Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Árd Macha agus Eamhain Macha
Title
Árd Macha agus Eamhain Macha
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Árd Macha agus Eamhain Macha Thug lucht Connartha na Gaedhilge Béilfeirsde cuairt ar an dá áit so Dia Sathairn so chuaidh thart, d'fhágadar Béilfeirsde ar a hocht a chlog ar maidin agus shroicheadar Árdmacha roimh a deich. Thugadar cuairt ar an teampoll mhór protestantach atá suidhte 'san áit ceudna 'na raibh sean-chill Naoimh Phádraig. Taoibh amuich de'n Teampoll, do réir sean-rainn, atá feart Bhriain Bóirmhe, Árdrigh Éireann agus in aice leis atá feart Bhriain Uí Néill righ Uladh. Ní'l cloch na comh- artha 'san áit indiu, ag tabhairt sgéala go bhfuil na hárd-laoich calma úd {'}na luighe san talamh naomhtha sin, acht in ionad atá an iomad comhartha ar Gallaibh agus ar Galldachas na háite. Thrialladar na Gaedhilgeóirí leo iar sin go dtí Teampoll Mór Catoiliceach Árd- macha, agus go deimhin is bréagh agus is áluinn agus is mór- dhálach an tógbháil tighe é. Atáid lucht ceirde agus ilchineal saoir ann laithreach ag cur caoi air. D'airigh- eamar altóir áluinn de gheal-mharmar dá cur sa' chill sin agus innseadh dhúinn gur cumadh 'san Iodaile í. Is dóighthe nach dtiocfaidhe a leithéid d'fhághail in Éirinn ar bhreaghacht agus ar ghreantacht ceirdeamhail, acht ar a shon sin do b'fhearr linne altóir de dheantúsaibh na hÉireann cuir i gcás nach mbeadh sí chómh háluinn féin le deantús na gCoigcricheach. Deirtear go bhfuil tríochad míle punte airgid, no mar sin, le cur amach le cóiriughadh iomlán do chur ar an dteampoll mhór, agus atá súil againn nach gcuirfear a thuilleadh de as tír. Atá Teampoll mór Naoimh Adhamhnain i Leitirceannain 'na thigh áluinn agus 'sé mo mheas nár cuireadh mórán airgid tar lear ag ceannacht adhbair no rud ar bith bhaineas leis. Tar éis cuairte na dteampoll chuaidheamar síos an sráid gur shroicheamar ceart-lár na cathrach mar a bhí tionól puiblidhe againn. Níor tugadh fuagairt uainn go mbéadh tionól puiblidhe againn acht b'é an lá margaidh in Árdmacha é agus bhí a lán daoine i láthair ag ceannach 's ag reic a gcuid earraidhe agus tormán mór ann le truc- aillíbh agus capallaibh agus na ceannuidhí siubhlacha ag sgair- teadh a gcuid earraidhe agus ag taisbeáint an buntáiste do thiocfadh do chách a ceannócadh uatha. Chuaidh na Gaedhilgeóirí suas ar phort tighe an mhargaidh agus leig fear aca béic as i nGaedhilg agus do chrom ar chaint le lucht an mhargaidh. Chuir an uile dhuine cluas ar féin ag éisteacht agus dhruid cuid mhór aca chum an phoirt. Ní fada go raibh a dó na a trí cead duine i láthair agus thug Pádraig Ó Seagha, Eilis Ní Mhaoileagáin, Peadar Mag Fionnlaoigh agus daoine nach iad comhráidhte binn- bhriathracha uatha fá dtaoibh de'n Ghaedhilg. Arú! níor cualthas a leithéid i gcathair Gallda Árdmacha le tamaillín agus ba mhór an sméideadh ceann agus luasgadh teangthadh do chuaidh ar aghaidh ann. Leis an fhírinne a rádh d'éist na daoine gan sgig gan dímeas leis an
méid do bhí le rádh againn agus sul ar fhilleamar go Béilfeirsde um tráthnóna tháinig fir macanta chugainn agus dubhairt gur mhaith leo iad féin agus a gclann Gaedhilg d'fhoghluim acht amháin nach raibh fear múinte Gaedhilge in Árdmacha agus thug muid-ne gealladh dhóibh fuasgladh 'sa' chás d'fhagháil dóibh má's féidir é. Gluaiseamar linn ina dhiaidh sin go hEamhain Macha agus thug Pádraig Ó Seagha leictiúr uaidh ar an gCraobh Ruadh agus Conchobhar Mac Neasa agus Deirdre agus an chuid eile aca, agus thug Tadhg Mac A' Bháird agus Seumas Ó Breasail oráidí breagha Gaedhilge uatha agus bhíomar go súgach ar lios Macha. Atá an Eamhain suidhte go háluinn ar an gcnoc is aoirde fá'n duthaigh sin agus is féidir an chuid is mó d'Ultaibh d'fheicsint ó na mhullach. Bhí feis ceoil agus damhsa againn i tigh ósda in Árd- macha 'sa' tráthnóna agus thángamar abhaile go Béilfeirsde go súbhach sáthach ag a naoi a chlog, tar éis lá mór do chaitheadh agus obair éigin déanta againn leis an Gaedhilg uasail do leathnughadh ag Cúige Uladh. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services