Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Beacha Meala (IV) Corcóga Tuighe
Title
Na Beacha Meala (IV) Corcóga Tuighe
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na Beacha Meala (IV) Corcóga Tuighe Go d-tí aimsir gheárr ó shoin nuair fuair lucht 'Merica slighe ar na corcóga admhuid do dheunadh, is i g-corcóga tuighe do coimeáduighthí beacha meala ann gach áit de'n domhan ar a bhfuil fios againn, agus i ndiu is ionnta san is gnáthuidhe iad do choiméad in Éirinn. Tá na corcóga-so saor; is foraiste d'fhear deas-lámhach iad do dheunadh; cosanaid siad na beacha ó fhuacht an gheimhridh, agus ó theas an t-samhraidh; agus fé dheire, ní iarraidh siad aire ar bith trí rith na bliadhna. Is droch-chorcóga iad ar a shon san; tá lochtaidhe móra ortha, agus is chum na lochtaidhe so do chur i n-umhail do léightheoirí an Chlaidhimh do thráchtamuid ortha san alt so. 1. An chéad lochd: Is éigin do na beachaibh a g-cuid céire féin do dheunadh ionnta. Ní mar sin do na corcógaibh adhmuid - is féidir leat an chéir do cheannach, agus do thabhairt dóibh. Is as a g-corpaibh do bhuainid siad an stuif dena ndeuntar an chéir, nós mar dheunann an dubhán-falla a sheol. Tá sé curtha síos gur cómh- fhuraiste leis na beachaibh fiche púnt meala, nó aon phúnt amháin céire do dheunadh. Do thaisbeánfadh so féin gur mór an búntáiste an chéir do chur deunta isteach. Acht deunann deunadh na céire díoghbháil eile: Laguigheann sé na beacha; deuanann sé seangáin díobh, i g-cás ná bíd chómh fad-shaoghalach is do bheidís muna mbeidheadh ortha an chéir do sholáthar. 2. An dara lochd: I g-corcóig adhmuid is minic do bheireann an bhainríoghan dá mhíle ubh sa ló; acht trí easbaidh slíghe, agus easbaidh círeach ní gnathach di a bhreith níos mó na dosaon ubh sa ló i g-corcóig tuighe. Dá bhrígh sin ní bhidheann na beacha anns na corcóga beaga- so iomadamhail a n-dóthain chum cnuasach mór meala do dheunadh sa t-samhradh. Is annamh do fághtar da fhichead púnt meala i g-corcóig tuighe, acht is minic do faghtar da cheud púnt i g-corcóig adhmuid. 3. An tríomhadh lochd: Mar do taisbeáinfeam san alt so chúgainn, ní tógthar ó na beachaibh anns na cor- cóga adhmuid acht an mhil ghlé; fágtar aca lón go leor i g-cómhair an fhuachta, agus ní deuntar dith na dochair dóibh féin. Ní amhlaidh a deuntar anns na corcóga tuighe. Sul a mbuintear an mhil uatha i n-deire na bliadhna múchdar na beacha bochta féin le datach sulfuir. Bídheann an san againn measgán do mhil, de chuimhibh agus de bheachaibh marbha - nach gnaoi do bhean-tighe é chur ar bord roimh aoinne ar a mbeidheadh meas aici. Is mór an droch-shampladh do thugan múchadh na mbeach d'ár n-aosaibh óga. Budh chóir dúinn ár n-díchioll do dheunadh chum a thaisbeánt dóibh cionnos an bheag sa mhór do chur chum críche; budh chóir dúinn a chur i d-tuigsint dóibh dá m-beidheadh fearachas-tighe as baile
ag ár muintir i nÉirinn mar do bhídheann air aca do chleachtadh nuair do theidhid siad thar saile, go m-fhéidir dóibh maireamhaint sa bhaile i bhfochair a chéile chómh compórdamhail agus níos subhailteamhala na dheunaid i n-dúthaidhibh ciana. Gan trácht ar an ndroch-shampladh so, tá an bheart mí-ghrásdamhail innte féin. Is minic do chabhruigh sgríobhnóirí na bhfocail so le lucht múchadh na mbeach. Do theidhmís fé géin na corcóige déis na h-oidhche thuitim. Mar bheitheamhanaigh do chuirimís an t-slíghe dínn - go ciúin, ag siubhal go haireach - an gleus marbhtha roinnte eadrainn - rán ag duine cum an phoill do thógailt, smól tine ag duine, agus páipéar an t-sul- fuir ag fear eile. Nuair do thigimís i bhaile fé dheire braonacha fuar-ealais le gach bán-eudan do shílfeadh aonne do chídhfidh sin gur ailp bhraduighthe do bhí saortha againn. 4. An ceathramhadh lochd: Ní bhfaghair sult ná caitheamh- aimsire as beachaibh i g-corcóig tuighe ó'n lá do chuirfir innte iad go d-ti an oidhche do chuirfir chum báis iad, óir a rith na h-aimsire sin ní féidir duit aon radharc d'fághail ortha na ar a ngnó. Toisg nách féidir duit feuchaint ionnta ní lughde bheidh a fhios agat, ar chaileadar a m-bairioghan - tionóisg d'imthigheann ortha go minic; nó ná thigeann aicid ortha ní féidir duit iad go leigheas. Tá súil againn go g-cuirfidh leigheoirí an Chlaidhimh uatha feasda na corcóga suaracha, beaga, tuige seo agus go ngeobhaid siad chúca na corcóga flathamhala adhmuid, as a m-buintear an mhil ghlé radhaiseamhail, gan dochair do na beachaibh mar do thaisbeáinfeam san cheud alt eile. Míniughadh - 1. "Stuif de a n-deuncar an chéir," stuff of which the wax is made; 2. Búntaiste, advan- tage; 3. cír, a comb; 4. datach sulfuir, smoke of sulphur; 5. fearachas-tighe a's baile, thrift and economy
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services