Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuairt an Dochtúra Ua h-Iceadha ar Inismeadhon
Title
Cuairt an Dochtúra Ua h-Iceadha ar Inismeadhon
Author(s)
An Rúnaire,
Pen Name
An Rúnaire
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cuairt an Dochtúra Ua h-Iceadha ar Inismeadhon Ar Lughnasa 22 chuir an Dochtúir Oirmhnidhneach Mícheál Ó hIceadha críoch ar a chuairt ar an oileán so. Bhí sé ann le breis is dhá mhí agus ar feadh an tachair sin rinne sé obair mhór ar son na Gaedhilge. Ní raibh aon Domhnach ó tháinic sé nach dtug sé seanmóir breágh Gaedhilge uaidh agus thaithnigh a chuid cainte go mór leis an bpobal, agus gach uile Dhomhnach freisin fad is bhí sé ar an oileán bhíodh óráid aige ag gach cruinniughadh de Chonnradh na Gaedhilge acht dhá Dhomhnach a ndeachaidh sé go hInisiar leis na daoinibh san oileán thoir do bhrosdughadh i dtaobh na Gaedhilge. Chomh luath is tháinic sé go hInismeadhon thosuigh sé le Feis Árann a chur i gcomhair. Tharraing sé Clár oibre na feise amach i nGaedhilg agus clodhbhuaileadh é san gClaidheamh Soluis. Bhí cead ag muintir na dtrí oileán dul i gcomórtas. Is ar Inismeadhon ceapadh an fheis a chur ar siubhal mar tá sé lárach idir an dá oileán eile. Tháinic go leór daoine as Inisiar le dul i gcomórtas agus bhí cuid aca go ríogh-mhaith freisin. Is fiú anam do chur ar Phádraig Séoidheach agus Mícheál Ua Meachair ar fheabhas is chuireadar Gaedhilg uatha. Ní raibh mórán daoine as Árainn Mhór ar an bhfeis. Bhí an lá roinnt garbh agus an bealach níos faide ná idir an dá oileán eile. Muna mbeith sin bheadh súil againn le cuid mhaith daoine as. Lá na feise rinne Dochtúir Ua H-iceadha oráid fhada inar mhínigh sé do'n tionól ughdar na feise agus brigh agus tadhbhacht na Gaedhilge agus go raibh sé riachtanach orra a congbháil dá labhairt mar bhí sí i gcomhnaidhe. Ní gábhadh dam mórán eile a rádh i dtaobh na Feise ó thárla gur clodhbhuaileadh cheana cuntas uirri ins na páipéaraibh laetheamhla acht faoi fheabhas na feise tamaoid faoi oibliogaid mór d'aon mhnaoi uasail amháin, sí sin Aigneas Ní Fhaircheallaigh. Thóg sí cuid mhór do'n obair uirri féin le go mbeadh an fheis mar badh mhian léi. Chuir sí gach ceann do na duaiseannaibh i gcóir agus mhúin sí do na cailínibh abhráin agus dánta agus bhrosduigh sí iad le dul san gcomórtas. Chaith sí níos mó ná mí in Inismeadhon ag déanadh foghlama agus cleachda ar an Gaedhilg. Bhí sí 'na moltóir ag an bhfeis ó'n dó dhéag a' chlog san ló go dtí an seacht san tráthnóna agus bhí 'chuile dhuine buidheach dí, na daoine nach bhfuair na duaiseanna chomh maith leis na daoinibh a bhfuair. Chuaidh sí dhá Dhomhnach go hInisiar le congnamh a thabhairt do obair na Craoibhe san oileán sin. Chuir 'chuile dhuine a bheannacht léi an lá do bhí sí fagbháil an oileáin. Théis aifrinn Dia Domhnaigh an naonmhadh lá de lughnasa bhí cumha mhór ar an bpobal air chlos dóibh ó'n Dochtúir gur bé an Domhnach deireannach i mbliadhna go mbeadh sé ina measg. Ag cruinniughadh Connartha na Gaedhilge an Domhnach sin rinne sé óráid bhreagh bhríoghmhar dhuthrachtach ghá cur a n-iúil do mhuintir an oileáin do bhí cruinnighthe thart timcheall an dualgas mór do bhí orra teanga a shean agus a shinnsear do chongbháil beó. Fuair sé greadadh bos agus moladh mór. Ar Dia Ceadaoin dfhág sé an t-oileán. Chuaidh furmhór do mhuintir an oileáin i gcuideacht leis go dtí an chaladh míle bealaigh agus thugadar buidheachas dó agus chuireadar a mbeannacht leis. Go saoghluighidh Dia é do chúis na Gaedhilge. An Rúnaire
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services