Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Gleanntsúiligh

Title
Feis Gleanntsúiligh
Author(s)
Mac Fhionnlaoigh, Peadar,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Feis Gleanntsúiligh



Bhí dhá mhíle dhuine i láthair ag an bhfeis so agus bhéadh ní
ba mhó daoine i láthair acht amháin go raibh an uair ro-
mhall 'sa tráthnóna do dhaoinibh do bhí na gcomhnuidhe a
bhfad ó'n áit. Mar sin de ní tháinig daoine ó dhaoire
ná ó iarthar Chondae Dhún na nGall l'a raibh muid ag
feitheamh. Bhí na cainteoirí beagnach go huile as
Gleanntsúiligh nó as na gleanntaibh 's an sléibhtibh
thart thimchioll ar Gleanntsúiligh. Labhair an t-Athair
Ua Cannain go cruinn, cneasta urlabhrach fá dtaoibh
de'n Ghaedhilg agus siud 's nach Gaedhilgeóir é atá a
chroidhe 'sa' tsean-teanga agus ba mhór an t-uchtach thug sé
uaidh do lucht na Gaedhilge agus do'n aos óg leis an
Ghaedhilg d'fhoghluim. Labhair an t-Athair Ua Céinnide
as Béarla, agus Mícheal Mag Fhionnlaoigh mar an gceudna
agus ba bhreagh blasda na comhráidhte thugadar uatha. Acht
labhair Conchobhar Ua Baoighill agus an t-Athair mac a'
tSaoir agus Aodh Mac Laimhbheartaí agus Tadhg Mac Phaidín as
Gaedhilg agus siud iad na comhráidhte 'na raibh an bhrigh agus
an sugh agus an sult. Bhí mórán daoine i láthair nach raibh
fios Gaedhilge aca mar is áit labhairthe Bhéarla an
gleann sin le gearr-tamall acht d'éisteadar go
hurramach agus go spéiseamail leis na comhráidhtibh
Gaedhilge.



Bhí aontughadh iomlán leis na rún-comhairlibh siud 's
go rabhadar gearr-láidir. D'iárr rún-chomhairle aca
ar bhórd an munteachas Gaedhilge do chur
an bun in Éirinn. D'iarr ceann eile aca ar aithreachaibh
agus máithreachaibh a bhfuil Gaedhilg aca an chanmhain sin
do labhairt do gnáth leis na páisdibh, chuir ceann eile
aca in aghaidh an gnathas atá ann láithreach i tionnóla
puiblidhe do chruinniughadh agus gan focal Gaedhilge do
labhairt 'an láthair; agus d'iarr an rún-chomhairle deir-
ionnach ar Chomharlibh áiteamhla go gcuirfidís d'fiachaibh
ar dhaoinibh do thóigfeadh oiffige uatha Gaedhilg do
bheith aca. Léigheadh na rún-chómhairlí i nGaedhilg agus
i mBéarla.



Bhí comórtusa ar cois i ndiaigh sin. Rug Tadhg Mac
Pháidín as Gaoth dobhair buaidh ar fheabhas ceoltóireachta
agus fuair Anna Nig Loingsigh .i. Anna Chonaill Ruaidh an
dara dhuais. Atá stór breagh d'abhranaibh Gaedhilge ag
Anna. Fuaras féin máilín breagh aca uaithe ó shoin agus
atá tuilleadh aici. 'San comortus ar fheabhas óráide
rug Concobhar Ua Baoighill buaidh. San comortus ar
gnáthas caint imeasg an bpáisdeadh ba commionnann do
chúigear aca agus rannadh an t-airgead eatorra. San
comórtus ar fheabhas ringce fuair Aodh Mac Péadaig
as Dubhchóire an Bonn.



Ní raibh a leitheidh de cruinniughadh i nGleanntsúiligh
riamh roimhe, agus ní'l amhras air go gcuirfear tuilleadh
suime 'san Ghaedhilg fá'n duthchaigh sin ó so suas.



Peadar Mag Fhionnlaoigh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services