Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sláintí
Title
Sláintí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sláintí Airighmíd a lán cainte dá déanamh le tamall maith mar ghioll ar sean-amhráin agus sean-sgéalta, agus sean- fhocail na ndaoine do bhailiughadh agus do chur i gcló, i dtreó ná caillfidhe iad, agus go mbeadh fagháil orra go bruinn an bhrátha ag lucht leabhar do léigheadh. Bros- tuighthear agus gríosuighthear na Gaedhilgeoirí ins gach ceantar i nÉirinn go bhfuil an Ghaedhilg dá labhairt ann na daoine seo d'fhagháil amach go bhfuil sgéalta agus amhráin aca; iad do chur síos; agus nuair do-gheibhid an chaoi a gcur i gclódh. Dá bhrigh sin, táid na sgéalta agus na hamhráin dá gcur síos go tiugh. Taithneann an obair seo linn. Molaimíd lucht an ghríosuighthe. Molaimíd lucht na sgéalta sgríobhadh, agus ní cháinimíd lucht na sgéalta innsint. Is í an obair cheart í leis mar ná dubhairt Págánach éigin fad ó san Laidin, go n-imthigheann an rud do ráidhtear agus go bhfanann an rud do sgríobhthar. Ar an adhbhar sain, molaimíd na saoth- ruidhigh. Cé gur beag a mbíonn de bharr a saothar aca, tá seo mar shásamh aignidh aca i ndeireadh na mbeart go bhfuil beagán déanta aca ar son teangadh na nGaedheal agus ar son fíor-náisiúntachta na hÉireann; nach ag umhlughadh do dhroich-bhéasaibh na do nimh-theagasg litridheachta íochtaraighe an Bhéarla bhíd, acht ag bráith ar litridheacht fá leith do chur ar bun agus do thógáil d'Éirinn 'na teangaidh dhuthchais féin. Acht tá éinnidh amháin go bhfuil dearmad dá dhéanamh ag sgríobhnóiribh na Gaedhilge air. Táid sgéalta gá gcur síos aca; táid agus amhráin agus sean-fhocail agus ceis- teanna. Acht tá rudaí seoch iad-san go bhfuil brigh agus fuinneamh, sult agus greann ionnta leis ná fuil dá gcur síos nó má tá ná hairighmíd éin-teacht thársta, ná ná feicimíd i gclódh iad. Is iad na sláintí iad. Cad is sláinte ann? Seadh. Tá dhá chéill leis an bhfocal sain, sláinte. Ar dtús, is í an tsláinte í beatha shlán an chuirp le gcoimeádtar ullamh í i gcomhair éan-tsaghas oibre do dhéanamh. Is í an tsláinte stát fulláin na colna daonada le ndéantar láidir í chum seasamh i n-aghaidh gach cruadhála saoghaltaighe. Da bhrígh sin, is í an tsláinte í beatha agus fulláineacht agus láidreacht an chuirp. Ní'l amhrus ar domhan ná gur breágh an rud é an tsláinte do dhuine ar bith. Éinneach go mbí an tsláinte go maith aige, ní ghortuigheann soindeann na doindeann é. Ní fhuarann sioc ná sneachta é. Ní bháitheann fearthainn é. Ní loisgeann teasmhach na gréine é. Is cuma dho ciaca fliuch no tirm é. Is cuma dho ciaca Meitheamh an tSamhraidh no Meitheamh an Gheimhridh atá ann. Deirim-se gur beannacht ó Dhia moladh go deó leis, an tsláinte. Acht ó thárla nach ar seo go bhfuileam chum cur síos, ní aibhreóm a thuilleadh 'na thaobh, acht amháin guidhe go raibh an tslainte go maith ag gach éan-duine leigheas an ealadha shuarach so, agus a iarraidh orra-san an ghuidhe chéadna do dhéanamh ar ar son-na. Is í an dara chiall atá leis an bhfocal sain, sláinte, ná beannachadh dhuine do dhuine eile no do dhaoinibh i gcuideachtain, roimh ól dighe dho, dá ghuidhe go raibh an tsláinte go maith aige-sean no aca-san. Chíonn sibh go dtagann an chiall so ó'n gcéad chéill. Tá an dá chéill chéadna san bhfocal Béarla sain "health" go ra' mhaith an mhaise do lucht an Bhéarla chleachtadh é. Ar an mbeannachadh so is eadh táimíd chum trácht a dhéanamh anois agus sula dhéanfam stad tá súil againn go mbeidh gach éinneach tar éis a fheicsint go bhfuil brigh agus fuin- neamh agus sgóip fá leith i shláintibh na Gaedhilge nach bhfuil le fagháil i n-éin-teangaidh eile dá bhfuil ar eólas ag éan-duine againn. Tiubhram iarracht fá sain do dhéanamh leis an mbeag-chuid atá againn díobh, agus má chliseann orainn, aitchimíd ar chách gan an milleán do chur ar an nGaedhilg féin acht orainne toisg gur neamh- shlachtmhar aindeis sinn ar pheann do stiuradh tre ealadhain de'n tsórt so. Seadh, agus ba mhaith linn a rádh nach chum breis taithighe do thagairt ar ólachán do chuirimíd na sláintí seo síos, acht amháin chum cuid, dá laighead é, de mhilseánaibh na Gaedhilge do chur os comhair na ndaoine seo ná faca agus ná cualaidh cheana iad. Is beag í ar mbeann ar lucht an ólacháin. B'fhearrde Éire, dar linne, dá mbadh rud é ná beadh a leath-oiread taithighe ag a muintir ar an droch-nós so. A dhaoine mh'árann agus mh'anma, má tá grádh agaibh d'bhur dtír, má's maith libh í chur ar a leas agus a clú d'árdach i measg náisiún an domhain, seachnaidh an t-ólachán, seachnaidh an t-aidhneas, agus an díospóireacht agus an bruighin is mó leanann é. Bídh díleas comh- pháirteach le chéile agus measardha mar ba dhual do Ghaedhealaibh riamh. Sin í an tslíghe cheart chum ainm ar dtíre do chur i n-áirde, chum a clú do leathadh thar ceithre hárdaibh an domhain, agus chum muintir sheasmhach neamhspleadhach do dhéanamh dhínn. Ní gábhadh a rádh go dtoirmeasgann ólachán sain. (ní críoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services