Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Smaointe ar Chonnachtaibh

Title
Smaointe ar Chonnachtaibh
Author(s)
Beanna Beóla,
Pen Name
Beanna Beóla
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Smaointe ar Chonnachtaibh



'Seo sláinte gheal do Chonnacht shiar
'Nar díbreadh laochra breágh ar dtír,
Do chongbhaigh suas an sean throid fíor
Le lámhaibh láidre-crodha.
"Go Connacht nó go háit níos teo,"
Dubhairt sgriosadóir a dtíre leo
Ghlac siad-san Gaillimh agus Muigheo
Fuair seisean an dara rógha!



Tá fhios againn gur chaith Croimell droch-mheas ar
Chonnacht, agus is minic ó'n am sin do caitheadh droch-mheas
uirre le daoinibh budh ghaolmhara dhúinn 'ná Croimell;
acht, gan chead de Chroimell agus de'n dream a leanas é,
tig linn a mhaoidheamh nach bhfuil ameasg Cúigeadh n-a
nÉireann go léir aon cheann a bhéarfadh an bárr ar an
gcúige seo. Ní raibh ariamh, agus ní bhéidh go bráth, cúige
ná críoch a thóig laochra budh thréine, gaisgidheacha budh
chalma, fir budh neartmhara, mná budh sláchtmhara,
daoine budh ghrádhmhala, 'ná ar gcúige dúthchais féin.
Bhí'n fhéile agus an fhlaitheamhlacht i gcomhnuidhe ag rith le
muintir Connachta; bhíodh biadh ag an ocrach le fághail
uatha, dídean ag an dteithmheach, déirc ag an mbochtán,
aoidheacht ag an deóraidhe. Bhíodh siamsa agus greann agus
caitheamh-aimsire 'n-a measg - abhráin agus fiannuigheacht agus
filidheacht nach gcluinfidhe i n-aon cheard eile d'Éirinn.



Acht is ar Chonnacht roimh an droch shaoghal - roimh
bhliadhain an ghorta mhóir - atáim ag trácht anois; ar
Chonnacht fhail fhairsing ghrádhmhar Ghaedhealach nuair do
bhí an cuige seo go léir, ó'n tSionnainn do'n Iar-Mhuir,
faoi thorrthamhlacht agus faoi bhláth le saothar na ndaoineadh,
ar ndóthain agus fuighleach beatha dá'r gcuid féin againn,
agus sinn luath láidir ligthe sgafánta croidheamhail meis-
neamhail ag teacht suas ar an mbeatha so.



Ní raibh aon trácht ar lionn an Ghuinneasaigh, ar
phlúr America, ar tae Síne, ná ar chiomachaibh Shasanna
ins na laethibh ud; ní raibh inntinn ar gcuid ban tógtha
suas le rothuigheacht agus le Galldacht; agus ní raibh ar n-aos-
og go síor ag sgreaduigheal le tinneas fiacal mar
atáid le linn an tae agus an Sacs-bhéarla. Ní rabhamar,
mar atámuid anois, ag caitheamh amach ar gcuid airgid
'n-a mhilliúnaibh púnt 'sa mbliadhain ar nidhthibh suaracha
neamh-thairbheacha ag tabhairt oibre agus saothrughadh do'n
choigcrigheach agus ag faghbháil ar muintear féin a mbocht-
aineacht a leathtrom agus a leun.



Timcheall trí fichid bliadhan ó shoin bhí milliún go
leith daoineadh áitighthe ins an gcúige seo. Bhí an
talamh roinnte amach i n-a ngabhaltasaibh beaga idir
tionóntuighthibh, a ghabhaltas féin ag gach duine. Bhíodh
cimín isteach le gach gabhaltas agus ar an gcimín seo
d'fhéidfidhe cupla bó agus sgata caorach do thógbhail; budh
iad so cnáimh-droma an fhir bhoicht. Shaothruigheadar na
criadhairidhe an talamh, thiormuigheadh na bogaighe,
réidhtigheadar na dréas-choillte, threabhadar go barraibh
na gcnoc. Bhí obair aca gach lá 'sa mbliadhain, obair
ó mhaidin go faoi, acht obair fholláin nádurdha - obair
mar d'orduigh Dia dhár gcéad ceap-sinnsir i nGáirdín
Phárrathais. Má bhí na fir ag obair ní raibh na mná
'n-a gcomhnuíghe. Bhí an túirne lín agus an túirne olla
ins gach uile theach, agus sníomhachán agus cárdáil cniotáil agus
fuaghail agus níoghchán ar siubhal aca ar a míle dícheall.
Bhí locht ceirde agus ealadhan leathnuighthe i nar measg;
an gréasaidhe le n-a mhéanadh, an figheadóir le n-a
spól, an táiliúr le n-a shnáthaid, an gabha le n-a chasúr,
agus (ní cóir dearmad do dhéanamh dhe) an píobaire le n-a
chuid ceóil.



Acht atá athrughadh mhór, agus faraor athrughadh donais,
ar Chonnacht ó'n am soin. Tá'n milliún go leith
daoineadh anois síos go leath, an chuid eile díbeartha
nó ins an gcré; tá na gabhaltais bheaga tógtha uatha
agus na tighthe leagtha go talamh; tá na teinnte múchta
agus na teinnteáin fuar; tá driseacha agus fíadháile ag fás
i náit na n-ithreach, beithidhigh againn i leabaidh n-a
ndaoineadh, agus Seóinínidhe i n-ionad n-a dtreunfhear -
seóinínidhe gan mhaith gan mhaoin, gan chroidhe gan
spioraid - truagháin bhochta ta líonta suas le Galldacht
agus le focal a bhfuil a dteanga séanta aca agus a gcineadh
acht díolta.



Beanna Beóla

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services