Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
D'éag Donnchadh
Title
D'éag Donnchadh
Author(s)
O Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
D'éag Donnchadh Och ochón, is brónach mise; Och mo stór, mo chóir, mo chisde; Och fá dhó mo chlódh dá clipeadh; Mo chara, bhí beó, fán bhfód anois uaim. D'imthigh uaim mo luas a chumainn; Is d'imthigh buadh an uama chumadh; D'imthigh suan is ghluais go hobann; Ó d'imthigh uainn an Guaire olnigh. Beidh mo dhéora fós ar sileadh Ar an bhfód ar feódh fá bhfuilir; Nochtfadh sgeól do'n bhfeór i gcogar, Fá dheoidh an chomhairle ód' bheol go dtuigim.
Bím-se gnáthach lán de thuirse. Ó chuala tásg do bháis a chuisle; An síogaidhe dámh 'na dtáin do sgiobadh 'S a mbuidhean gach lá ag trácht chum luige. Creach na dtláth, a gcás ná ceileann, Fear ded' cháil ar bhfagháil na bréithe, 'Na luighe go sámh fá sgáil sa reilig, Do chleacht do cháirde i Máigh ghil tSéithe. Beannacht Dé 's na naomh go huile Is máthair glé an té céasadh duitse, Led' Anam féin dot' shaoradh a ghile; Och ochón 's is brónach mise. Tadhg O Donnchadha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services