Comhaireamh Sheagháin
Ní fada ó shoin ó bhí fear ann; b'fhéidir go bhfuil sé
ann fós, acht is cuma liom-sa, agus is dócha do réir
dheallraimh gur ró-chuma libh-se a lucht na ráiméise seo
do léigheadh. Acht pé sgéal é, bhí fear ann tamall
maith é shoin gur bh'ainm do Seaghán. Bhí sé 'na chomh-
nuidhe san áit go dtugann siad Béal Átha an Easaigh i
gContae Chorcaigh air. Duine dhe'n tsean-aimsir
b'eadh Seaghán. Ní raibh aon tabhairt suas i n-aon chor
air. Ni fhéadfadh sé thar sgór do chomhaireamh i n-éan-
teangain cé go raibh Gaedhilge go blasda aige.
Bhí Seaghán ag obair ar an mbóthar iarainn, agus chuaidh
sé tríd an oiread-sain chruadh-oibre, gan gearán do
dhéanamh ná milleán ag éinneach air, go raibh an-mhuinghin
ag muintir an bhóthair iarainn as, agus chuireadar i bhfeidhil
gheataí é. Má bhí an chruadháil ar Sheaghán roimhe sin bhí
suaimhneas annsain aige, mar ní raibh le déanamh aige
acht na geataí d'osgailt nuair bheadh traen ag teacht
agus a ndúnadh arís nuair bheadh sí tar éis gabháil thart.
Aon lá amháin, bhí Seaghán mar sin ar a shuaimhneas agus é
'na shuidhe ar an gclaidhe. B'in í an chéad sheachtmhain
go raibh Seaghán i bhfeidhil na ngeataí, agus bhí an fear bocht
chomh buadhartha sain 'na aigneadh i dtaobh na nuadh-
shaoghail ná feadair cad do dhéarfadh sé 'na thaobh. Bhí
duine de na comharsanaibh ag gabháil an bhóthair amuigh,
agus chonnaic sé Seaghán agus ar seisean leis.
"Dar Fiadh, a Sheagháin, is breágh an saoghal atá
agat."
"Is eadh," arsa Seaghán, "má thiocfaidh an tuarasdal
Dia Sathairn."
Is amhlaidh bhí eagla an tsaoghail ar an duine shimplidhe
ná fuigheadh sé a thuarasdal nuair ná raibh sé "ag obair"
dar leis féin.
Aon lá amháin bhí Seaghán tar éis a thuarasdail
d'fhaghail, agus é ag dul abhaile. Shuidh sé síos ar thaobh an
bhóthair agus thosnuigh ar a chuid airgid dó chomhaireamh, agus
tar éis dó fhéachaint air fuair sé amach go raibh urmhór
de 'na réalaibh. Seo mar do chomhairimh na réala.
"Sin a haon,
Agus sin a céile
Sin a dó,
Agus sin a céile
Sin a trí
Agus sin a céile."
Agus mar sin siar síos go dtí go dtáinig sé go dtí:
"Sin a deich
Agus sin a céile
Agus sin sgór agam," adubhairt sé annsain.
Bhí trí pinginne d'airgead phráis aige, agus tar éis
críochnuighthe ar na réalaibh do chomhaireamh do thosnuigh
ar chomhaireamh na bpinginní -
"Sin a haon,
Agus sin a céile,
Sin a dó,
Acht cá bhfuil do chéile-se?" ar seisean.
Chuarduigh sé síos agus suas, 'na phócaibh, agus i ngach éan-
bhall eile timcheall air, agus do theip air céile na do
fhagháil i n-éan-áit. Ghread sé air abhaile annsain, acht
ní dheachaidh sé i bhfad nuair bhuail beirt gharsún uime
ar an mbóthar:
"Seo, a Thomáisín," ar seisean le duine aca, "bíodh
sí sin agat-sa," agus thug sé an phinginn do. Nuair do
chonnaic an garsúinín eile sin do thosnuigh sé ag gol
go fuidheach. Ghlac Seaghán bocht truaighe dhe, agus thug sé
pinginn do-san leis. Ní raibh annsain aige acht aon
phinginn amháin, agus nuair ná raibh céile aige dhi, shíl sé ná
raibh aon mhaith innte agus thug sé do'n gharsún bhí ag gol í.
Ní túisge thug ná thosnuigh an garsún eile ag gol
annsain. Bhí Seaghán chum ceann de na réalaibh do
thabhairt dó-san nuair tháinig athair na beirte orra, agus
chuir sé d'fhiachaibh orra an t-airgead go léir do thabhairt
thar ais do Sheaghán, agus pinginn eile mar chéile do'n dó.
Chuaidh Seaghán abhaile go sásta annsain.
Lá éigin eile chuaidh Seaghán go Corcaigh fá dhéin
ualaigh de'n ghual sain go dtugaid siad "cóc" air.
"Geas-cól" atá air i mBéarla i gCorcaigh. Nuair bhí
Seaghán ag teacht a bhaile, bhuail comharsa uime, ar an
mbóthar tamall ón tigh agus dubhairt sé leis:
"An 'mdha thugais ar a gheas-cól indiu, a Sheagháin?"
ar seisean,
"Thugtar píosa dha sgilling, is píosa thuistiúin," arsa
Seaghán, "dhá phinginn go leith, agus dhá phinginn ruadh."
"An 'mdha sain, a Sheagháin?" arsa an fear eile.
"Ní fheadar," arsa Seaghán.
Agus fágaim-se fá léightheoir éigin an Chlaidhimh 's an
Fháinne an cheist do réidhteach dhó.
Tórna