Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cruinniughadh Cleas Lúith agus Rothaidheachta i n-Eanach Dúin, Co. na Gaillimhe

Title
Cruinniughadh Cleas Lúith agus Rothaidheachta i n-Eanach Dúin, Co. na Gaillimhe
Author(s)
Ó'Maoildhia, Séamus,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cruinniughadh Cleas Lúith agus Rothaidheachta
i n-Eanach-Dúin,* Co. na Gaillimhe



Bhí cruinniughadh mór Cleas lúith Geadhealach agus Roth-
aidheachta i nÉanach-Dúin, Conndae na Gaillimhe, Dia
Dómhnaigh, an séamhadh lá déug de Sheacht-mhí, agus chuaidh-
eadar tré gach nidh go h-an-mhaith. Bhí an lá go breagh
fionn-fhuar, gan aon bhrothall, agus d'á bhrigh sin, bhí sé
fabharach go na daoinibh do thóg páirt ins na caitheadh-
aimsearaibh. Ó thárla gurab ar an Dómhnach do thuit


L. 452


do'n chruinniughadh bheith bhí mór-chuid daoine i láthair.
Thángadar ann as gach áit i bhfuigseacht chúig mhíle - agus
cuid aca deich míle, agus b'fhéidir tuilleadh - de'n áit,
gan caint ar mhuinntir na paráiste féin. Bhí daoine
ann as Gaillimh, Tuaim, Baile-Átha-'n-Ríogh, Áth'-cinn,
Corra-finne, Magh-cuilinn, agus a lán d'áiteachaibh eile.
Bhí buidhean ceóil ann as an mBóthar Beag, i nGaillimh,
agus do sheinneadar go croidheamhail, meidhreach, i rith an
lae, agus go deimhin, tuilleann siad buidheachas mhór fá
bheith chomh cineálta agus teacht amach an lá sin, bealach
chomh fada, le n-a gcongnamh do thabhairt dúinn.



Thosaigh na comórtais ag timcheall an dó a chlog
tráthnóna, agus bhidheadar ar bun suas go dtí timcheall
an seacht. Bhí duaiseanna maithe le tabhairt do'n fhear
is fearr, agus tháinig a lán comórtaidhe ann.



Bhí comórtas rása-coise ann le h-aghaidh aos-óg fá
cheithre bliadhna déug, gan dul amach thar an bparáiste
agus trí chinéal de rásaibh-coise le h-aghaidh buachaill óg
gan bhac ar aoinneach as aon cheárd d'Éirinn. Bhí
ceithre cinn de rásaibh-rothair ann agus rása-asal; caitheadh
meadhchan, leith-chéad agus dá chloich; léim árd, léim-fhada,
agus cos-bacóid coiscéim agus léim.



Acht tá a fhios agam, ar aon chor, a lucht na Gaedhilge,
gur ab maith libh ná'r rinneadh dearmad ar theangaidh
na hÉireann ag an gcruinniughadh so. Bhí Eoghan
Ó Neachtain, Seaghán Ó Neachtain, Pádraig O'Fiachra,
Aindrias Ua hEidirgeóil, Séamas O'Rideacháin, agus
an Óig Anna Ní Róisteach, ó Chraoibh Chonnartha na
Gaedhilge, i nGaillimh, ann agus bhidheadar sásta go maith.



Gaedhilgeóiridhe do b'eadh Fuireann Gnótha an
chruinnighthe uilig, agus Oide Gaedhilge do b'eadh an
fear do bhí d'á mbrostughadh chum reatha, Seaghán
Ó'Floinn, Sgoil Eanach-Dúin; agus d'fhuagair ceann
de Rúnairidhíbh an chruinnighthe, Seaghán Ó'Muirghis,
na comórtais amach de'n Stáitse i nGaedhilg ar dtús
agus i mBéurla arís. Bhí Gaedhilg d'á labhairt ar feadh
an lae go fairsing ag na sean-daoinibh agus ag na daoinibh
meadhon-aosta, agus do bhí an t-urmhór de'n aos-óg i n-ann
a labhairt go maith, mar an gcéadna, dá mba mhaith leó
a dhéunadh, agus do chualaidh mé féin cuid aca d'á labhairt.



Má thárluigheann a leithéid seo ann arís, le congnamh
De, tabharfaimid aire go mbéidh áit cheannasach ag
teangaidh ar sinnsir ag an gcruinniughadh, agus is dóigh go
gcongbhóchar ar bun é feasta agus go mbéidh sé ag feabhas-
ughadh gach bliadhain.



Atáim cinnte go mbéidh áthas ar Bhallaibh Chon-
nartha na Gaedhilge cloisteáil gurab mac do dhuine de
na fearaibh tír-ghrádhacha do thionnsgain an Connradh ar
dtús, .i. Séumas I. Ua Mhuirghis, Corra-an-dulla,
Eanach-Dúin, an fear so d'fhuagair na comórtais amach
i nGaedhilg ag an gcruinniughadh úd. Atá Gaedhilg
mhaith aige, agus atá bród orainn go bhfuil sé ag leana-
mhaint dúthchais a athar (go ndéunaidh Dia trócaire ar
a anam). Ní'l sé sásta le luighead a ndearna sé ar
son na teangan ar aon chor an lá sin, acht 'deir sé má
bhidheann a leithéid ann arís gurab Gaedhilg bhéidheas
ann uilig.



Ní'lmid 'nar gcodladh ins an gceanntar so, a cháirde.
Gidh go raibh droch-dhlighthe agus mídhaonnacht Shasana, agus
déineas tighearna talamhan ag teacht anuas orainn,
níor leigeamar teanga ar sinnsear chum báis. Tá
teanga na h-Éireann d'á labhairt 'san áit seo go
coitchionn gach lá 'sa tseachtmhain ag fearaibh agus mnáibh,
agus sean agus ag óg. Tá smiochóid de'n teine beó i
gCúige Chonnacht fós, agus mar 'dubhairt an "Craoibhín
Aoibhinn" béidhmid "dá shéideadh a's dá shíor-shéideadh
go lasfaidh sé i n-áird," agus go mbéidh teanga bhinn
bhlásda ar máthar dá labhairt ar fud na cúigeadh - agus ar
fud na h-Éireann go léir - i measg na gcnoc agus na
ngleann; ar na sráideannaibh agus ar an margadh; cois
na teine, agus amach de na h-altóiribh os cómhair an
phobuil, mar do bhí sí ins na laethibh sona chuaidh thart.
Tá súil agam nach ndéunfaidh lucht cruinnighthe Cleas
lúith dearmad uirri feasta in aon cheard d'Éirinn.



Séamus Ó'Maoildhia



Cluain Bú, Druim Dreifín,
Co. na Gaillimhe.



* "Eanach-cuain" adeirtheas ag muinntir na h-áite

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services