Bhaile Mhúirne. Ba mhaith liom dul siar, mar bhíos ann
anuraidh agus do thaitin an turus go maith liom. Acht ní
ceart gan cuidiughadh leis an lag-bhuidhin, agus táid siad
tréan thiar." Agus chuadhas-sa leis.
Seadh, máiseadh; nílim-se chum aon chunntas do
thabhairt ar an bhfeis féin, acht beagán moladh agus cáineadh
ar nós na bhfilí do gach dream do thuill iad. Mo
smaointe féin is eadh táim ag cur síos, agus má bheadh
cruaidh ar éinne, tá súil agam ná glacfaidh sé dobhracht
do dheasgaibh mo chomhairle-se acht go ndéanfaidh sé a
dhícheall chum a chur féin ar a leas.
Thar agus os cionn gach aon dreama eile tuillidh
muintir na Rinne agus Mac Uí Fhoghladha, an maighistir
sgoile, ard-mholadh i dtaobh a ndearnadar chum na
cúise chur chum cinn. Tháinig sé féin isteach ann agus thug
timcheall deichneabhar idir garsúnaibh agus gearrchailibh do
pháistibh a sgoile leis agus thug sé ceacht dóibh i nGaedhilg
agus i mBéarla ar léir-sgáil na hÉireann. Ba mhaith leat
bheith ag féachaint ar na páistibh agus an méid toradh
thugadar air agus é ag innsint dóibh cionnus do thárla
léim Chonchulainn do bheith ar an gceann talamh
i n-uachtar béil na Sionainne. Bhí sé ar a cumas ag
an ngearr-chaile is óige an sgéal go léir d'innsint thar
ais do nuair chuir sé an cheist uirri. Bhí beirt ghirseach
eile a bhíos ag dul ar sgoil do Mhac Uí Fhoghladha agus
chuadar isteach ar an gcomórtas comhraidh agus geallaim-
-se go mb'aoibhinn le duine bheith ag éisteacht leó ag
spreagadh Gaedhilge. Bhí duine aca ag teacht i gcoin-
nibh mhúinteoireacht an dá theangadh agus an ceann eile dá
moladh. Ní gábhadh dham a rádh go bhfuair sí seo an
chéad duais. Ní raibh sí thar a seacht nó a hocht
mbliadhna d'aois. An bhfuighthí ar éantslighe, iad so
bhreith go dtí an tOireachtas? Is ann do thaisbeánfaoi
do'n tsaoghal go léir go bhfuil an Ghaedhilg beó bríogh-
mhar fós i nÉirinn agus i gContae Phuirtláirge go háirithe,
agus an dream so a deir ná fuil éan-ghábhadh le múinteoi-
reacht an dá theangadh i n-áiteannaibh i nÉirinn, do
bhréagnughadh.
Tá mórán le déanamh fós i gCo. Phuirtláirge i
dtaobh amhrán agus sgéalta do chur síos. Is iomdha
amhrán breágh gonta do chuala féin i nDúngarbháin agus
ní fhaca thar a dó nó a trí dhíobh i gcló. Sin locht atá
ar mhuintir Phuirtláirge ar fad, ní'l éinne aca ag
sgríobhadh. Tá Gaedhilg ann chomh maith is tá sí i n-aon
bhall eile i nÉirinn agus b'fhéidir tuilleadh beag níos
fearr, cé nach ceart bheith ag déanamh comórtais; tá
eólas ag cuid mhaith aca ar a léigheadh, agus táid siad ro-
leisgeamhail chum a sgríobhadh nó tá eagla orra ná
fuighdís í litriughadh i gceart ar an gcéad iarracht.
Is dócha go bhfuil an sgéal céadna le hinnsint i dtaobh
na ndaoine i n-áiteannaibh eile, acht is é an feall agus an
náire dearg na hamhráin agus na sgéalta breághda ag dul
i ndearmad agus seandaoine go rabhadar 'na gceart
aca ag fagháil bháis gach lá dá dtagann. Ba chóir
dhúinn níos mó sgríobhnóirí bheith againn.
Bhí trí chóir chiuil sa bhfeis; dhá cheann ó Dhúngarbháin
féin agus ceann ó Lios Mór. Fuair cor Siúr Riaghalta
an Ofrála an chéad duais, agus dubhairt an tAthair Géanor
a bhí 'na bhreitheamh ar an gceól go dtug siad an dá
amhrán go maith uatha.
Bhí an Sagart Paróiste sa chathaoir acht níor labhair
sé aon Ghaedhilg linn cé chuala go raibh an oiread
aige agus do dhéanfadh a ghnó.
Bhí halla an bhaile lán suas de dhaoinibh agus bhí cuid de
na daoinibh galánta so go mbídh na cufaí agus na
calaí gan smúit ná smáit ionta orra, agus ná tuigfeadh
agus ná labharfadh aon Ghaedhilg, thíos ag bun an tighe
agus mheasadar cúilín spóirt do bheith aca féinidh ar
na sean-mhnáibh agus na daoinibh do chuaidh i n-áirde do
ghabháil amhrán no aistí labhartha. Níor leigeadh dóibh
siúd do dhéanamh ámh, mar cuireadh an cadhbáis orra
ag Domhnall Ó Fearachair agus ag cuid de na daoinibh
eile bhaineas le Connradh na Gaedhilge sa mbaile sin.
Is beagh an meas a bhéas feasda ar a leithéidibh de
Sheóinínibh Gallda i nDúngarbháin.
Fear maith 'is eadh Domhnall Ó Fearachair. Is é
athair an Chonnartha i nDúngarbháin é. Mura mbeadh é
féin agus Tomás Ó hUigin is baoghlach gur beag do-ghean-
taoi i nDúngharbháin chum na Gaedhilge do chur ar aghaidh.
Táid daoine eile ann ná raibh díomhaoin acht thuit
urmhór de'n obair ar an mbeirt seo.
Do chonnac-sa Ribeárd Bheldon an file ó'n gCumarach
ann agus chuala é ag aithris cuid dá amhránaibh féin, agus ní
bréag a rádh ná go bhfuil sé go maith. Do sgríobh
Domhnall litir chuige roinnt laetha roimh an bhFeis, dá
iarraidh air teacht isteach go Dúngarbháin lá na feise
agus seo an freagradh thug Roberts air.
A Dhomhnaill áluinn na sáir-ghníomhartha,
Ba mhaith ar beárna i n-am an íorghuil,
Chrothfad lámh leat nuair raghad im' dhícheall
I nDún na mBád thiar le ciumhais na taoide.
Is iomdha amhrán deas atá ag Ribeárd de ghlan-
mheabhair agus ní mhothócha an oidhche ag imtheacht thart ag
éisteacht leis ag déanamh aithris orra agus dá míniughadh.
Uch, m'atuirse go cráidhte gach lá mhairfead féinidh
Mo threasgradh mo léir-sgrios go hae 'nam 's mo
bhrón
Gur b'fhada dham go hádhmharach ag tál lacht na bheith úd
Do sgéitheadh as Hélicon dréachta gan dreoghadh,
Níor bh'fheasach dham i nInnis Fáil
Na bhfear ba chliste gonta sámh,
Éin-fhear na bhfuighinn a leagadh tláth
Le dántaibh 'na gcóir.
Gur tháinig Ribeárd liom an sáir-fhear gasda grinn
'S gur threochuigh a threithe go tréith mé gan treoir
'Dé an maitheas bheith ag trácht ar Sheaghán Clárach na
géire
An Mangaire dob' aereach Tadhg Gaedhealach no
Eoghan,
Agus snas is clis na dáimh ag Ribeárd thar na déithibh
Do léir-tharraing Éire as an ngeibhionn fad ó,
Níl goire i bhfonn dá mhodhamhla bláth,
Do easgair sonn nár mheabhruigh tráth;
Níl binneas amhra i leabhar ná i bpár
Nach dó-san is eól;