Cúrsaidhe an tSaoghail
Óraid ó Chonchubhar Ua Baoighill, air Bhruach
Loch-Fhinne, i gConndae Dhún-na-nGall
A mhuintir chumainn litiordha na Gaedhilge ó Dhoire-
Coluim-Chill, tá lúthghair arm gur thogh sibh an áit so
mar mbur n-áit ruaige agus tá súil agam go nimeochaidh
sibh, le sásadh nar mheath mbur mbaramhail oraibh; agus
méid eile i láthair, atá athas orainn go mbeidh muid
ag éisteacht le fúaimthe ar sean-teanga 'san ionad so
indiu. Tá sí beó in mbur measg sé mo eolas féin é,
buidheachas do Dhia! mar tá sé i gcumas na sean í a
labhairt, gomh maith 's tá sé i gcumas na sean i n-aon
chearn eile de chondae Dhún-na-nGall.
Méid eolais na óige tá mé dall agus anbhfiosach air,
acht tá súil agam go mbéidh an lá indiu na shompla
acu, í a chleachtadh agus fheiceált í fhághail beó ag an
tréibh i thiocfas na ndiaidh.
Tá eolas agaibh gur'b í teanga na hÉireann í, gur'b
í teanga ar sinsear í, agus gur'b í is ceart a bheith i
mbeulaibh gach fir agus mná aosta agus óg, ó shléibhte áluinne
Fánaid go bruach Loch-Fhinne, agus ó rinnidh Gaoth-Dobhair
go Cuan na gCeall.
Tá éolas agaibh, an grádh agus an gean 'tá aig uachdarán
Eaglaise na hÉireann uirthi, mar theidheann se ó cheart-
lár a chuid obair mhór eachtaigh, ó chathair Árda Macha,
le í a neartughadh agus a athbheodhadh. Mar an gceudna, tá
eolas agaibh air an gean agus an grádh atá aig Éaspog
Ua Domhnall uirrthi, agus an comhairle 'tá sé tabhairt
dúinn go moch agus go mall; í a léigheadh, a sgríobh, agus a
labhairt, agus a dícheall mór a dhéanadh, a fréimhthe chuir síos
níos doimhne agus níos daingne ná tá sí i láthair.
Abrann a námhaid nach bhfuil úsáid innti, nach saoth-
ruigeann sí ar mbeatha dúinn acht an té 'bhfuil an intinn
sin aige, tá sé neamh-fhallsa leigeant di bás d'fhághail.
A ngoirfeadh aon agaibh Éireannach air an té sin!
Measaim nach ngoirfeadh. Go dé mbur mbaramhail
air an Francach, nó an Gearmánach, a chuirfeadh faoi
droch-mheas teanga a thíre féin? Bheidheadh agaibh air
droch-mheas mór. Mar a gceudna, is ceart dúinne an
tÉireannach a dhiúltas teanga a thíre féin, bheith faoi
dhroch-mheas agus beag-mheas mór againne.
Air an sean agus an mheadhon-aois tá do throm-ualach
í choingeált beo, í a fhoghluim do'n óige. Acht a
mháthaireacha go háirithe! bheirim comhairle dhaoibh í
fhoghluim do leanbha an urláir, agus insan gníomh so, na
deun, mar tá déanta i measg mórán máthaireacha i
gConndae Dhún-na-ngall, 'sí an teanga Ghaedhilge,
teanga an n-indhghaoin (naoidheanáin) ó nádúir, agus 'sí is
cheart fhoghluim dóibh ar dtúis. Acht, faraoir! ní é so
'tá déunta; agus anois bhéarfaidh mé sompla nó dó
dhaoibh air an tairbhe bhídheas agus bheidheas air leithid so
do obair. Ní bhfuil sé acht beagán laethe ó shoin, a
chualaidh mé bean air bhruach áille, a glaodh le gasúr
beag. "Tómais, a mhac! tiomán up the bó-bhreac to
the chnoc, for she will mill all the coirce, and send
down the bó-ghlas that's stuama, cneasda, modhamhail,
and that will do no dochair to the coirce!" Giota
beag eile air a dhiaidh agus chualaidh mé bean ag glaodh
le geirseach bheag - "Run Nórtha bheag, and tiomán the
cearca out of the prátaí úra, or they will mill them,
go hairthidh an coileach Márta; for he would stróic all
the praties from this to uisge Gaoith-dobhair with his
big spáigs;" giota beag eile, agus chualaidh sgeul a chuir
áthas agus mí-shuaimhneas orm 'san am ceudna. Arsa
máthair le gasúr beag. "Nígh your aghaidh and your
lámha, and cíor your ceann! to make deifir to school
óir you will get an athmhusan from the máistir you'll
not lose cuimhne of in a day or two." Fágann an obair
seo muid gan Béurla gan Gaedhilg, agus gan éolas go
dé an righeacht ar n-dúthchas.
Cleachtaidh ar sean teanga milis do'n óige, agus ná
bíodh baoghal oraibh nách mbeidh iomlán beurla acu ó na
Scoilte agus a cuid leabhra agus tá súil agam go m-béidh
sibh: -
Le díogras agus grádh,
A' foghluim ar dteanga
Gach oidhche 's gach lá,
Do'n óige 's do'n mheadhon-aos
Tabhair dóifa mbur gcabhair,
O bhruach Loch-Fhinne go uisge Gaoith-Dobhair,
Agus a chumainn litiordha na Gaedhilge!
'Tá grádh in-ar gcroidhthibh,
Gur thogh sibh an ait seo