Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Árd Macha agus Eamhain Macha

Teideal
Árd Macha agus Eamhain Macha
Údar
Cú Uladh,
Ainm Cleite
Cú Uladh
Dáta cumtha
1900
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Árd Macha agus Eamhain Macha



Thug lucht Connartha na Gaedhilge Béilfeirsde cuairt
ar an dá áit so Dia Sathairn so chuaidh thart, d'fhágadar
Béilfeirsde ar a hocht a chlog ar maidin agus shroicheadar
Árdmacha roimh a deich. Thugadar cuairt ar an
teampoll mhór protestantach atá suidhte 'san áit
ceudna 'na raibh sean-chill Naoimh Phádraig. Taoibh
amuich de'n Teampoll, do réir sean-rainn, atá feart
Bhriain Bóirmhe, Árdrigh Éireann agus in aice leis atá
feart Bhriain Uí Néill righ Uladh. Ní'l cloch na comh-
artha 'san áit indiu, ag tabhairt sgéala go bhfuil na
hárd-laoich calma úd {'}na luighe san talamh naomhtha sin,
acht in ionad atá an iomad comhartha ar Gallaibh agus ar
Galldachas na háite. Thrialladar na Gaedhilgeóirí
leo iar sin go dtí Teampoll Mór Catoiliceach Árd-
macha, agus go deimhin is bréagh agus is áluinn agus is mór-
dhálach an tógbháil tighe é. Atáid lucht ceirde agus
ilchineal saoir ann laithreach ag cur caoi air. D'airigh-
eamar altóir áluinn de gheal-mharmar dá cur sa' chill
sin agus innseadh dhúinn gur cumadh 'san Iodaile í. Is
dóighthe nach dtiocfaidhe a leithéid d'fhághail in Éirinn
ar bhreaghacht agus ar ghreantacht ceirdeamhail, acht ar a
shon sin do b'fhearr linne altóir de dheantúsaibh na
hÉireann cuir i gcás nach mbeadh sí chómh háluinn féin
le deantús na gCoigcricheach. Deirtear go bhfuil
tríochad míle punte airgid, no mar sin, le cur amach
le cóiriughadh iomlán do chur ar an dteampoll mhór, agus
atá súil againn nach gcuirfear a thuilleadh de as tír.
Atá Teampoll mór Naoimh Adhamhnain i Leitirceannain
'na thigh áluinn agus 'sé mo mheas nár cuireadh mórán
airgid tar lear ag ceannacht adhbair no rud ar bith
bhaineas leis.



Tar éis cuairte na dteampoll chuaidheamar síos an
sráid gur shroicheamar ceart-lár na cathrach mar a bhí
tionól puiblidhe againn. Níor tugadh fuagairt uainn go
mbéadh tionól puiblidhe againn acht b'é an lá margaidh
in Árdmacha é agus bhí a lán daoine i láthair ag ceannach 's
ag reic a gcuid earraidhe agus tormán mór ann le truc-
aillíbh agus capallaibh agus na ceannuidhí siubhlacha ag sgair-
teadh a gcuid earraidhe agus ag taisbeáint an buntáiste
do thiocfadh do chách a ceannócadh uatha. Chuaidh na
Gaedhilgeóirí suas ar phort tighe an mhargaidh agus leig
fear aca béic as i nGaedhilg agus do chrom ar chaint le
lucht an mhargaidh. Chuir an uile dhuine cluas ar féin
ag éisteacht agus dhruid cuid mhór aca chum an phoirt. Ní
fada go raibh a dó na a trí cead duine i láthair agus thug
Pádraig Ó Seagha, Eilis Ní Mhaoileagáin, Peadar
Mag Fionnlaoigh agus daoine nach iad comhráidhte binn-
bhriathracha uatha fá dtaoibh de'n Ghaedhilg. Arú! níor
cualthas a leithéid i gcathair Gallda Árdmacha le
tamaillín agus ba mhór an sméideadh ceann agus luasgadh
teangthadh do chuaidh ar aghaidh ann. Leis an fhírinne a
rádh d'éist na daoine gan sgig gan dímeas leis an


L. 404


méid do bhí le rádh againn agus sul ar fhilleamar go
Béilfeirsde um tráthnóna tháinig fir macanta chugainn
agus dubhairt gur mhaith leo iad féin agus a gclann Gaedhilg
d'fhoghluim acht amháin nach raibh fear múinte Gaedhilge
in Árdmacha agus thug muid-ne gealladh dhóibh fuasgladh
'sa' chás d'fhagháil dóibh má's féidir é.



Gluaiseamar linn ina dhiaidh sin go hEamhain Macha agus
thug Pádraig Ó Seagha leictiúr uaidh ar an gCraobh
Ruadh agus Conchobhar Mac Neasa agus Deirdre agus an chuid
eile aca, agus thug Tadhg Mac A' Bháird agus Seumas Ó
Breasail oráidí breagha Gaedhilge uatha agus bhíomar go
súgach ar lios Macha. Atá an Eamhain suidhte go
háluinn ar an gcnoc is aoirde fá'n duthaigh sin agus is
féidir an chuid is mó d'Ultaibh d'fheicsint ó na
mhullach.



Bhí feis ceoil agus damhsa againn i tigh ósda in Árd-
macha 'sa' tráthnóna agus thángamar abhaile go Béilfeirsde
go súbhach sáthach ag a naoi a chlog, tar éis lá mór do
chaitheadh agus obair éigin déanta againn leis an Gaedhilg
uasail do leathnughadh ag Cúige Uladh.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services