D'éag Donnchadh
Och ochón, is brónach mise;
Och mo stór, mo chóir, mo chisde;
Och fá dhó mo chlódh dá clipeadh;
Mo chara, bhí beó, fán bhfód anois uaim.
D'imthigh uaim mo luas a chumainn;
Is d'imthigh buadh an uama chumadh;
D'imthigh suan is ghluais go hobann;
Ó d'imthigh uainn an Guaire olnigh.
Beidh mo dhéora fós ar sileadh
Ar an bhfód ar feódh fá bhfuilir;
Nochtfadh sgeól do'n bhfeór i gcogar,
Fá dheoidh an chomhairle ód' bheol go dtuigim.
Bím-se gnáthach lán de thuirse.
Ó chuala tásg do bháis a chuisle;
An síogaidhe dámh 'na dtáin do sgiobadh
'S a mbuidhean gach lá ag trácht chum luige.
Creach na dtláth, a gcás ná ceileann,
Fear ded' cháil ar bhfagháil na bréithe,
'Na luighe go sámh fá sgáil sa reilig,
Do chleacht do cháirde i Máigh ghil tSéithe.
Beannacht Dé 's na naomh go huile
Is máthair glé an té céasadh duitse,
Led' Anam féin dot' shaoradh a ghile;
Och ochón 's is brónach mise.
Tadhg O Donnchadha