó néalaibh nimhe ann.



IV.
Bíonn lasradh na sléibhte le héirghe na gréine,
Mar fhathaigh i n-éide coimheasgair,
Go lonnrach, go h-aerach, 's an ceó dubh dá raobadh
Ó mullach go fraoch a n-íochtar.



V.
Bíonn leóithne ag séideadh go momhadhrach trí spéir
ghlain,
Tar mongaibh, tar séidhibh, tar coilltibh,
Ag fuirseadh 's ag pléireacht le solus na gréine
Ag cur spionnadh as léim i gcroidhe ionnainn.



VI.
Is binn é an tréan-shruith ag sileadh gan faosamh
Ó leacain an tsléibhe dá sgaoileadh,
Trí chonnlach, trí fraoch ruadh, trí fhionnán geal neamhrach,
As gach carraig le faobhar dá dhíbirt.


L. 453


VII.
Tar chum na ngaortha as suidhimis 'nár n-aonar
Ar leabaidh don fhéar ghlas íseal;
Ní'l duine 'san tsaoghal so ná tirimeóchadh a dhéara
Le suaimhneas na spéire timcheall.



VIII.
Tar chum na ngaortha ar bhreacadh an lae ghil,
Tar chum na ngaortha n-aoibhinn;
Tar chum na ngaortha 's an chathair mhor séanam
Air ghlaise na gcraobh 's na gcoillte.



Pádruig S. Ua Duinnín

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services