Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is mór an iongnadh nách bhfuil daoine tuiseach ó
bheith ag léigheadh ar chogadh. Ní fhuilid, ámh. Dá mbiadh
dhá choileach ag cómhrac ar taobh bóthair bhiadh sluagh ag
féachaint ortha, siúd agus go bhfuil daoine eile ann go
ngoillfeadh a leithéid sin de bhruighin ortha. Cuireadh i
gcló mórán leabhar ar Bhonapart Mór le ceathair nó
cúig de bhliadhanaibh agus do léigh na mílte duine iad mar
do b'iongantach an fear cogaidh é siúd, acht d'á mba
fear síothchána Bónapart, do thug congnamh do'n bhain-
treabhaigh agus cabhair do'n díleachtaidhe, ní bhiadh beann ag
éinne' ar ainm anois agus ní léighfidhe pioc 'na thaobh.
D'oirfeadh leithéid Bhónapairt go mór do Sheaghan
Bhuidhe an aimsir seo mar tá faitchíos ag teacht air go
bhfuil na Cumhachtaí eile ag ullmhughadh 'na chóir. Táid
siad ag cur 'sa cúiteamh le chéile i dtaobh socarughadh
na Síne, acht ní chuirid siad sium i gcaint Sheaghain gidh
go raibh níos mó díol agus ceannuigheachta aigesean leis
an tSín 'ná bhí ag na tíorthaibh eile go léir. Is dóich
liom gur mithid dúinn ár saighdiúirí do thógaint linn
as phríomhchathair na Síne anois agus síothcháin do dhéanamh
leis na Sínigh; cad is dóich libhse' adeir an Rúise leis na
Cumhachtaí. B'fhéidir gur bh'é an rud do b'fheárr é,
adeir siadsan. Cuireann páipéir Lunduin béic asda,
na bain leis an gcathair úd d'fhágaint go dtugaidh na
Sínigh díoghal as an méid díoghbhála do rinneadar d'ár
ndaoine agus d'ár ngnó. Is furusda dhíbhse bheith ag caint,
adeir Seaghan i gcogar leis na páipéaribh dána ud,
acht féach, tá na Cumhachtaí seo ró-láidir domhsa mar
tá mo chuid fear go gnóthach leis an ainmhidhe sin Pól.



Ár mallacht ortsa, a Phóil, adeir na Sasanaigh, i naon
ghuth amháin. An bheannacht chéadna dhíbhse a cháirde,
adeir Pól go mín, macánta. D'á gcreidfeá páipéir
Shasana tá Pól agus comhluadar beag brisde brúighte
d'éis cómhraic na seachtmhaine seo ghabh tharainn. Níor
bh'iongnadh go mbiadh, toisg na mílte fear do bhí 'na
choinnibh agus an t-ard-iarracht do ghnidh Roberts le
deireadh do chur leis an gcogadh, acht bhí Laoiseach
Bota ró sheachrionna de Bhuller agus de Roberts agus tá sé
féin agus a shluagh beag ullamh dóibh arís. Bhíodar ag
gabháil d'á chéile ar feadh chúig lá. Roberts ag iarraidh
gabháil timcheall ar Laoiseach fad do bhí Buller ag
cómhrach le n-a thosach agus an Frínseach agus Pole-Careu ar
thaobh eile dhe. Níor throid na Bóraigh riamh níos tréine
'ná throideadar an cor so, agus gidh gur chuir Roberts ar
gcúl iad fá dheireadh, do mheath sé fein mar ní fhuil
pioc de bharr na bruighne aige. Ní fhuair sé greasáil
fós riamh níos feárr 'ná thug Laoiseach dó. Deir
Roberts ná'r chaill sé féin mórán fear, acht chualamar
an chaint chéadna cheana. Tá sé ag gabháil a leathsgéil
féin leis. Deir sé go raibh an sioc ar an dtalamh agus
ná'r bh'fhéidir dó dul ar aghaidh acht go mall. Is dócha go
raibh an sioc céadna ag cur toirmeasg ar na Bóraigh,
acht is maith an rud leathsgéal; creideann a lán é.
Cuireann gluaiseacht Roberts i gcuimhne dhom caint
sean-mhná thíos i gconndae Phoirtláirge oidhche sheaca, acht
amháin go raibh caint Elís níos binne 'na caint Roberts.
"Arú, a Elís cad do chongaibh amuich chómh deireannach so
thú?"



"Clocha ceangailte, is madraí sgaoilte,
Is Elís d'á leagaint chómh tuigh is d'eirigheadh sí."



Bhí féasóg fhada agus fiacla géara ag na madraí sgaoilte
bhí ar tí Roberts ar feadh seachtmhaine agus bhaineadar
greim as. Féach cipe saighdiúirí as Libherpool, amadáin
ó Éirinn mórán aca. Ghluaiseadar suas cois cnocán
ar tí teacht laistiar de na Bórachaibh acht níor mhothuigh-
eadar pioc go rabhthas timcheall ortha. Síneadh céad
fear aca agus thóg na Bóraigh leo céad eile, agus Roberts
i ngiorracht glaodh dhóibh. Ní raibh an rath céadna ar
dhream Bórach thíos ins an Saor Stát. Thugadar súd
iarracht fá Bhinsburg do thógáil agus níor éirigh leo má's
fíor na Sasanaigh. Deirthear go raibh Olibhier ar ceann
na mBórach annsúd agus gur thuit donas éigin air gur
sgar sé le n-a bhuidhin agus gur éaluigh na Sasanaigh air.
Má's fíor gur thógadar é is mór an briseadh ar na
Bóraigh é mar ní raibh taoiseach eile aca do d'fheárr
'ná é siúd acht amháin De Bhet agus Bota. I naindeóin
sin tá Pól go meisneamhail, muiníghneach agus dóchas aige
as Dhia agus an mauser.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services