Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Ua Baoighill, Conn,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Cuairt Chumainn Litiordha na Gaedhilge
Dhoire Choluim-Chille chum Bruaich Loch
Finne i gConndae Dhún-na-nGall



Dia Domhnaigh so chuaidh tharainn bhí mórán lúthgháire
i n-ar measg, ag rith le fáilte a thabhairt do mhuinntir
Dhoire. Bhí sean agus óg, an frithear agus an slán, ar an
bhóthar. Méid na fearamhlacht a chonnaic mé roimh na
cuairteoirí an lá sin ní bhéidh sé as mo chuimhne feadh
lae nó dó.



D'éisteamar an tAifrionn, agus fuair seanchus gearr
ón tsagairt a raibh brígh agus tádhbhacht ionn. Mhínigh sé
dhúinn an lá a chaitheamh saor ón mheath agus an locht tá ar
Éireannaigh bhochta, agus ar n-intinn a thabhairt do'n ócáid
a thug sinn go huile chum bruaich Loch Finne.



I ndiaidh na comhairle so, d'imthigh chum páirce atá
i n-aice an locha. Toghadh an tAthair Mac an tSaoir
mar uachdarán. I gcomhrádh gearr de theanga na
hÉirinne, thug uchtach dúinn go mbéadh sé linn ins an
gníomh so, agus ghlaodh méid a bhí toileamhail a theacht i
láthair, agus gan faitcheas a bheith i n-ar measg.



Tháinic Conchobhar Ua Baoighill ar aghaidh, agus rinn óráid
ar aithbheódhadh ar dteanga, agus go háirithe é bheith i n-ar
mbéalaibh, agus gan moill a dhéanamh í fhoghlaim do'n óige.
Measaim gur chuir an comhrádh aoibhneas ortha, go
háirithe nuair thug sompla nó dó de'n phráiceas canamhna
fhoghlimeas mórán máithreacha dá gcloinn i gceárnaibh
de chonndae Dhún-na-nGall; canamhaint tá lán-choit-
cheann, fairíor! Tá súil go mbéidh sí ag laghdughadh ó
lá go lá.



Tháinic Séamas Ua Dubhghaill ó Dhoire ar aghaidh, agus i
gcanamhaint na Muimhneach measgtha le comhrádh Dhún-
na-nGall fuair éisteacht foidhideach ar a chomhairle -
an teanga a bheith beó i n-ar measg. Tá a chosamhlacht
as mo choinne ar an mhóimeint so. Tháinic fear Dhún-
na-nGall, Peadar Mac Fhionnlaoigh, i láthair, agus mar is
gnáth, níor chaill tuigse chur ionnainn, gur trom-ualach
é orainn gan ar dteanga a leigeant le sruth.



Is bríoghmhar na fir iad so i leith na Gaedhilge, mar
teisteanas a ngníomhartha. Is fiúntach céillidh an
comhrádh fuaramar ó fhear Bhaile an Mhullaigh, Mac
Cnáimhsighe. Tá sé coitcheann leis na fir a labhras ar
an fháth mór, - an teanga a bheith beó. Acht a cháirde!
'sé Ua Sléibhín ó Bhaile an Mhullaigh fuair an fháilte, agus
chuir misneach i n-ar measg, nuair d'fhreagair sé go
dtáinic fiche míle thríd sléibhte, trasna aibhne agus
gleanntain uaigneach, le taice agus cungnamh a thabhairt
dúinn. Ba fhoidhideach an éisteacht fuair sé nuair a
mhínigh sé an píonús a bhí ag máighistirí sgoile gallda
do'n óige ina am féin. Bhí buidheachas i láthair go raibh
an aimsir sin ar gcúl. Sgéal an chipín agus an bhluic ní
fhuigfidh m'aigneadh i mbeagán laethe.



Fuair Pádraic Ua Tiománaidhe uchtach ag dul ar
gclár agus fuair sé eólas go raibh sé i n-innimh an tsean-
teanga ársaidh a labhairt go bríoghmhar milís blasda.



Bhí linn an tAthair Ua Gallchobhair ó Americá, agus
fuaramar uaidh óráid i mbéarla a bhain macalla as na
cnocáin i n-ar dtimcheall, agus labhair linn beagán i
dteanga na hÉirinne.



Bhí ceól ó'n óg agus ó'n sean, agus chuireamar críoch le lá
bhéas cuimhneach i n-ar measg. Chuadhamar go huile i
gcoimhdeach mhuinntir Dhoire go dtí an bóthar iarainn,
agus thugamar buidheachas dóibh agus chuir beannacht leó.
Fuaramar eólas uatha go mbéadh againn an bhliadhain so
chugainn, agus le lúthgháir fuaireas sgéala go roicheadar
Doire slán ó gach uile annró nó baoghal. Slán iad! agus
go mbadh buanach a n-obair!



Conn Ua Baoighill

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services