Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Dhúngharbháin
Title
Feis Dhúngharbháin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feis Dhúngharbháin Thárla go rabhas asan tuaith ag caitheamh roinnt laetheanta saoire agus bhuail Tomás O hUigin liom, agus d'fhiafruigh dhíom an raghainn go Dúngharbháin lá na feise. Dubhart-sa leis go rabhas tar éis geallamhaint go raghainn go Baile Mhúirne an lá céadna go dtí an fheis ann. "Ach" ar seisean, "tá gach éinne ag dul go Baile Mhúirne do réir mar airighim; beidh daoine ó Lúnduin ann agus daoine ó Chorcaigh agus daoine ó Bhaile Átha Cliath, acht ní'l fagháil agam-sa ar éinne thiocfadh liom féin go Dúngharbháin chum congnamh linn." "Ó tá an sgéal chomh dona sain agaibh," arsa mise, "tá sé chomh maith agam dul go Dúnbharbháin leat-sa agus a fhágaint fá na daoinibh eile cuidiughadh le muintir
Bhaile Mhúirne. Ba mhaith liom dul siar, mar bhíos ann anuraidh agus do thaitin an turus go maith liom. Acht ní ceart gan cuidiughadh leis an lag-bhuidhin, agus táid siad tréan thiar." Agus chuadhas-sa leis. Seadh, máiseadh; nílim-se chum aon chunntas do thabhairt ar an bhfeis féin, acht beagán moladh agus cáineadh ar nós na bhfilí do gach dream do thuill iad. Mo smaointe féin is eadh táim ag cur síos, agus má bheadh cruaidh ar éinne, tá súil agam ná glacfaidh sé dobhracht do dheasgaibh mo chomhairle-se acht go ndéanfaidh sé a dhícheall chum a chur féin ar a leas. Thar agus os cionn gach aon dreama eile tuillidh muintir na Rinne agus Mac Uí Fhoghladha, an maighistir sgoile, ard-mholadh i dtaobh a ndearnadar chum na cúise chur chum cinn. Tháinig sé féin isteach ann agus thug timcheall deichneabhar idir garsúnaibh agus gearrchailibh do pháistibh a sgoile leis agus thug sé ceacht dóibh i nGaedhilg agus i mBéarla ar léir-sgáil na hÉireann. Ba mhaith leat bheith ag féachaint ar na páistibh agus an méid toradh thugadar air agus é ag innsint dóibh cionnus do thárla léim Chonchulainn do bheith ar an gceann talamh i n-uachtar béil na Sionainne. Bhí sé ar a cumas ag an ngearr-chaile is óige an sgéal go léir d'innsint thar ais do nuair chuir sé an cheist uirri. Bhí beirt ghirseach eile a bhíos ag dul ar sgoil do Mhac Uí Fhoghladha agus chuadar isteach ar an gcomórtas comhraidh agus geallaim- -se go mb'aoibhinn le duine bheith ag éisteacht leó ag spreagadh Gaedhilge. Bhí duine aca ag teacht i gcoin- nibh mhúinteoireacht an dá theangadh agus an ceann eile dá moladh. Ní gábhadh dham a rádh go bhfuair sí seo an chéad duais. Ní raibh sí thar a seacht nó a hocht mbliadhna d'aois. An bhfuighthí ar éantslighe, iad so bhreith go dtí an tOireachtas? Is ann do thaisbeánfaoi do'n tsaoghal go léir go bhfuil an Ghaedhilg beó bríogh- mhar fós i nÉirinn agus i gContae Phuirtláirge go háirithe, agus an dream so a deir ná fuil éan-ghábhadh le múinteoi- reacht an dá theangadh i n-áiteannaibh i nÉirinn, do bhréagnughadh. Tá mórán le déanamh fós i gCo. Phuirtláirge i dtaobh amhrán agus sgéalta do chur síos. Is iomdha amhrán breágh gonta do chuala féin i nDúngarbháin agus ní fhaca thar a dó nó a trí dhíobh i gcló. Sin locht atá ar mhuintir Phuirtláirge ar fad, ní'l éinne aca ag sgríobhadh. Tá Gaedhilg ann chomh maith is tá sí i n-aon bhall eile i nÉirinn agus b'fhéidir tuilleadh beag níos fearr, cé nach ceart bheith ag déanamh comórtais; tá eólas ag cuid mhaith aca ar a léigheadh, agus táid siad ro- leisgeamhail chum a sgríobhadh nó tá eagla orra ná fuighdís í litriughadh i gceart ar an gcéad iarracht. Is dócha go bhfuil an sgéal céadna le hinnsint i dtaobh na ndaoine i n-áiteannaibh eile, acht is é an feall agus an náire dearg na hamhráin agus na sgéalta breághda ag dul i ndearmad agus seandaoine go rabhadar 'na gceart aca ag fagháil bháis gach lá dá dtagann. Ba chóir dhúinn níos mó sgríobhnóirí bheith againn. Bhí trí chóir chiuil sa bhfeis; dhá cheann ó Dhúngarbháin féin agus ceann ó Lios Mór. Fuair cor Siúr Riaghalta an Ofrála an chéad duais, agus dubhairt an tAthair Géanor a bhí 'na bhreitheamh ar an gceól go dtug siad an dá amhrán go maith uatha. Bhí an Sagart Paróiste sa chathaoir acht níor labhair sé aon Ghaedhilg linn cé chuala go raibh an oiread aige agus do dhéanfadh a ghnó. Bhí halla an bhaile lán suas de dhaoinibh agus bhí cuid de na daoinibh galánta so go mbídh na cufaí agus na calaí gan smúit ná smáit ionta orra, agus ná tuigfeadh agus ná labharfadh aon Ghaedhilg, thíos ag bun an tighe agus mheasadar cúilín spóirt do bheith aca féinidh ar na sean-mhnáibh agus na daoinibh do chuaidh i n-áirde do ghabháil amhrán no aistí labhartha. Níor leigeadh dóibh siúd do dhéanamh ámh, mar cuireadh an cadhbáis orra ag Domhnall Ó Fearachair agus ag cuid de na daoinibh eile bhaineas le Connradh na Gaedhilge sa mbaile sin. Is beagh an meas a bhéas feasda ar a leithéidibh de Sheóinínibh Gallda i nDúngarbháin. Fear maith 'is eadh Domhnall Ó Fearachair. Is é athair an Chonnartha i nDúngarbháin é. Mura mbeadh é féin agus Tomás Ó hUigin is baoghlach gur beag do-ghean- taoi i nDúngharbháin chum na Gaedhilge do chur ar aghaidh. Táid daoine eile ann ná raibh díomhaoin acht thuit urmhór de'n obair ar an mbeirt seo. Do chonnac-sa Ribeárd Bheldon an file ó'n gCumarach ann agus chuala é ag aithris cuid dá amhránaibh féin, agus ní bréag a rádh ná go bhfuil sé go maith. Do sgríobh Domhnall litir chuige roinnt laetha roimh an bhFeis, dá iarraidh air teacht isteach go Dúngarbháin lá na feise agus seo an freagradh thug Roberts air. A Dhomhnaill áluinn na sáir-ghníomhartha, Ba mhaith ar beárna i n-am an íorghuil, Chrothfad lámh leat nuair raghad im' dhícheall I nDún na mBád thiar le ciumhais na taoide. Is iomdha amhrán deas atá ag Ribeárd de ghlan- mheabhair agus ní mhothócha an oidhche ag imtheacht thart ag éisteacht leis ag déanamh aithris orra agus dá míniughadh. Uch, m'atuirse go cráidhte gach lá mhairfead féinidh Mo threasgradh mo léir-sgrios go hae 'nam 's mo bhrón Gur b'fhada dham go hádhmharach ag tál lacht na bheith úd Do sgéitheadh as Hélicon dréachta gan dreoghadh, Níor bh'fheasach dham i nInnis Fáil Na bhfear ba chliste gonta sámh, Éin-fhear na bhfuighinn a leagadh tláth Le dántaibh 'na gcóir. Gur tháinig Ribeárd liom an sáir-fhear gasda grinn 'S gur threochuigh a threithe go tréith mé gan treoir 'Dé an maitheas bheith ag trácht ar Sheaghán Clárach na géire An Mangaire dob' aereach Tadhg Gaedhealach no Eoghan, Agus snas is clis na dáimh ag Ribeárd thar na déithibh Do léir-tharraing Éire as an ngeibhionn fad ó, Níl goire i bhfonn dá mhodhamhla bláth, Do easgair sonn nár mheabhruigh tráth; Níl binneas amhra i leabhar ná i bpár Nach dó-san is eól;
'S nach suarach do chneamhaire mar táim-se a mheas do shíor Go bhféadfainn ingaos dá leithéid teacht deó. Go mairir-se do cháil a Ribeárd mhilis éachtaigh Go ra' fada dhuit san tsaoghal so fá réim fhada beó; Go bhfeiceam tusa id' shláinte agus fagháltas dod' mhéinn ort Agus dréachta na nÉigeas i nGaedhilg ód' bheól; Do theanga leabhair nár chaillir í, 'S a blas go rabhair dá spreagadh linn Cum Clanna ceannsa cneasta Gaoidheal D'árdach a ceó; Siúd ghuidheann Tadhg le grádh ort cé gur bh'fánach é athriall Thar sléibhtibh na hÉireann a shéimhfhir na gcéol. Tadhg Ó Donnchadha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services