Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhaireamh Sheagháin
Title
Comhaireamh Sheagháin
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhaireamh Sheagháin Ní fada ó shoin ó bhí fear ann; b'fhéidir go bhfuil sé ann fós, acht is cuma liom-sa, agus is dócha do réir dheallraimh gur ró-chuma libh-se a lucht na ráiméise seo do léigheadh. Acht pé sgéal é, bhí fear ann tamall maith é shoin gur bh'ainm do Seaghán. Bhí sé 'na chomh- nuidhe san áit go dtugann siad Béal Átha an Easaigh i gContae Chorcaigh air. Duine dhe'n tsean-aimsir b'eadh Seaghán. Ní raibh aon tabhairt suas i n-aon chor air. Ni fhéadfadh sé thar sgór do chomhaireamh i n-éan- teangain cé go raibh Gaedhilge go blasda aige. Bhí Seaghán ag obair ar an mbóthar iarainn, agus chuaidh sé tríd an oiread-sain chruadh-oibre, gan gearán do dhéanamh ná milleán ag éinneach air, go raibh an-mhuinghin ag muintir an bhóthair iarainn as, agus chuireadar i bhfeidhil gheataí é. Má bhí an chruadháil ar Sheaghán roimhe sin bhí suaimhneas annsain aige, mar ní raibh le déanamh aige acht na geataí d'osgailt nuair bheadh traen ag teacht agus a ndúnadh arís nuair bheadh sí tar éis gabháil thart. Aon lá amháin, bhí Seaghán mar sin ar a shuaimhneas agus é 'na shuidhe ar an gclaidhe. B'in í an chéad sheachtmhain go raibh Seaghán i bhfeidhil na ngeataí, agus bhí an fear bocht chomh buadhartha sain 'na aigneadh i dtaobh na nuadh- shaoghail ná feadair cad do dhéarfadh sé 'na thaobh. Bhí duine de na comharsanaibh ag gabháil an bhóthair amuigh, agus chonnaic sé Seaghán agus ar seisean leis. "Dar Fiadh, a Sheagháin, is breágh an saoghal atá agat." "Is eadh," arsa Seaghán, "má thiocfaidh an tuarasdal Dia Sathairn." Is amhlaidh bhí eagla an tsaoghail ar an duine shimplidhe ná fuigheadh sé a thuarasdal nuair ná raibh sé "ag obair" dar leis féin. Aon lá amháin bhí Seaghán tar éis a thuarasdail d'fhaghail, agus é ag dul abhaile. Shuidh sé síos ar thaobh an bhóthair agus thosnuigh ar a chuid airgid dó chomhaireamh, agus tar éis dó fhéachaint air fuair sé amach go raibh urmhór de 'na réalaibh. Seo mar do chomhairimh na réala. "Sin a haon, Agus sin a céile Sin a dó, Agus sin a céile Sin a trí Agus sin a céile." Agus mar sin siar síos go dtí go dtáinig sé go dtí: "Sin a deich Agus sin a céile Agus sin sgór agam," adubhairt sé annsain. Bhí trí pinginne d'airgead phráis aige, agus tar éis críochnuighthe ar na réalaibh do chomhaireamh do thosnuigh ar chomhaireamh na bpinginní - "Sin a haon, Agus sin a céile, Sin a dó, Acht cá bhfuil do chéile-se?" ar seisean. Chuarduigh sé síos agus suas, 'na phócaibh, agus i ngach éan- bhall eile timcheall air, agus do theip air céile na do fhagháil i n-éan-áit. Ghread sé air abhaile annsain, acht ní dheachaidh sé i bhfad nuair bhuail beirt gharsún uime ar an mbóthar: "Seo, a Thomáisín," ar seisean le duine aca, "bíodh sí sin agat-sa," agus thug sé an phinginn do. Nuair do chonnaic an garsúinín eile sin do thosnuigh sé ag gol go fuidheach. Ghlac Seaghán bocht truaighe dhe, agus thug sé pinginn do-san leis. Ní raibh annsain aige acht aon phinginn amháin, agus nuair ná raibh céile aige dhi, shíl sé ná raibh aon mhaith innte agus thug sé do'n gharsún bhí ag gol í. Ní túisge thug ná thosnuigh an garsún eile ag gol annsain. Bhí Seaghán chum ceann de na réalaibh do thabhairt dó-san nuair tháinig athair na beirte orra, agus chuir sé d'fhiachaibh orra an t-airgead go léir do thabhairt thar ais do Sheaghán, agus pinginn eile mar chéile do'n dó. Chuaidh Seaghán abhaile go sásta annsain. Lá éigin eile chuaidh Seaghán go Corcaigh fá dhéin ualaigh de'n ghual sain go dtugaid siad "cóc" air. "Geas-cól" atá air i mBéarla i gCorcaigh. Nuair bhí Seaghán ag teacht a bhaile, bhuail comharsa uime, ar an mbóthar tamall ón tigh agus dubhairt sé leis: "An 'mdha thugais ar a gheas-cól indiu, a Sheagháin?" ar seisean, "Thugtar píosa dha sgilling, is píosa thuistiúin," arsa Seaghán, "dhá phinginn go leith, agus dhá phinginn ruadh." "An 'mdha sain, a Sheagháin?" arsa an fear eile. "Ní fheadar," arsa Seaghán. Agus fágaim-se fá léightheoir éigin an Chlaidhimh 's an Fháinne an cheist do réidhteach dhó. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services