Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Ua Baoighill, Conn,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Cuairt Chumainn Litiordha na Gaedhilge Dhoire Choluim-Chille chum Bruaich Loch Finne i gConndae Dhún-na-nGall Dia Domhnaigh so chuaidh tharainn bhí mórán lúthgháire i n-ar measg, ag rith le fáilte a thabhairt do mhuinntir Dhoire. Bhí sean agus óg, an frithear agus an slán, ar an bhóthar. Méid na fearamhlacht a chonnaic mé roimh na cuairteoirí an lá sin ní bhéidh sé as mo chuimhne feadh lae nó dó. D'éisteamar an tAifrionn, agus fuair seanchus gearr ón tsagairt a raibh brígh agus tádhbhacht ionn. Mhínigh sé dhúinn an lá a chaitheamh saor ón mheath agus an locht tá ar Éireannaigh bhochta, agus ar n-intinn a thabhairt do'n ócáid a thug sinn go huile chum bruaich Loch Finne. I ndiaidh na comhairle so, d'imthigh chum páirce atá i n-aice an locha. Toghadh an tAthair Mac an tSaoir mar uachdarán. I gcomhrádh gearr de theanga na hÉirinne, thug uchtach dúinn go mbéadh sé linn ins an gníomh so, agus ghlaodh méid a bhí toileamhail a theacht i láthair, agus gan faitcheas a bheith i n-ar measg. Tháinic Conchobhar Ua Baoighill ar aghaidh, agus rinn óráid ar aithbheódhadh ar dteanga, agus go háirithe é bheith i n-ar mbéalaibh, agus gan moill a dhéanamh í fhoghlaim do'n óige. Measaim gur chuir an comhrádh aoibhneas ortha, go háirithe nuair thug sompla nó dó de'n phráiceas canamhna fhoghlimeas mórán máithreacha dá gcloinn i gceárnaibh de chonndae Dhún-na-nGall; canamhaint tá lán-choit- cheann, fairíor! Tá súil go mbéidh sí ag laghdughadh ó lá go lá. Tháinic Séamas Ua Dubhghaill ó Dhoire ar aghaidh, agus i gcanamhaint na Muimhneach measgtha le comhrádh Dhún- na-nGall fuair éisteacht foidhideach ar a chomhairle - an teanga a bheith beó i n-ar measg. Tá a chosamhlacht as mo choinne ar an mhóimeint so. Tháinic fear Dhún- na-nGall, Peadar Mac Fhionnlaoigh, i láthair, agus mar is gnáth, níor chaill tuigse chur ionnainn, gur trom-ualach é orainn gan ar dteanga a leigeant le sruth. Is bríoghmhar na fir iad so i leith na Gaedhilge, mar teisteanas a ngníomhartha. Is fiúntach céillidh an comhrádh fuaramar ó fhear Bhaile an Mhullaigh, Mac Cnáimhsighe. Tá sé coitcheann leis na fir a labhras ar an fháth mór, - an teanga a bheith beó. Acht a cháirde! 'sé Ua Sléibhín ó Bhaile an Mhullaigh fuair an fháilte, agus chuir misneach i n-ar measg, nuair d'fhreagair sé go dtáinic fiche míle thríd sléibhte, trasna aibhne agus gleanntain uaigneach, le taice agus cungnamh a thabhairt dúinn. Ba fhoidhideach an éisteacht fuair sé nuair a mhínigh sé an píonús a bhí ag máighistirí sgoile gallda do'n óige ina am féin. Bhí buidheachas i láthair go raibh an aimsir sin ar gcúl. Sgéal an chipín agus an bhluic ní fhuigfidh m'aigneadh i mbeagán laethe. Fuair Pádraic Ua Tiománaidhe uchtach ag dul ar gclár agus fuair sé eólas go raibh sé i n-innimh an tsean- teanga ársaidh a labhairt go bríoghmhar milís blasda. Bhí linn an tAthair Ua Gallchobhair ó Americá, agus fuaramar uaidh óráid i mbéarla a bhain macalla as na cnocáin i n-ar dtimcheall, agus labhair linn beagán i dteanga na hÉirinne. Bhí ceól ó'n óg agus ó'n sean, agus chuireamar críoch le lá bhéas cuimhneach i n-ar measg. Chuadhamar go huile i gcoimhdeach mhuinntir Dhoire go dtí an bóthar iarainn, agus thugamar buidheachas dóibh agus chuir beannacht leó. Fuaramar eólas uatha go mbéadh againn an bhliadhain so chugainn, agus le lúthgháir fuaireas sgéala go roicheadar Doire slán ó gach uile annró nó baoghal. Slán iad! agus go mbadh buanach a n-obair! Conn Ua Baoighill
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services