Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cruinniughadh Cleas Lúith agus Rothaidheachta i n-Eanach Dúin, Co. na Gaillimhe
Title
Cruinniughadh Cleas Lúith agus Rothaidheachta i n-Eanach Dúin, Co. na Gaillimhe
Author(s)
Ó'Maoildhia, Séamus,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cruinniughadh Cleas Lúith agus Rothaidheachta i n-Eanach-Dúin,* Co. na Gaillimhe Bhí cruinniughadh mór Cleas lúith Geadhealach agus Roth- aidheachta i nÉanach-Dúin, Conndae na Gaillimhe, Dia Dómhnaigh, an séamhadh lá déug de Sheacht-mhí, agus chuaidh- eadar tré gach nidh go h-an-mhaith. Bhí an lá go breagh fionn-fhuar, gan aon bhrothall, agus d'á bhrigh sin, bhí sé fabharach go na daoinibh do thóg páirt ins na caitheadh- aimsearaibh. Ó thárla gurab ar an Dómhnach do thuit
do'n chruinniughadh bheith bhí mór-chuid daoine i láthair. Thángadar ann as gach áit i bhfuigseacht chúig mhíle - agus cuid aca deich míle, agus b'fhéidir tuilleadh - de'n áit, gan caint ar mhuinntir na paráiste féin. Bhí daoine ann as Gaillimh, Tuaim, Baile-Átha-'n-Ríogh, Áth'-cinn, Corra-finne, Magh-cuilinn, agus a lán d'áiteachaibh eile. Bhí buidhean ceóil ann as an mBóthar Beag, i nGaillimh, agus do sheinneadar go croidheamhail, meidhreach, i rith an lae, agus go deimhin, tuilleann siad buidheachas mhór fá bheith chomh cineálta agus teacht amach an lá sin, bealach chomh fada, le n-a gcongnamh do thabhairt dúinn. Thosaigh na comórtais ag timcheall an dó a chlog tráthnóna, agus bhidheadar ar bun suas go dtí timcheall an seacht. Bhí duaiseanna maithe le tabhairt do'n fhear is fearr, agus tháinig a lán comórtaidhe ann. Bhí comórtas rása-coise ann le h-aghaidh aos-óg fá cheithre bliadhna déug, gan dul amach thar an bparáiste agus trí chinéal de rásaibh-coise le h-aghaidh buachaill óg gan bhac ar aoinneach as aon cheárd d'Éirinn. Bhí ceithre cinn de rásaibh-rothair ann agus rása-asal; caitheadh meadhchan, leith-chéad agus dá chloich; léim árd, léim-fhada, agus cos-bacóid coiscéim agus léim. Acht tá a fhios agam, ar aon chor, a lucht na Gaedhilge, gur ab maith libh ná'r rinneadh dearmad ar theangaidh na hÉireann ag an gcruinniughadh so. Bhí Eoghan Ó Neachtain, Seaghán Ó Neachtain, Pádraig O'Fiachra, Aindrias Ua hEidirgeóil, Séamas O'Rideacháin, agus an Óig Anna Ní Róisteach, ó Chraoibh Chonnartha na Gaedhilge, i nGaillimh, ann agus bhidheadar sásta go maith. Gaedhilgeóiridhe do b'eadh Fuireann Gnótha an chruinnighthe uilig, agus Oide Gaedhilge do b'eadh an fear do bhí d'á mbrostughadh chum reatha, Seaghán Ó'Floinn, Sgoil Eanach-Dúin; agus d'fhuagair ceann de Rúnairidhíbh an chruinnighthe, Seaghán Ó'Muirghis, na comórtais amach de'n Stáitse i nGaedhilg ar dtús agus i mBéurla arís. Bhí Gaedhilg d'á labhairt ar feadh an lae go fairsing ag na sean-daoinibh agus ag na daoinibh meadhon-aosta, agus do bhí an t-urmhór de'n aos-óg i n-ann a labhairt go maith, mar an gcéadna, dá mba mhaith leó a dhéunadh, agus do chualaidh mé féin cuid aca d'á labhairt. Má thárluigheann a leithéid seo ann arís, le congnamh De, tabharfaimid aire go mbéidh áit cheannasach ag teangaidh ar sinnsir ag an gcruinniughadh, agus is dóigh go gcongbhóchar ar bun é feasta agus go mbéidh sé ag feabhas- ughadh gach bliadhain. Atáim cinnte go mbéidh áthas ar Bhallaibh Chon- nartha na Gaedhilge cloisteáil gurab mac do dhuine de na fearaibh tír-ghrádhacha do thionnsgain an Connradh ar dtús, .i. Séumas I. Ua Mhuirghis, Corra-an-dulla, Eanach-Dúin, an fear so d'fhuagair na comórtais amach i nGaedhilg ag an gcruinniughadh úd. Atá Gaedhilg mhaith aige, agus atá bród orainn go bhfuil sé ag leana- mhaint dúthchais a athar (go ndéunaidh Dia trócaire ar a anam). Ní'l sé sásta le luighead a ndearna sé ar son na teangan ar aon chor an lá sin, acht 'deir sé má bhidheann a leithéid ann arís gurab Gaedhilg bhéidheas ann uilig. Ní'lmid 'nar gcodladh ins an gceanntar so, a cháirde. Gidh go raibh droch-dhlighthe agus mídhaonnacht Shasana, agus déineas tighearna talamhan ag teacht anuas orainn, níor leigeamar teanga ar sinnsear chum báis. Tá teanga na h-Éireann d'á labhairt 'san áit seo go coitchionn gach lá 'sa tseachtmhain ag fearaibh agus mnáibh, agus sean agus ag óg. Tá smiochóid de'n teine beó i gCúige Chonnacht fós, agus mar 'dubhairt an "Craoibhín Aoibhinn" béidhmid "dá shéideadh a's dá shíor-shéideadh go lasfaidh sé i n-áird," agus go mbéidh teanga bhinn bhlásda ar máthar dá labhairt ar fud na cúigeadh - agus ar fud na h-Éireann go léir - i measg na gcnoc agus na ngleann; ar na sráideannaibh agus ar an margadh; cois na teine, agus amach de na h-altóiribh os cómhair an phobuil, mar do bhí sí ins na laethibh sona chuaidh thart. Tá súil agam nach ndéunfaidh lucht cruinnighthe Cleas lúith dearmad uirri feasta in aon cheard d'Éirinn. Séamus Ó'Maoildhia Cluain Bú, Druim Dreifín, Co. na Gaillimhe. * "Eanach-cuain" adeirtheas ag muinntir na h-áite
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services