Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Ua Baoighill, Conchubhar,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Óraid ó Chonchubhar Ua Baoighill, air Bhruach Loch-Fhinne, i gConndae Dhún-na-nGall A mhuintir chumainn litiordha na Gaedhilge ó Dhoire- Coluim-Chill, tá lúthghair arm gur thogh sibh an áit so mar mbur n-áit ruaige agus tá súil agam go nimeochaidh sibh, le sásadh nar mheath mbur mbaramhail oraibh; agus méid eile i láthair, atá athas orainn go mbeidh muid ag éisteacht le fúaimthe ar sean-teanga 'san ionad so indiu. Tá sí beó in mbur measg sé mo eolas féin é, buidheachas do Dhia! mar tá sé i gcumas na sean í a labhairt, gomh maith 's tá sé i gcumas na sean i n-aon chearn eile de chondae Dhún-na-nGall. Méid eolais na óige tá mé dall agus anbhfiosach air, acht tá súil agam go mbéidh an lá indiu na shompla acu, í a chleachtadh agus fheiceált í fhághail beó ag an tréibh i thiocfas na ndiaidh. Tá eolas agaibh gur'b í teanga na hÉireann í, gur'b í teanga ar sinsear í, agus gur'b í is ceart a bheith i mbeulaibh gach fir agus mná aosta agus óg, ó shléibhte áluinne Fánaid go bruach Loch-Fhinne, agus ó rinnidh Gaoth-Dobhair go Cuan na gCeall. Tá éolas agaibh, an grádh agus an gean 'tá aig uachdarán Eaglaise na hÉireann uirthi, mar theidheann se ó cheart- lár a chuid obair mhór eachtaigh, ó chathair Árda Macha, le í a neartughadh agus a athbheodhadh. Mar an gceudna, tá eolas agaibh air an gean agus an grádh atá aig Éaspog Ua Domhnall uirrthi, agus an comhairle 'tá sé tabhairt dúinn go moch agus go mall; í a léigheadh, a sgríobh, agus a labhairt, agus a dícheall mór a dhéanadh, a fréimhthe chuir síos níos doimhne agus níos daingne ná tá sí i láthair. Abrann a námhaid nach bhfuil úsáid innti, nach saoth- ruigeann sí ar mbeatha dúinn acht an té 'bhfuil an intinn sin aige, tá sé neamh-fhallsa leigeant di bás d'fhághail. A ngoirfeadh aon agaibh Éireannach air an té sin! Measaim nach ngoirfeadh. Go dé mbur mbaramhail air an Francach, nó an Gearmánach, a chuirfeadh faoi droch-mheas teanga a thíre féin? Bheidheadh agaibh air droch-mheas mór. Mar a gceudna, is ceart dúinne an tÉireannach a dhiúltas teanga a thíre féin, bheith faoi dhroch-mheas agus beag-mheas mór againne. Air an sean agus an mheadhon-aois tá do throm-ualach í choingeált beo, í a fhoghluim do'n óige. Acht a mháthaireacha go háirithe! bheirim comhairle dhaoibh í fhoghluim do leanbha an urláir, agus insan gníomh so, na deun, mar tá déanta i measg mórán máthaireacha i gConndae Dhún-na-ngall, 'sí an teanga Ghaedhilge, teanga an n-indhghaoin (naoidheanáin) ó nádúir, agus 'sí is cheart fhoghluim dóibh ar dtúis. Acht, faraoir! ní é so 'tá déunta; agus anois bhéarfaidh mé sompla nó dó dhaoibh air an tairbhe bhídheas agus bheidheas air leithid so do obair. Ní bhfuil sé acht beagán laethe ó shoin, a chualaidh mé bean air bhruach áille, a glaodh le gasúr beag. "Tómais, a mhac! tiomán up the bó-bhreac to the chnoc, for she will mill all the coirce, and send down the bó-ghlas that's stuama, cneasda, modhamhail, and that will do no dochair to the coirce!" Giota beag eile air a dhiaidh agus chualaidh mé bean ag glaodh le geirseach bheag - "Run Nórtha bheag, and tiomán the cearca out of the prátaí úra, or they will mill them, go hairthidh an coileach Márta; for he would stróic all the praties from this to uisge Gaoith-dobhair with his big spáigs;" giota beag eile, agus chualaidh sgeul a chuir áthas agus mí-shuaimhneas orm 'san am ceudna. Arsa máthair le gasúr beag. "Nígh your aghaidh and your lámha, and cíor your ceann! to make deifir to school óir you will get an athmhusan from the máistir you'll not lose cuimhne of in a day or two." Fágann an obair seo muid gan Béurla gan Gaedhilg, agus gan éolas go dé an righeacht ar n-dúthchas. Cleachtaidh ar sean teanga milis do'n óige, agus ná bíodh baoghal oraibh nách mbeidh iomlán beurla acu ó na Scoilte agus a cuid leabhra agus tá súil agam go m-béidh sibh: - Le díogras agus grádh, A' foghluim ar dteanga Gach oidhche 's gach lá, Do'n óige 's do'n mheadhon-aos Tabhair dóifa mbur gcabhair, O bhruach Loch-Fhinne go uisge Gaoith-Dobhair, Agus a chumainn litiordha na Gaedhilge! 'Tá grádh in-ar gcroidhthibh, Gur thogh sibh an ait seo
Mar mbur n-áit chomhnuidhe 'S má faghmaoid an cuidiughadh Mar is ceart 's is cóir, Ní baoghal do ar dteanga Isna gleanntan go fóil. Críoch Gaoth-Dobhair, Gweedore; Cuan na gCeall, the harbour of Killybegs, na Cealla Beaga.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services