Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire
Title
Éire
Author(s)
Pilib a' Chleite,
Pen Name
Pilib a' Chleite
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Támaoid go léir ag féachaint tar lear le tamall maith anois ag lorg sgeal nuadh ón Afric theas agus ón tSín leis acht is dócha go mbeidh a mhalairt de chúram orainn anois ar feadh chúpla seachtmhaine eile. Tá sé fógartha go mbeidh an Togha Coitcheann againn láithreach buíll agus do réir dheallramh raghaidh na Tories isteach arís níos treise ná chuadar ríamh. Táid síad 'á mhaoidheamh go bhfuil an-obair déanta aca le bliadhain agus go bhfuil siad ag méadughadh is ag neartughadh an Impireacht agus go bhfuil an ruagadh curtha ar Phól sa deireadh. Tá foth- dhuine aca ag admháil go bhfuil mórán caillthe leis an obair so, acht nách fiú biorán is é seachas a bhfuil buaidhte aca. Maidir le daoine clisde ciallmhara mar iad, is furas muintir Shasana do mhealladh le caint mar í seo, agus go mór ó tá an aicíd sin buile-chogaidh ag cur ortha. I dtaobh na Liberals níl aon brígh leo ó sgar Gladstón leo agus tá gach aon deallramh ná beidh siad chómh tréan is do bhíodar go fóill arís. 'Sé mo thuairim láidir gur cum dhúinn-ne cia 'ca taobh aca bheidh mar Riaghalthóirí orainn. Comh-ghaol cómh-báidh atá aca linn. Cad é an sgéal againn i nÉirinn é? D'fhéadfadh sé bheith níos measa, agus na thaobh sin ní misde dho bheith níos feárr. Níl amhras ná go bhfuil réiteacht mhór déanta eadrainn le leath-bhliadhain seachas mar a bhí. Tá daoine ag seasamh guala le gualainn ar aon cárthán amháin anois ná labharfadh le chéile roimhe seo, no má labharfadh ní h-aon chaint fóghanta do thiocfadh asda. Ní ná go bhfuil cuid aca chómh canncrach clamparach is do-bhíodar ríamh. Tá Seághan Réamonn ag tabhairt iarracht mhaith ar iad a thabhairt le chéile agus is maith chuige é. Go n-éirighidh an t-ádh leis is í ár nguidhe óir an oiread is tá idir lámhaibh aige, níl sé ag dearmhad ár dteanga dhúthchais, agus go deimhin is go dearbhtha tá cuid mhaith d'ár bhfeisirí (eadrainn féin) gur lag is gur leamh leo trácht ar chúis na Gaedhilge. Día linn ó sé fheadfaidh. Is mí-fhortúnach an saoghal é. Níl aon lá ná fuil cinneamhain no tiubaist éigin níos measa ná a chéile ag tuitim amach. Bhí beirt buachaillí aimsire ag feirmeoir i n-aice cathair Luimnigh agus isd oidhche lá fé dheireadh chuadar a gcodhladh slán folláin, agus slán beo mar n-innseadar é ar maidin lá'r na bhárach nuair a chuaidh fear an tigh isteach 'san sgioból 'na rabhadar na gcodhladh cad do bheadh ná iad araon agus a sgórnaigh geárrtha. Bhí duine aca marbh agus fear eile i n-uchtaibh báis. Fuaradh rásúr ins an sgioból agus tá tuairim gur leis sin do rinneadh an gníomh. Dúbhairt an buachaill d' mhair gur dúisigheadh as a chodhladh é le neart pían 'na sgórnaigh agus go bhfeacha sé fear ag gabháil amach an doras agus le na linn sin gur chiall sé a mheamhair agus ná raibh a thuilleadh tuairisg aige le tabhairt uaidh. Níl aon-ne gabhtha fós mar gheall air, gídh go bhfuil na Connstáblaí ar a lán-ndíchill ag cuardach na dúthaighe mór dtimcheall na h-áite. Do chuir Connstábla i mBaile Átha Cliath deireadh le na bheathaidh féin an lá fé dheireadh. Tá sgéal greann- mhar aca annsin leis. Fuaradh cailín báidhte 'san abhainn Dodder agus tá Connstábla gabhtha mar gheall air. Deirtear gurb amhlaidh a bhí na Connstáblaí so faillig- theach i dtaobh a ngnó le deidheanaighe agus go raibh eagla ar an bhfear so do mhairbh é féin go dtiocfadh sé go léir amach leis an mion-sgrúdughadh. Seárgeant do b'éadh é. Iompuigheadh bád na raibh mórsheisear i gcuan loch- gCarmán an lá fé dheireadh agus báidheadh an uile ceann aca. Is mór an iongnadh ná imthigheann a thuilleadh mar seo, oir téidheann daoine neamh-eolgach go minic i n-uisge doimhin le bádanna beaga ná mbíonn tuir- teamhail a ndóthain i n-aghaidh an ghairbhshin. Pilib a' Chleite
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services