Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Gleanntsúiligh
Title
Feis Gleanntsúiligh
Author(s)
Mac Fhionnlaoigh, Peadar,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feis Gleanntsúiligh Bhí dhá mhíle dhuine i láthair ag an bhfeis so agus bhéadh ní ba mhó daoine i láthair acht amháin go raibh an uair ro- mhall 'sa tráthnóna do dhaoinibh do bhí na gcomhnuidhe a bhfad ó'n áit. Mar sin de ní tháinig daoine ó dhaoire ná ó iarthar Chondae Dhún na nGall l'a raibh muid ag feitheamh. Bhí na cainteoirí beagnach go huile as Gleanntsúiligh nó as na gleanntaibh 's an sléibhtibh thart thimchioll ar Gleanntsúiligh. Labhair an t-Athair Ua Cannain go cruinn, cneasta urlabhrach fá dtaoibh de'n Ghaedhilg agus siud 's nach Gaedhilgeóir é atá a chroidhe 'sa' tsean-teanga agus ba mhór an t-uchtach thug sé uaidh do lucht na Gaedhilge agus do'n aos óg leis an Ghaedhilg d'fhoghluim. Labhair an t-Athair Ua Céinnide as Béarla, agus Mícheal Mag Fhionnlaoigh mar an gceudna agus ba bhreagh blasda na comhráidhte thugadar uatha. Acht labhair Conchobhar Ua Baoighill agus an t-Athair mac a' tSaoir agus Aodh Mac Laimhbheartaí agus Tadhg Mac Phaidín as Gaedhilg agus siud iad na comhráidhte 'na raibh an bhrigh agus an sugh agus an sult. Bhí mórán daoine i láthair nach raibh fios Gaedhilge aca mar is áit labhairthe Bhéarla an gleann sin le gearr-tamall acht d'éisteadar go hurramach agus go spéiseamail leis na comhráidhtibh Gaedhilge. Bhí aontughadh iomlán leis na rún-comhairlibh siud 's go rabhadar gearr-láidir. D'iárr rún-chomhairle aca ar bhórd an munteachas Gaedhilge do chur an bun in Éirinn. D'iarr ceann eile aca ar aithreachaibh agus máithreachaibh a bhfuil Gaedhilg aca an chanmhain sin do labhairt do gnáth leis na páisdibh, chuir ceann eile aca in aghaidh an gnathas atá ann láithreach i tionnóla puiblidhe do chruinniughadh agus gan focal Gaedhilge do labhairt 'an láthair; agus d'iarr an rún-chomhairle deir- ionnach ar Chomharlibh áiteamhla go gcuirfidís d'fiachaibh ar dhaoinibh do thóigfeadh oiffige uatha Gaedhilg do bheith aca. Léigheadh na rún-chómhairlí i nGaedhilg agus i mBéarla. Bhí comórtusa ar cois i ndiaigh sin. Rug Tadhg Mac Pháidín as Gaoth dobhair buaidh ar fheabhas ceoltóireachta agus fuair Anna Nig Loingsigh .i. Anna Chonaill Ruaidh an dara dhuais. Atá stór breagh d'abhranaibh Gaedhilge ag Anna. Fuaras féin máilín breagh aca uaithe ó shoin agus atá tuilleadh aici. 'San comortus ar fheabhas óráide rug Concobhar Ua Baoighill buaidh. San comortus ar gnáthas caint imeasg an bpáisdeadh ba commionnann do chúigear aca agus rannadh an t-airgead eatorra. San comórtus ar fheabhas ringce fuair Aodh Mac Péadaig as Dubhchóire an Bonn. Ní raibh a leitheidh de cruinniughadh i nGleanntsúiligh riamh roimhe, agus ní'l amhras air go gcuirfear tuilleadh suime 'san Ghaedhilg fá'n duthchaigh sin ó so suas. Peadar Mag Fhionnlaoigh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services