Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is mór an iongnadh nách bhfuil daoine tuiseach ó bheith ag léigheadh ar chogadh. Ní fhuilid, ámh. Dá mbiadh dhá choileach ag cómhrac ar taobh bóthair bhiadh sluagh ag féachaint ortha, siúd agus go bhfuil daoine eile ann go ngoillfeadh a leithéid sin de bhruighin ortha. Cuireadh i gcló mórán leabhar ar Bhonapart Mór le ceathair nó cúig de bhliadhanaibh agus do léigh na mílte duine iad mar do b'iongantach an fear cogaidh é siúd, acht d'á mba fear síothchána Bónapart, do thug congnamh do'n bhain- treabhaigh agus cabhair do'n díleachtaidhe, ní bhiadh beann ag éinne' ar ainm anois agus ní léighfidhe pioc 'na thaobh. D'oirfeadh leithéid Bhónapairt go mór do Sheaghan Bhuidhe an aimsir seo mar tá faitchíos ag teacht air go bhfuil na Cumhachtaí eile ag ullmhughadh 'na chóir. Táid siad ag cur 'sa cúiteamh le chéile i dtaobh socarughadh na Síne, acht ní chuirid siad sium i gcaint Sheaghain gidh go raibh níos mó díol agus ceannuigheachta aigesean leis an tSín 'ná bhí ag na tíorthaibh eile go léir. Is dóich liom gur mithid dúinn ár saighdiúirí do thógaint linn as phríomhchathair na Síne anois agus síothcháin do dhéanamh leis na Sínigh; cad is dóich libhse' adeir an Rúise leis na Cumhachtaí. B'fhéidir gur bh'é an rud do b'fheárr é, adeir siadsan. Cuireann páipéir Lunduin béic asda, na bain leis an gcathair úd d'fhágaint go dtugaidh na Sínigh díoghal as an méid díoghbhála do rinneadar d'ár ndaoine agus d'ár ngnó. Is furusda dhíbhse bheith ag caint, adeir Seaghan i gcogar leis na páipéaribh dána ud, acht féach, tá na Cumhachtaí seo ró-láidir domhsa mar tá mo chuid fear go gnóthach leis an ainmhidhe sin Pól. Ár mallacht ortsa, a Phóil, adeir na Sasanaigh, i naon ghuth amháin. An bheannacht chéadna dhíbhse a cháirde, adeir Pól go mín, macánta. D'á gcreidfeá páipéir Shasana tá Pól agus comhluadar beag brisde brúighte d'éis cómhraic na seachtmhaine seo ghabh tharainn. Níor bh'iongnadh go mbiadh, toisg na mílte fear do bhí 'na choinnibh agus an t-ard-iarracht do ghnidh Roberts le deireadh do chur leis an gcogadh, acht bhí Laoiseach Bota ró sheachrionna de Bhuller agus de Roberts agus tá sé féin agus a shluagh beag ullamh dóibh arís. Bhíodar ag gabháil d'á chéile ar feadh chúig lá. Roberts ag iarraidh gabháil timcheall ar Laoiseach fad do bhí Buller ag cómhrach le n-a thosach agus an Frínseach agus Pole-Careu ar thaobh eile dhe. Níor throid na Bóraigh riamh níos tréine 'ná throideadar an cor so, agus gidh gur chuir Roberts ar gcúl iad fá dheireadh, do mheath sé fein mar ní fhuil pioc de bharr na bruighne aige. Ní fhuair sé greasáil fós riamh níos feárr 'ná thug Laoiseach dó. Deir Roberts ná'r chaill sé féin mórán fear, acht chualamar an chaint chéadna cheana. Tá sé ag gabháil a leathsgéil féin leis. Deir sé go raibh an sioc ar an dtalamh agus ná'r bh'fhéidir dó dul ar aghaidh acht go mall. Is dócha go raibh an sioc céadna ag cur toirmeasg ar na Bóraigh, acht is maith an rud leathsgéal; creideann a lán é. Cuireann gluaiseacht Roberts i gcuimhne dhom caint sean-mhná thíos i gconndae Phoirtláirge oidhche sheaca, acht amháin go raibh caint Elís níos binne 'na caint Roberts. "Arú, a Elís cad do chongaibh amuich chómh deireannach so thú?" "Clocha ceangailte, is madraí sgaoilte, Is Elís d'á leagaint chómh tuigh is d'eirigheadh sí." Bhí féasóg fhada agus fiacla géara ag na madraí sgaoilte bhí ar tí Roberts ar feadh seachtmhaine agus bhaineadar greim as. Féach cipe saighdiúirí as Libherpool, amadáin ó Éirinn mórán aca. Ghluaiseadar suas cois cnocán ar tí teacht laistiar de na Bórachaibh acht níor mhothuigh- eadar pioc go rabhthas timcheall ortha. Síneadh céad fear aca agus thóg na Bóraigh leo céad eile, agus Roberts i ngiorracht glaodh dhóibh. Ní raibh an rath céadna ar dhream Bórach thíos ins an Saor Stát. Thugadar súd iarracht fá Bhinsburg do thógáil agus níor éirigh leo má's fíor na Sasanaigh. Deirthear go raibh Olibhier ar ceann na mBórach annsúd agus gur thuit donas éigin air gur sgar sé le n-a bhuidhin agus gur éaluigh na Sasanaigh air. Má's fíor gur thógadar é is mór an briseadh ar na Bóraigh é mar ní raibh taoiseach eile aca do d'fheárr 'ná é siúd acht amháin De Bhet agus Bota. I naindeóin sin tá Pól go meisneamhail, muiníghneach agus dóchas aige as Dhia agus an mauser. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services