Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An t-Anbhruith Milis

Title
An t-Anbhruith Milis
Author(s)
Níosáirde,
Pen Name
Níos airde
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An t-Anbhruith Milis



Bhí cailín an-deas, bocht 'na comhnuidhe le n-a
máthair fad ó. Ní raibh sa teach acht iad féin. Tháinig
aimsir mhór-ghorta sa tír, beag nach comh dona leis an
bhliadhain tháinig an dubhchán ar na fataíbh tá leath-chéad
bliadhain nó mar sin ann.



Ní raibh tada le n-ithe, ná le n-ól san tigh. Chuaidh
an páiste amach san choill agus casadh sean-bhean uirre
thug pota (corcán) di, 'raibh sé de ghifte no chúmhachta
aige, nuair déarfadh aon duine leis "bruith a phota
bhig," bhruitheadh sé anbhruith, agus nuair déarfá "Stop a
phota bhig" stopadh sé do'n bhfiuchadh.



Thug an cailín beag an corcán abhaile chum a máthar, agus
b'é deireadh le n-a gcuid bochtanais agus ocrais arís go
deó, mar d'fhéadfaidís anbhruith deas milis bheith aca
gach am ba mhian leó.



Acht aon lá amháin chuaidh an cailín beag amach, agus
chúns bhí sí amuigh dubhairt a máthair "bruith a phota bhig."
Thosuigh an poitín bocht a téigheamh agus a fiuchadh, agus is
gearr gairid gur ith sí a dóthain acht nuair ba mhian léi
an pota stopadh níor chuimhnigh sí ar na foclaibh.



Choinnigh an corcán ag fiuchadh agus ag fiuchadh leis, agus is
gairid gur imthigh an clár de le teas an gháil; siúd amach
an t-anbhruith tar bhruach an phota gur líon sé an cios-
tanach; an teach, an ceann eile, ba ghoire dhó agus an
tsráid ar fad.



Cheapfá go raibh an oiread anbhruithe anois ann is
dhéanfadh an domhain go léir. Cé go raibh sé i n-am
an poitín a stopadh, ní raibh fhios ag aon duine le n-a
dhéanadh.



Acht faoi dheireadh nuair bhí gach teach 'san mbaile
líonta le anbhruith acht aon bháinín beag amháin tháinig an
cailín agus dúbhairt - "Stad a chorcáinín bhig" - agus rinne.
Anois má's maith le duine ar bith cuaird do thabhairt
ar an mbaile sin caithfidh sé a bhealach ól tríd an
anbhruith.



Níosáirde

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services