Cuairt an Dochtúra Ua h-Iceadha ar
Inismeadhon
Ar Lughnasa 22 chuir an Dochtúir Oirmhnidhneach Mícheál
Ó hIceadha críoch ar a chuairt ar an oileán so. Bhí sé
ann le breis is dhá mhí agus ar feadh an tachair sin rinne
sé obair mhór ar son na Gaedhilge. Ní raibh aon
Domhnach ó tháinic sé nach dtug sé seanmóir breágh
Gaedhilge uaidh agus thaithnigh a chuid cainte go mór leis
an bpobal, agus gach uile Dhomhnach freisin fad is bhí sé ar
an oileán bhíodh óráid aige ag gach cruinniughadh de
Chonnradh na Gaedhilge acht dhá Dhomhnach a ndeachaidh sé
go hInisiar leis na daoinibh san oileán thoir do
bhrosdughadh i dtaobh na Gaedhilge.
Chomh luath is tháinic sé go hInismeadhon thosuigh sé le
Feis Árann a chur i gcomhair. Tharraing sé Clár oibre
na feise amach i nGaedhilg agus clodhbhuaileadh é san
gClaidheamh Soluis. Bhí cead ag muintir na dtrí
oileán dul i gcomórtas.
Is ar Inismeadhon ceapadh an fheis a chur ar siubhal
mar tá sé lárach idir an dá oileán eile. Tháinic go
leór daoine as Inisiar le dul i gcomórtas agus bhí cuid
aca go ríogh-mhaith freisin. Is fiú anam do chur ar
Phádraig Séoidheach agus Mícheál Ua Meachair ar fheabhas
is chuireadar Gaedhilg uatha. Ní raibh mórán daoine
as Árainn Mhór ar an bhfeis. Bhí an lá roinnt garbh agus
an bealach níos faide ná idir an dá oileán eile.
Muna mbeith sin bheadh súil againn le cuid mhaith
daoine as.
Lá na feise rinne Dochtúir Ua H-iceadha oráid fhada
inar mhínigh sé do'n tionól ughdar na feise agus brigh agus
tadhbhacht na Gaedhilge agus go raibh sé riachtanach orra a
congbháil dá labhairt mar bhí sí i gcomhnaidhe. Ní gábhadh
dam mórán eile a rádh i dtaobh na Feise ó thárla gur
clodhbhuaileadh cheana cuntas uirri ins na páipéaraibh
laetheamhla acht faoi fheabhas na feise tamaoid faoi
oibliogaid mór d'aon mhnaoi uasail amháin, sí sin
Aigneas Ní Fhaircheallaigh. Thóg sí cuid mhór do'n
obair uirri féin le go mbeadh an fheis mar badh mhian
léi. Chuir sí gach ceann do na duaiseannaibh i gcóir agus
mhúin sí do na cailínibh abhráin agus dánta agus bhrosduigh
sí iad le dul san gcomórtas.
Chaith sí níos mó ná mí in Inismeadhon ag déanadh
foghlama agus cleachda ar an Gaedhilg. Bhí sí 'na moltóir
ag an bhfeis ó'n dó dhéag a' chlog san ló go dtí an
seacht san tráthnóna agus bhí 'chuile dhuine buidheach dí, na
daoine nach bhfuair na duaiseanna chomh maith leis na
daoinibh a bhfuair. Chuaidh sí dhá Dhomhnach go hInisiar le
congnamh a thabhairt do obair na Craoibhe san oileán
sin. Chuir 'chuile dhuine a bheannacht léi an lá do bhí
sí fagbháil an oileáin.
Théis aifrinn Dia Domhnaigh an naonmhadh lá de
lughnasa bhí cumha mhór ar an bpobal air chlos dóibh ó'n
Dochtúir gur bé an Domhnach deireannach i mbliadhna
go mbeadh sé ina measg.
Ag cruinniughadh Connartha na Gaedhilge an Domhnach
sin rinne sé óráid bhreagh bhríoghmhar dhuthrachtach ghá cur
a n-iúil do mhuintir an oileáin do bhí cruinnighthe
thart timcheall an dualgas mór do bhí orra teanga
a shean agus a shinnsear do chongbháil beó. Fuair sé
greadadh bos agus moladh mór.
Ar Dia Ceadaoin dfhág sé an t-oileán. Chuaidh
furmhór do mhuintir an oileáin i gcuideacht leis go
dtí an chaladh míle bealaigh agus thugadar buidheachas dó
agus chuireadar a mbeannacht leis. Go saoghluighidh Dia é
do chúis na Gaedhilge.
An Rúnaire