Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear I bhfad uainn an tolc, ba uathbhasach an gála gaoithe é siúd do bhuail Galbheston i nAmericá. Baile mór, breágh, saidhbhir do b'eadh é siúd acht is beag tigh atá 'na sheasamh ann anois. Áit folláin is eadh an baile- phoirt seo agus bhí daoine saidhbhre 'na gcómhnuidhe ann agus tighthe áilne aca, acht ní fhuil ins na tighthibh seo indiu acht fotharacha gan slinn gan ceann. Thiomáin an ghaoth mhór an tsáile isteach ar na sráidibh, agus do réir tuairisge fírinneach Mhac Cibben atá mar cheann ar an gceanntar marbhuigheadh agus báitheadh suas le dhá mhíle duine. Bhí an sgéal sain truaghmhéileach go leór, acht d'á bhfeicfeá an tuairisg éithigh do thug páipéir an Bhéarla ar an dtionóisg do chuirfeadh sé truagh croidhe ort, mar, dar leo súd, do marbhuigheadh chúig míle dhéag duine agus do b'éigean na cuirp do losgadh ar lár na sráide mar nách raibh fir chum sluasad chré do chaitheamh ortha. Tá taithighe againn anois le fada ar bhréagaibh na bpáipéar mBéarla. Tá mórán saidbhris i nAmericá acht is cruaidh do thuilltear é. Cloisim go bhfuil mianachóiri an ghuail thall ag iarraidh a thuilleadh tuarasdail agus gur eitigh na máighistrí iad, agus d'á dheasgaibh sin beidh obadh nó cosg oibre ann. Ní dóich liom go ngoillfidh an méid sin ar ár nduine muinteardha Seaghan Buidhe mar tá an tAmericánach 'gá fhásgadh as mhargaidhibh an domhain. Tá sé thall i bPáris 'sa bhFrainc ag teasbánadh a chuid earraidhe ar Aonach na gCríoch. Bhí Seaghán i n-uraidh ar tí teasbánadh mór do bheith aige annsúd acht tá droch-aigne aige do'n Fhrainc agus éad air léi agus d'fhan sé 'sa bhaile le súil go ndéanfadh na Críocha eile an rud céadna. Chuir Seaghan an butún air féin leis an droch-aigne sin. "Cá bhfuil Sasana?" deir fear éigin, "shíleas go raibh mórán déantúsaidhe ag an tír sin. Ní fheicim annso i naon chor í." "Sasana!" deir an tAmericánach, "is dóich, sean thír lobhtha is eadh í sin, ní fhuil pioc aici le teasbáint. Féach ar na húir- lisí seo annso agamsa." Deir an Gearmánach an rud céadna agus tá a rian air tá an bheirt úd ag díolachán go tiugh, agus tá gruaim ar Sheaghán agus brón air ná'r theasbáin sé a thuilleadh d'á chuid earraidhe ar Aonach na gCríoch. Focal maith Gaedhilge is eadh "boicott". Do chuma- mar féin thiar i gConacht é agus do leigeamar do'n tSasanach é ghoid uainn. Tá an focal so 'sa bhFraincis leis. "Shílidh Seaghan go mboicotálfadh sé sinne," deir an Francach, "acht i nionad sain loit sé é féin, mar do theasbáin cuid de na Sasanaigh a gcuid earraidhe ar Aonach na gCríoch acht tá an iomad eile aca d'fhan 'sa bhaile mar olc orainn-ne dar leo, agus chonach sain ortha, is dóich leis an saoghal nách bhfuil puinn le teasbáint aca." Sin é díreach mar tá an sgéal. Má bheidheas ba seasga agat le díol, congaibh 'sa bhaile iad mar olc ar an aonach. Tá Pól ar tí teacht do'n Fhrainc. D'fhág sé an Transbhaal an tseachtmhain seo ghabh thart agus deirthear go bhfuil sé ar a shlighe chum na hEórpa i gcómhair congnaimh d'iarraidh ar an Fhrainc agus an Ghearmáin. Ceapaim go mbeidh a chuaird i n-aisdear - sé sin ná gheobhaidh sé congnamh uatha. Is dóich le Seaghan ná fillfidh Pól ar nais go deo arís agus bhiadh sé béal-gháireach 'na thaobh sain muna mbiadh go bhfuil sé as a chéill le cangcar toisg nách bhfuil sé maoidheamh ag Robertsín go bhfuil greim aige ar Phól. D'á mbiadh sé 'na gcumas breith ar an tsean laoch ní bheidís sásta gan é thabhairt go Lúnduin i gcás bheith ag magadh fé annsúd. Deirthear gur thug sé óráid mhór do na Bórachaibh ar mullach cnoic sul ar fhág sé iad, 'gá ngríosadh chum troda, agus 'gá rádh leo misneach maith do bheith ortha. D'innis sé dhóibh go raibh Seaghan go buacach agus go péacach bliadhain an taca so agus súil aige go mbiadh na Boraigh go léir marbh aige i gceann mí, acht féach anois, adeir an sean leomhain, throideamar leis ar feadh bliadhna agus ní bhfuilimíd buailte fós buidheachas le Dia, gidh go raibh fiche fear aige sean i n-aghaidh gach duine againn, acht má bhí féin is beag duine aca nách bhfuil gearba agus cneádha air agus fuil-allus thre gach cuisle leis, agus na mílte eile aca ag tabhairt an fhéir. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services