Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Smaointe ar Chonnachtaibh
Title
Smaointe ar Chonnachtaibh
Author(s)
Beanna Beóla,
Pen Name
Beanna Beóla
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Smaointe ar Chonnachtaibh 'Seo sláinte gheal do Chonnacht shiar 'Nar díbreadh laochra breágh ar dtír, Do chongbhaigh suas an sean throid fíor Le lámhaibh láidre-crodha. "Go Connacht nó go háit níos teo," Dubhairt sgriosadóir a dtíre leo Ghlac siad-san Gaillimh agus Muigheo Fuair seisean an dara rógha! Tá fhios againn gur chaith Croimell droch-mheas ar Chonnacht, agus is minic ó'n am sin do caitheadh droch-mheas uirre le daoinibh budh ghaolmhara dhúinn 'ná Croimell; acht, gan chead de Chroimell agus de'n dream a leanas é, tig linn a mhaoidheamh nach bhfuil ameasg Cúigeadh n-a nÉireann go léir aon cheann a bhéarfadh an bárr ar an gcúige seo. Ní raibh ariamh, agus ní bhéidh go bráth, cúige ná críoch a thóig laochra budh thréine, gaisgidheacha budh chalma, fir budh neartmhara, mná budh sláchtmhara, daoine budh ghrádhmhala, 'ná ar gcúige dúthchais féin. Bhí'n fhéile agus an fhlaitheamhlacht i gcomhnuidhe ag rith le muintir Connachta; bhíodh biadh ag an ocrach le fághail uatha, dídean ag an dteithmheach, déirc ag an mbochtán, aoidheacht ag an deóraidhe. Bhíodh siamsa agus greann agus caitheamh-aimsire 'n-a measg - abhráin agus fiannuigheacht agus filidheacht nach gcluinfidhe i n-aon cheard eile d'Éirinn. Acht is ar Chonnacht roimh an droch shaoghal - roimh bhliadhain an ghorta mhóir - atáim ag trácht anois; ar Chonnacht fhail fhairsing ghrádhmhar Ghaedhealach nuair do bhí an cuige seo go léir, ó'n tSionnainn do'n Iar-Mhuir, faoi thorrthamhlacht agus faoi bhláth le saothar na ndaoineadh, ar ndóthain agus fuighleach beatha dá'r gcuid féin againn, agus sinn luath láidir ligthe sgafánta croidheamhail meis- neamhail ag teacht suas ar an mbeatha so. Ní raibh aon trácht ar lionn an Ghuinneasaigh, ar phlúr America, ar tae Síne, ná ar chiomachaibh Shasanna ins na laethibh ud; ní raibh inntinn ar gcuid ban tógtha suas le rothuigheacht agus le Galldacht; agus ní raibh ar n-aos- og go síor ag sgreaduigheal le tinneas fiacal mar atáid le linn an tae agus an Sacs-bhéarla. Ní rabhamar, mar atámuid anois, ag caitheamh amach ar gcuid airgid 'n-a mhilliúnaibh púnt 'sa mbliadhain ar nidhthibh suaracha neamh-thairbheacha ag tabhairt oibre agus saothrughadh do'n choigcrigheach agus ag faghbháil ar muintear féin a mbocht- aineacht a leathtrom agus a leun. Timcheall trí fichid bliadhan ó shoin bhí milliún go leith daoineadh áitighthe ins an gcúige seo. Bhí an talamh roinnte amach i n-a ngabhaltasaibh beaga idir tionóntuighthibh, a ghabhaltas féin ag gach duine. Bhíodh cimín isteach le gach gabhaltas agus ar an gcimín seo d'fhéidfidhe cupla bó agus sgata caorach do thógbhail; budh iad so cnáimh-droma an fhir bhoicht. Shaothruigheadar na criadhairidhe an talamh, thiormuigheadh na bogaighe, réidhtigheadar na dréas-choillte, threabhadar go barraibh na gcnoc. Bhí obair aca gach lá 'sa mbliadhain, obair ó mhaidin go faoi, acht obair fholláin nádurdha - obair mar d'orduigh Dia dhár gcéad ceap-sinnsir i nGáirdín Phárrathais. Má bhí na fir ag obair ní raibh na mná 'n-a gcomhnuíghe. Bhí an túirne lín agus an túirne olla ins gach uile theach, agus sníomhachán agus cárdáil cniotáil agus fuaghail agus níoghchán ar siubhal aca ar a míle dícheall. Bhí locht ceirde agus ealadhan leathnuighthe i nar measg; an gréasaidhe le n-a mhéanadh, an figheadóir le n-a spól, an táiliúr le n-a shnáthaid, an gabha le n-a chasúr, agus (ní cóir dearmad do dhéanamh dhe) an píobaire le n-a chuid ceóil. Acht atá athrughadh mhór, agus faraor athrughadh donais, ar Chonnacht ó'n am soin. Tá'n milliún go leith daoineadh anois síos go leath, an chuid eile díbeartha nó ins an gcré; tá na gabhaltais bheaga tógtha uatha agus na tighthe leagtha go talamh; tá na teinnte múchta agus na teinnteáin fuar; tá driseacha agus fíadháile ag fás i náit na n-ithreach, beithidhigh againn i leabaidh n-a ndaoineadh, agus Seóinínidhe i n-ionad n-a dtreunfhear - seóinínidhe gan mhaith gan mhaoin, gan chroidhe gan spioraid - truagháin bhochta ta líonta suas le Galldacht agus le focal a bhfuil a dteanga séanta aca agus a gcineadh acht díolta. Beanna Beóla
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services