Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An t-Anbhruith Milis
Title
An t-Anbhruith Milis
Author(s)
Níosáirde,
Pen Name
Níos airde
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An t-Anbhruith Milis Bhí cailín an-deas, bocht 'na comhnuidhe le n-a máthair fad ó. Ní raibh sa teach acht iad féin. Tháinig aimsir mhór-ghorta sa tír, beag nach comh dona leis an bhliadhain tháinig an dubhchán ar na fataíbh tá leath-chéad bliadhain nó mar sin ann. Ní raibh tada le n-ithe, ná le n-ól san tigh. Chuaidh an páiste amach san choill agus casadh sean-bhean uirre thug pota (corcán) di, 'raibh sé de ghifte no chúmhachta aige, nuair déarfadh aon duine leis "bruith a phota bhig," bhruitheadh sé anbhruith, agus nuair déarfá "Stop a phota bhig" stopadh sé do'n bhfiuchadh. Thug an cailín beag an corcán abhaile chum a máthar, agus b'é deireadh le n-a gcuid bochtanais agus ocrais arís go deó, mar d'fhéadfaidís anbhruith deas milis bheith aca gach am ba mhian leó. Acht aon lá amháin chuaidh an cailín beag amach, agus chúns bhí sí amuigh dubhairt a máthair "bruith a phota bhig." Thosuigh an poitín bocht a téigheamh agus a fiuchadh, agus is gearr gairid gur ith sí a dóthain acht nuair ba mhian léi an pota stopadh níor chuimhnigh sí ar na foclaibh. Choinnigh an corcán ag fiuchadh agus ag fiuchadh leis, agus is gairid gur imthigh an clár de le teas an gháil; siúd amach an t-anbhruith tar bhruach an phota gur líon sé an cios- tanach; an teach, an ceann eile, ba ghoire dhó agus an tsráid ar fad. Cheapfá go raibh an oiread anbhruithe anois ann is dhéanfadh an domhain go léir. Cé go raibh sé i n-am an poitín a stopadh, ní raibh fhios ag aon duine le n-a dhéanadh. Acht faoi dheireadh nuair bhí gach teach 'san mbaile líonta le anbhruith acht aon bháinín beag amháin tháinig an cailín agus dúbhairt - "Stad a chorcáinín bhig" - agus rinne. Anois má's maith le duine ar bith cuaird do thabhairt ar an mbaile sin caithfidh sé a bhealach ól tríd an anbhruith. Níosáirde
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services