Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sláintí

Title
Sláintí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sláintí



Airighmíd a lán cainte dá déanamh le tamall maith
mar ghioll ar sean-amhráin agus sean-sgéalta, agus sean-
fhocail na ndaoine do bhailiughadh agus do chur i gcló, i
dtreó ná caillfidhe iad, agus go mbeadh fagháil orra go
bruinn an bhrátha ag lucht leabhar do léigheadh. Bros-
tuighthear agus gríosuighthear na Gaedhilgeoirí ins gach
ceantar i nÉirinn go bhfuil an Ghaedhilg dá labhairt
ann na daoine seo d'fhagháil amach go bhfuil sgéalta agus
amhráin aca; iad do chur síos; agus nuair do-gheibhid an
chaoi a gcur i gclódh. Dá bhrigh sin, táid na sgéalta
agus na hamhráin dá gcur síos go tiugh. Taithneann an
obair seo linn. Molaimíd lucht an ghríosuighthe.
Molaimíd lucht na sgéalta sgríobhadh, agus ní cháinimíd
lucht na sgéalta innsint. Is í an obair cheart í leis
mar ná dubhairt Págánach éigin fad ó san Laidin, go
n-imthigheann an rud do ráidhtear agus go bhfanann an rud
do sgríobhthar. Ar an adhbhar sain, molaimíd na saoth-
ruidhigh. Cé gur beag a mbíonn de bharr a saothar aca,
tá seo mar shásamh aignidh aca i ndeireadh na mbeart
go bhfuil beagán déanta aca ar son teangadh na
nGaedheal agus ar son fíor-náisiúntachta na hÉireann;
nach ag umhlughadh do dhroich-bhéasaibh na do nimh-theagasg
litridheachta íochtaraighe an Bhéarla bhíd, acht ag bráith
ar litridheacht fá leith do chur ar bun agus do thógáil
d'Éirinn 'na teangaidh dhuthchais féin.



Acht tá éinnidh amháin go bhfuil dearmad dá dhéanamh
ag sgríobhnóiribh na Gaedhilge air. Táid sgéalta gá
gcur síos aca; táid agus amhráin agus sean-fhocail agus ceis-
teanna. Acht tá rudaí seoch iad-san go bhfuil brigh agus
fuinneamh, sult agus greann ionnta leis ná fuil dá gcur
síos nó má tá ná hairighmíd éin-teacht thársta, ná ná
feicimíd i gclódh iad. Is iad na sláintí iad.



Cad is sláinte ann?



Seadh. Tá dhá chéill leis an bhfocal sain, sláinte.
Ar dtús, is í an tsláinte í beatha shlán an chuirp le
gcoimeádtar ullamh í i gcomhair éan-tsaghas oibre do
dhéanamh. Is í an tsláinte stát fulláin na colna
daonada le ndéantar láidir í chum seasamh i n-aghaidh
gach cruadhála saoghaltaighe. Da bhrígh sin, is í an
tsláinte í beatha agus fulláineacht agus láidreacht an chuirp.
Ní'l amhrus ar domhan ná gur breágh an rud é an
tsláinte do dhuine ar bith. Éinneach go mbí an
tsláinte go maith aige, ní ghortuigheann soindeann na
doindeann é. Ní fhuarann sioc ná sneachta é. Ní
bháitheann fearthainn é. Ní loisgeann teasmhach na
gréine é. Is cuma dho ciaca fliuch no tirm é. Is
cuma dho ciaca Meitheamh an tSamhraidh no Meitheamh an
Gheimhridh atá ann. Deirim-se gur beannacht ó Dhia
moladh go deó leis, an tsláinte. Acht ó thárla nach
ar seo go bhfuileam chum cur síos, ní aibhreóm a
thuilleadh 'na thaobh, acht amháin guidhe go raibh an
tslainte go maith ag gach éan-duine leigheas an ealadha
shuarach so, agus a iarraidh orra-san an ghuidhe chéadna do
dhéanamh ar ar son-na.



Is í an dara chiall atá leis an bhfocal sain, sláinte,
ná beannachadh dhuine do dhuine eile no do dhaoinibh
i gcuideachtain, roimh ól dighe dho, dá ghuidhe go raibh an
tsláinte go maith aige-sean no aca-san. Chíonn sibh
go dtagann an chiall so ó'n gcéad chéill. Tá an dá
chéill chéadna san bhfocal Béarla sain "health" go ra'
mhaith an mhaise do lucht an Bhéarla chleachtadh é. Ar an
mbeannachadh so is eadh táimíd chum trácht a dhéanamh
anois agus sula dhéanfam stad tá súil againn go mbeidh
gach éinneach tar éis a fheicsint go bhfuil brigh agus fuin-
neamh agus sgóip fá leith i shláintibh na Gaedhilge nach bhfuil
le fagháil i n-éin-teangaidh eile dá bhfuil ar eólas ag
éan-duine againn. Tiubhram iarracht fá sain do
dhéanamh leis an mbeag-chuid atá againn díobh, agus má
chliseann orainn, aitchimíd ar chách gan an milleán do
chur ar an nGaedhilg féin acht orainne toisg gur neamh-
shlachtmhar aindeis sinn ar pheann do stiuradh tre
ealadhain de'n tsórt so.



Seadh, agus ba mhaith linn a rádh nach chum breis taithighe
do thagairt ar ólachán do chuirimíd na sláintí seo síos,
acht amháin chum cuid, dá laighead é, de mhilseánaibh na
Gaedhilge do chur os comhair na ndaoine seo ná faca
agus ná cualaidh cheana iad. Is beag í ar mbeann ar lucht
an ólacháin. B'fhearrde Éire, dar linne, dá mbadh
rud é ná beadh a leath-oiread taithighe ag a muintir ar
an droch-nós so. A dhaoine mh'árann agus mh'anma, má tá
grádh agaibh d'bhur dtír, má's maith libh í chur ar a leas
agus a clú d'árdach i measg náisiún an domhain, seachnaidh
an t-ólachán, seachnaidh an t-aidhneas, agus an díospóireacht
agus an bruighin is mó leanann é. Bídh díleas comh-
pháirteach le chéile agus measardha mar ba dhual do
Ghaedhealaibh riamh. Sin í an tslíghe cheart chum ainm
ar dtíre do chur i n-áirde, chum a clú do leathadh thar
ceithre hárdaibh an domhain, agus chum muintir sheasmhach
neamhspleadhach do dhéanamh dhínn. Ní gábhadh a rádh go
dtoirmeasgann ólachán sain.



(ní críoch)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services