Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Beacha Meala (IV) Corcóga Tuighe

Title
Na Beacha Meala (IV) Corcóga Tuighe
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Na Beacha Meala (IV) Corcóga Tuighe



Go d-tí aimsir gheárr ó shoin nuair fuair lucht
'Merica slighe ar na corcóga admhuid do dheunadh,
is i g-corcóga tuighe do coimeáduighthí beacha meala
ann gach áit de'n domhan ar a bhfuil fios againn, agus
i ndiu is ionnta san is gnáthuidhe iad do choiméad in
Éirinn. Tá na corcóga-so saor; is foraiste d'fhear
deas-lámhach iad do dheunadh; cosanaid siad na beacha
ó fhuacht an gheimhridh, agus ó theas an t-samhraidh; agus fé
dheire, ní iarraidh siad aire ar bith trí rith na bliadhna.



Is droch-chorcóga iad ar a shon san; tá lochtaidhe
móra ortha, agus is chum na lochtaidhe so do chur i n-umhail
do léightheoirí an Chlaidhimh do thráchtamuid ortha san
alt so.



1. An chéad lochd: Is éigin do na beachaibh a g-cuid
céire féin do dheunadh ionnta. Ní mar sin do na
corcógaibh adhmuid - is féidir leat an chéir do cheannach,
agus do thabhairt dóibh. Is as a g-corpaibh do bhuainid siad
an stuif dena ndeuntar an chéir, nós mar dheunann an
dubhán-falla a sheol. Tá sé curtha síos gur cómh-
fhuraiste leis na beachaibh fiche púnt meala, nó aon
phúnt amháin céire do dheunadh. Do thaisbeánfadh so
féin gur mór an búntáiste an chéir do chur deunta
isteach. Acht deunann deunadh na céire díoghbháil eile:
Laguigheann sé na beacha; deuanann sé seangáin díobh,
i g-cás ná bíd chómh fad-shaoghalach is do bheidís muna
mbeidheadh ortha an chéir do sholáthar.



2. An dara lochd: I g-corcóig adhmuid is minic do
bheireann an bhainríoghan dá mhíle ubh sa ló; acht trí
easbaidh slíghe, agus easbaidh círeach ní gnathach di a bhreith
níos mó na dosaon ubh sa ló i g-corcóig tuighe. Dá
bhrígh sin ní bhidheann na beacha anns na corcóga beaga-
so iomadamhail a n-dóthain chum cnuasach mór meala
do dheunadh sa t-samhradh. Is annamh do fághtar da
fhichead púnt meala i g-corcóig tuighe, acht is minic do
faghtar da cheud púnt i g-corcóig adhmuid.



3. An tríomhadh lochd: Mar do taisbeáinfeam san
alt so chúgainn, ní tógthar ó na beachaibh anns na cor-
cóga adhmuid acht an mhil ghlé; fágtar aca lón go leor
i g-cómhair an fhuachta, agus ní deuntar dith na dochair
dóibh féin. Ní amhlaidh a deuntar anns na corcóga
tuighe. Sul a mbuintear an mhil uatha i n-deire na
bliadhna múchdar na beacha bochta féin le datach sulfuir.
Bídheann an san againn measgán do mhil, de chuimhibh
agus de bheachaibh marbha - nach gnaoi do bhean-tighe é chur
ar bord roimh aoinne ar a mbeidheadh meas aici.



Is mór an droch-shampladh do thugan múchadh na mbeach
d'ár n-aosaibh óga. Budh chóir dúinn ár n-díchioll do
dheunadh chum a thaisbeánt dóibh cionnos an bheag sa
mhór do chur chum críche; budh chóir dúinn a chur i
d-tuigsint dóibh dá m-beidheadh fearachas-tighe as baile


L. 388


ag ár muintir i nÉirinn mar do bhídheann air aca do
chleachtadh nuair do theidhid siad thar saile, go m-fhéidir
dóibh maireamhaint sa bhaile i bhfochair a chéile chómh
compórdamhail agus níos subhailteamhala na dheunaid i
n-dúthaidhibh ciana.



Gan trácht ar an ndroch-shampladh so, tá an bheart
mí-ghrásdamhail innte féin. Is minic do chabhruigh
sgríobhnóirí na bhfocail so le lucht múchadh na mbeach.
Do theidhmís fé géin na corcóige déis na h-oidhche
thuitim. Mar bheitheamhanaigh do chuirimís an t-slíghe
dínn - go ciúin, ag siubhal go haireach - an gleus
marbhtha roinnte eadrainn - rán ag duine cum an phoill
do thógailt, smól tine ag duine, agus páipéar an t-sul-
fuir ag fear eile. Nuair do thigimís i bhaile fé dheire
braonacha fuar-ealais le gach bán-eudan do shílfeadh
aonne do chídhfidh sin gur ailp bhraduighthe do bhí saortha
againn.



4. An ceathramhadh lochd: Ní bhfaghair sult ná caitheamh-
aimsire as beachaibh i g-corcóig tuighe ó'n lá do chuirfir
innte iad go d-ti an oidhche do chuirfir chum báis iad,
óir a rith na h-aimsire sin ní féidir duit aon radharc
d'fághail ortha na ar a ngnó. Toisg nách féidir duit
feuchaint ionnta ní lughde bheidh a fhios agat, ar
chaileadar a m-bairioghan - tionóisg d'imthigheann ortha
go minic; nó ná thigeann aicid ortha ní féidir duit iad
go leigheas.



Tá súil againn go g-cuirfidh leigheoirí an Chlaidhimh
uatha feasda na corcóga suaracha, beaga, tuige seo
agus go ngeobhaid siad chúca na corcóga flathamhala
adhmuid, as a m-buintear an mhil ghlé radhaiseamhail,
gan dochair do na beachaibh mar do thaisbeáinfeam san
cheud alt eile.



Míniughadh - 1. "Stuif de a n-deuncar an chéir,"
stuff of which the wax is made; 2. Búntaiste, advan-
tage; 3. cír, a comb; 4. datach sulfuir, smoke of
sulphur; 5. fearachas-tighe a's baile, thrift and
economy

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services