Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beacha Meala (III) - Sathúgadh
Title
Beacha Meala (III) - Sathúgadh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Beacha Meala (III) - Sathúgadh Mar adubhramar cheana, beireann an bhainríoghan mór-chuid ubh. Is minic do bheireann sí dhá mhíle sa ló. Is ró-gheárr ar an adhbhar sin do bhídhid na beacha ag dul i n-iomadamhlachd, i g-cás go líonaid an chorcóg. Annsan, trí easbaidh slighe, trí theas na n-ainmhidhthe beaga, agus trí bhrothallacht an tsamhraidh, bídheann air ag cuid de na beachaibh imtheacht. Is í an tsean-bhain- ríoghan a sheolann chum siubhail iad. I dtimcheall ocht laethe sul d'éirgheann an saithe, déanaid na beacha trí nó ceathair de chadhainibh móra fada, i gcosamhlachd measa d'fhásainn ar an ndair. Tugann siad aghaidh a mbéal so síos. So iad na seomraí ina n-oiltear na bainríoghna óga. Ní bhéarfadh an bhainríoghan uaithi féin ubh i n-aon chadhain díobh so, óir tá a fhios aici cad ar an maith iad, agus tá a fhios fós aici gur namhaid di féin gach geárach a tógthar ionnta. Dá bhrígh sin, is éigin do na beachaibh féin ubh do thabhairt ó na cadhainibh eile ann gach ceann díobh. Déanfaidh aon ubh boineannach an gnó - sé sin le rádh aon ubh dá bh-fuil 'sa chorcóig, acht amháin na h-uibhe as a dtigeann na leisgeoirí. I gceann trí laethe bíonn an t-ubh gortha. Cad do dhéanann bainríoghan de'n phéist bhig acht slighe go leór do bheith aici chum fáis, agus biadh speisialta, ar a nglaodh- tar "praiseach ríoghdha," do thabhairt di. Leanann na banaltraí dá cothúghadh go dtí an t-ochtmhadh la d'éis an uibh do bhreith, nuair do dhúnaid siad an chadhain agus annsan bíonn an saithe ullamh chum gluaiseachta. Chídheann tú anois nuair do bhíonn an tsean-bhain- ríoghan d'éis imtheachta leis an saithe go mbíonn trí nó ceathair de adhbharaibh bainríoghna 'na dhiaidh 'san chorcóig. Sé fáth nach maith leis na beachaibh bheith i dtiúrtaoibh le aon cheann amháin, ar eagla go meallfadh sí, agus ná beadh an dara dul suas aca. An t-ochtmhadh lá d'éis an tsaithe d'imtheacht, tigeann an chéad bhain- ríoghan óg amach as an gcadhain, agus is é a céad ghnó dul fá dhéin a deirbhshiúr bochta atá i ngabhan nó i bpríosún chum iad do mharbhughadh. Déanann sí an mí-ghníomh seo go mear, muna gcoisgid na obaireóirí í. Má cheapaid siad so gur maith dhóibh saithe eile do chur uatha, ní leigid do'n bhainríoghan a deirbhshiúra do chur chum báis, acht caitheann sí imtheacht mar do chaith a máthair roimpi, ar cheann saithe eile, agus bíonn an dara bainríoghan do tigeann amach as an gcadhain na riaghaltóir sa chorcóig. Acht is minic ní leigthear do aon bhainríoghain fanamhaint feadh aon lae amháin go mbeidh ceithre saithí imthighthe, agus deireadh bíonn an comhluadar 'san tsean-áit comh lag san gur beag a fhéadann siad a ndóthain bídh a chnuasach i gcomhair an gheimhridh. Mar sin de, má's mian linn puinn meala a fhagháil uatha, caithfimíd cosg do chur leis an tsathughadh agus an stoc do choiméad láidir. Siad so trí slighthe chum é sin a dhéanamh: - (1) Féach- aint go minic ar frámaidhibh na n-ál agus na cadhanna ríoghdha do lot no do ghearradh amach. Ní imthigheann an tsean-bhainríoghan gan ceann óg a fhághaint clú- duighthe ina diaidh, agus ar an adhbhar sin ní baoghal go n-ealóchaidh sáithe comh fhada a's loitighthear na cadhanna ríoghdha go coitcheannta. Ní misde iad a lot gach seachtmhain i Meitheamh agus i n-Iúl nó níosa groide nuair a bhíonn an stoc an-láidir. (2) Bainríoghan mhaith óg do choiméad i n-gach chorcóig. Bíonn na hobaireóiri an-cheanamhail ar a leithéid seo agus ní maith leo sgara- mhaint léi. Ar an taobh eile ní thabhrann siad puinn grádha do sheana-cheann; sí sin ceann os cíonn dhá bhliadhain go leith d'aois. Sé fáth é seo gurab í an ceann is costamhla is mó thaithneann leo agus go mbíonn na bainríoghna a seip tar éis na haoise réamh-ráidhte. (3) Níor mó slighe a thabhairt dóibh ná a theasduigheann uatha. Coiméadann an raidhseamhlachd slighe iad ó bheith ró-the, agus comhfhad[h] as bhíd ag obair go maith, gan bheith ró-bhrothalach, ní dual dóibh bheith ag cuímhneamh ar sathúgadh. Féadfar a thuilleadh slíghe thabhairt dóibh gan duadh, óir ní'l uainn acht fráma eile do chur isteach. Tuig anois go bhfuil tórann, dá n-glaodhtar an "balbhán," déanta de adhmad, chum dul isteach taobh thiar de na frámhaidhibh, agus is é an gnó baintear as, an tSeomra Ríoghdha do dhéanamh beag nó mór do réir nirt an Stoic. I dtosach Meithimh nuair atá naoi bhfrámaí nó níos mo lán do bheachaibh agus teasduigheann a
thuilleadh slighe uatha, agus mil ag teacht isteach go tiugh, tá sé i n-am dúinn an chuid uachtarach de'n chorcóig a oibriughadh chum meala glé d'fhagháil. (Leanfar de seo) Míniughadh: - "Bíonn air ag cuid de na beachaibh," nó "bíonn (d') eire ag cuid aca, imtheacht," sé sin - "ní mór dóibh imtheacht" nó "caitheann siad imtheacht." "Raidhseamhlachd" = fairsingeacht, tuilleadh agus dóthain; "tórann"; d'fhéadfaidhe "tórthóir" nó "clár tórann" nó "clár deaghailte" nó "clár dealuighthe" do ghairm do'n chlár so.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services