Cúrsaidhe an tSaoghail
Tar Lear
I bhfad uainn an tolc, ba uathbhasach an gála gaoithe
é siúd do bhuail Galbheston i nAmericá. Baile mór,
breágh, saidhbhir do b'eadh é siúd acht is beag tigh atá
'na sheasamh ann anois. Áit folláin is eadh an baile-
phoirt seo agus bhí daoine saidhbhre 'na gcómhnuidhe ann agus
tighthe áilne aca, acht ní fhuil ins na tighthibh seo indiu
acht fotharacha gan slinn gan ceann. Thiomáin an ghaoth
mhór an tsáile isteach ar na sráidibh, agus do réir
tuairisge fírinneach Mhac Cibben atá mar cheann ar
an gceanntar marbhuigheadh agus báitheadh suas le dhá
mhíle duine. Bhí an sgéal sain truaghmhéileach go leór,
acht d'á bhfeicfeá an tuairisg éithigh do thug páipéir an
Bhéarla ar an dtionóisg do chuirfeadh sé truagh croidhe
ort, mar, dar leo súd, do marbhuigheadh chúig míle
dhéag duine agus do b'éigean na cuirp do losgadh ar lár
na sráide mar nách raibh fir chum sluasad chré do
chaitheamh ortha. Tá taithighe againn anois le fada ar
bhréagaibh na bpáipéar mBéarla.
Tá mórán saidbhris i nAmericá acht is cruaidh do
thuilltear é. Cloisim go bhfuil mianachóiri an ghuail
thall ag iarraidh a thuilleadh tuarasdail agus gur eitigh
na máighistrí iad, agus d'á dheasgaibh sin beidh obadh nó
cosg oibre ann. Ní dóich liom go ngoillfidh an méid
sin ar ár nduine muinteardha Seaghan Buidhe mar tá
an tAmericánach 'gá fhásgadh as mhargaidhibh an domhain.
Tá sé thall i bPáris 'sa bhFrainc ag teasbánadh a chuid
earraidhe ar Aonach na gCríoch. Bhí Seaghán i n-uraidh
ar tí teasbánadh mór do bheith aige annsúd acht tá
droch-aigne aige do'n Fhrainc agus éad air léi agus d'fhan sé
'sa bhaile le súil go ndéanfadh na Críocha eile an rud
céadna. Chuir Seaghan an butún air féin leis an
droch-aigne sin. "Cá bhfuil Sasana?" deir fear
éigin, "shíleas go raibh mórán déantúsaidhe ag an tír
sin. Ní fheicim annso i naon chor í." "Sasana!"
deir an tAmericánach, "is dóich, sean thír lobhtha is eadh
í sin, ní fhuil pioc aici le teasbáint. Féach ar na húir-
lisí seo annso agamsa." Deir an Gearmánach an rud
céadna agus tá a rian air tá an bheirt úd ag díolachán
go tiugh, agus tá gruaim ar Sheaghán agus brón air ná'r
theasbáin sé a thuilleadh d'á chuid earraidhe ar Aonach
na gCríoch.
Focal maith Gaedhilge is eadh "boicott". Do chuma-
mar féin thiar i gConacht é agus do leigeamar do'n tSasanach
é ghoid uainn. Tá an focal so 'sa bhFraincis leis.
"Shílidh Seaghan go mboicotálfadh sé sinne," deir an
Francach, "acht i nionad sain loit sé é féin, mar do
theasbáin cuid de na Sasanaigh a gcuid earraidhe ar
Aonach na gCríoch acht tá an iomad eile aca d'fhan 'sa
bhaile mar olc orainn-ne dar leo, agus chonach sain ortha, is
dóich leis an saoghal nách bhfuil puinn le teasbáint aca."
Sin é díreach mar tá an sgéal. Má bheidheas ba seasga
agat le díol, congaibh 'sa bhaile iad mar olc ar an
aonach.
Tá Pól ar tí teacht do'n Fhrainc. D'fhág sé an
Transbhaal an tseachtmhain seo ghabh thart agus deirthear
go bhfuil sé ar a shlighe chum na hEórpa i gcómhair
congnaimh d'iarraidh ar an Fhrainc agus an Ghearmáin.
Ceapaim go mbeidh a chuaird i n-aisdear - sé sin ná
gheobhaidh sé congnamh uatha. Is dóich le Seaghan ná
fillfidh Pól ar nais go deo arís agus bhiadh sé béal-gháireach
'na thaobh sain muna mbiadh go bhfuil sé as a chéill le
cangcar toisg nách bhfuil sé maoidheamh ag Robertsín
go bhfuil greim aige ar Phól. D'á mbiadh sé 'na gcumas
breith ar an tsean laoch ní bheidís sásta gan é thabhairt
go Lúnduin i gcás bheith ag magadh fé annsúd. Deirthear
gur thug sé óráid mhór do na Bórachaibh ar mullach
cnoic sul ar fhág sé iad, 'gá ngríosadh chum troda, agus
'gá rádh leo misneach maith do bheith ortha. D'innis sé
dhóibh go raibh Seaghan go buacach agus go péacach bliadhain
an taca so agus súil aige go mbiadh na Boraigh go léir
marbh aige i gceann mí, acht féach anois, adeir an sean
leomhain, throideamar leis ar feadh bliadhna agus ní
bhfuilimíd buailte fós buidheachas le Dia, gidh go raibh
fiche fear aige sean i n-aghaidh gach duine againn, acht má
bhí féin is beag duine aca nách bhfuil gearba agus cneádha
air agus fuil-allus thre gach cuisle leis, agus na mílte eile
aca ag tabhairt an fhéir.
Conán Maol
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11