Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire

Title
Éire
Author(s)
Pilib a' Chleite,
Pen Name
Pilib a' Chleite
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Támaoid go léir ag féachaint tar lear le tamall
maith anois ag lorg sgeal nuadh ón Afric theas agus ón tSín
leis acht is dócha go mbeidh a mhalairt de chúram orainn
anois ar feadh chúpla seachtmhaine eile. Tá sé fógartha
go mbeidh an Togha Coitcheann againn láithreach buíll agus
do réir dheallramh raghaidh na Tories isteach arís níos
treise ná chuadar ríamh. Táid síad 'á mhaoidheamh go
bhfuil an-obair déanta aca le bliadhain agus go bhfuil siad
ag méadughadh is ag neartughadh an Impireacht agus go
bhfuil an ruagadh curtha ar Phól sa deireadh. Tá foth-
dhuine aca ag admháil go bhfuil mórán caillthe leis an
obair so, acht nách fiú biorán is é seachas a bhfuil
buaidhte aca. Maidir le daoine clisde ciallmhara mar
iad, is furas muintir Shasana do mhealladh le caint
mar í seo, agus go mór ó tá an aicíd sin buile-chogaidh ag
cur ortha. I dtaobh na Liberals níl aon brígh leo ó
sgar Gladstón leo agus tá gach aon deallramh ná beidh
siad chómh tréan is do bhíodar go fóill arís. 'Sé mo
thuairim láidir gur cum dhúinn-ne cia 'ca taobh aca
bheidh mar Riaghalthóirí orainn. Comh-ghaol cómh-báidh
atá aca linn. Cad é an sgéal againn i nÉirinn é?
D'fhéadfadh sé bheith níos measa, agus na thaobh sin ní misde
dho bheith níos feárr. Níl amhras ná go bhfuil réiteacht
mhór déanta eadrainn le leath-bhliadhain seachas mar a
bhí. Tá daoine ag seasamh guala le gualainn ar aon
cárthán amháin anois ná labharfadh le chéile roimhe seo, no
má labharfadh ní h-aon chaint fóghanta do thiocfadh asda.
Ní ná go bhfuil cuid aca chómh canncrach clamparach
is do-bhíodar ríamh. Tá Seághan Réamonn ag tabhairt
iarracht mhaith ar iad a thabhairt le chéile agus is maith chuige
é. Go n-éirighidh an t-ádh leis is í ár nguidhe óir an
oiread is tá idir lámhaibh aige, níl sé ag dearmhad ár
dteanga dhúthchais, agus go deimhin is go dearbhtha tá cuid
mhaith d'ár bhfeisirí (eadrainn féin) gur lag is gur
leamh leo trácht ar chúis na Gaedhilge.



Día linn ó sé fheadfaidh. Is mí-fhortúnach an saoghal
é. Níl aon lá ná fuil cinneamhain no tiubaist éigin
níos measa ná a chéile ag tuitim amach. Bhí beirt
buachaillí aimsire ag feirmeoir i n-aice cathair Luimnigh
agus isd oidhche lá fé dheireadh chuadar a gcodhladh slán
folláin, agus slán beo mar n-innseadar é ar maidin lá'r
na bhárach nuair a chuaidh fear an tigh isteach 'san sgioból
'na rabhadar na gcodhladh cad do bheadh ná iad araon
agus a sgórnaigh geárrtha. Bhí duine aca marbh agus fear
eile i n-uchtaibh báis. Fuaradh rásúr ins an sgioból agus
tá tuairim gur leis sin do rinneadh an gníomh. Dúbhairt
an buachaill d' mhair gur dúisigheadh as a chodhladh é le
neart pían 'na sgórnaigh agus go bhfeacha sé fear ag
gabháil amach an doras agus le na linn sin gur chiall sé a
mheamhair agus ná raibh a thuilleadh tuairisg aige le tabhairt
uaidh. Níl aon-ne gabhtha fós mar gheall air, gídh go
bhfuil na Connstáblaí ar a lán-ndíchill ag cuardach na
dúthaighe mór dtimcheall na h-áite.



Do chuir Connstábla i mBaile Átha Cliath deireadh le
na bheathaidh féin an lá fé dheireadh. Tá sgéal greann-
mhar aca annsin leis. Fuaradh cailín báidhte 'san
abhainn Dodder agus tá Connstábla gabhtha mar gheall air.
Deirtear gurb amhlaidh a bhí na Connstáblaí so faillig-
theach i dtaobh a ngnó le deidheanaighe agus go raibh eagla
ar an bhfear so do mhairbh é féin go dtiocfadh sé go
léir amach leis an mion-sgrúdughadh. Seárgeant do
b'éadh é.



Iompuigheadh bád na raibh mórsheisear i gcuan loch-
gCarmán an lá fé dheireadh agus báidheadh an uile ceann
aca. Is mór an iongnadh ná imthigheann a thuilleadh
mar seo, oir téidheann daoine neamh-eolgach go minic
i n-uisge doimhin le bádanna beaga ná mbíonn tuir-
teamhail a ndóthain i n-aghaidh an ghairbhshin.



Pilib a' Chleite

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services