Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cómhairle Sheamuis Uí Dhubhghaill do Mhuintir Ghleann Finne
Title
Cómhairle Sheamuis Uí Dhubhghaill do Mhuintir Ghleann Finne
Author(s)
Ó Dubhghaill, Seamus,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cómhairle Sheamuis Uí Dhubhghaill do Mhuintir Ghleann Fhinne Fear oibre seadh mise a cháirdibh agus tá fios agaibh nách é an té is mó calan is mo oibre. Acht mar sin féin ba mhaith liom focal no dhó a rádh libh. Tá sé anois suas le chúig mbliadhna fichead ó thoisi- dheas air bheith ag obair fa d-taobh na cúise seo. Tá mo cheann liath anois, acht moladh le Dia agus le Muire tá mo chroidhe óg, mar chím anois ar gcúis ag 'ul 'un cinn. Tamal beag ó shin agus ní raibh acht fear annsa agus annsúd a chuir aon t-suim i g-cúis ar d-teanga. Ní mar sin atá an sgeul anois. Na daoine bhí bodhar tamailín ó shin tá a g-cluasa air leathadh indiu. Na daoine bhí balbh tá siad a caint orrainn - cuid aca n-ar n-aghaidh agus cuid aca a tabhairt cabhartha dhúinn. Na daoine bhí 'nár g-coinne tá siad 'nár g-coinne go fóil, acht a cháirdibh, ní'l siad chomh tarcuisneach agus bhíodar, chídheann siad go maith go bhfuil muid ag 'ul a dtreiseacht gach uile lá. Moladh le Dia támuid agus tá meas orrainn agus air ár d-teanga. Acht a cháirdibh níl mid sásta go fóil. Deir sean-fhocal "gur fearr focal 'sa chúirt ná púnt sa sparán," agus is ró-mhaith an sean-fhocal atá ann acht tá sean-fhocal eile chomh mhaith, a deireann "Ní bheathóch' na bréithre na bráithre." Is mar sinn atá an sgeul aig cúis ar d-teanga.
Iarraim air 'ach uile dhuine óg agus críona tá aig éis- teacht liom anois an cheist seo a chur chuige fhéin. "God é an chaoi is féidir liomsa cúis na Gaedhilge chur 'un cinn?" 'Bhfuil Gaedhilg agat fhéin? Má tá bhidheadh sí aig do phaisdí. Bidheann daoine a déanamh magaidh fá do chuid Bheurla, ní baoghal duine ar bith bheith a magadh fa d-taobh do Ghaedhilge. Acht ná bí sásta leis an méid sin. Mar a d-tig leat teanga ar sínsear a léigheadh, ná bhí a bhfad mar sin. Tá leabhairíní deasa le fághail air bheagán airgid; agus an fear no an bhean go d-tig leo Gaedhilg a labhairt ní fada bheidheadh a foghluim í léigheadh. Tá páipeur nuaidheacht a thagann amach gách seacht- mhain, "An Claidheamh Soluis." Níl an paipeur ró- dhaor - tá sé le fághail air phíghin ruadh. Tá Beurla agus Gaedhilg 'sa pháipeur - tá ann cúntas cruinn air chúis na Gaedhilge air fuid a domhan. Ceannuigh an páipeur, is ró-mhaith an luach pighin é. (Do dhíol Mac Uí Dhubhghaill suas le luach puint do leabhairíní an lá céadna leis na daoine bhí aig an gcruinniughadh).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services