Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beacha Meala (III) - Sathúgadh

Title
Beacha Meala (III) - Sathúgadh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Beacha Meala (III) - Sathúgadh



Mar adubhramar cheana, beireann an bhainríoghan
mór-chuid ubh. Is minic do bheireann sí dhá mhíle sa ló.
Is ró-gheárr ar an adhbhar sin do bhídhid na beacha ag
dul i n-iomadamhlachd, i g-cás go líonaid an chorcóg.
Annsan, trí easbaidh slighe, trí theas na n-ainmhidhthe
beaga, agus trí bhrothallacht an tsamhraidh, bídheann air ag
cuid de na beachaibh imtheacht. Is í an tsean-bhain-
ríoghan a sheolann chum siubhail iad.



I dtimcheall ocht laethe sul d'éirgheann an saithe,
déanaid na beacha trí nó ceathair de chadhainibh móra
fada, i gcosamhlachd measa d'fhásainn ar an ndair.
Tugann siad aghaidh a mbéal so síos. So iad na
seomraí ina n-oiltear na bainríoghna óga. Ní bhéarfadh
an bhainríoghan uaithi féin ubh i n-aon chadhain díobh so,
óir tá a fhios aici cad ar an maith iad, agus tá a fhios fós
aici gur namhaid di féin gach geárach a tógthar ionnta.
Dá bhrígh sin, is éigin do na beachaibh féin ubh do thabhairt
ó na cadhainibh eile ann gach ceann díobh. Déanfaidh
aon ubh boineannach an gnó - sé sin le rádh aon ubh dá
bh-fuil 'sa chorcóig, acht amháin na h-uibhe as a dtigeann
na leisgeoirí.



I gceann trí laethe bíonn an t-ubh gortha. Cad do
dhéanann bainríoghan de'n phéist bhig acht slighe go leór
do bheith aici chum fáis, agus biadh speisialta, ar a nglaodh-
tar "praiseach ríoghdha," do thabhairt di. Leanann na
banaltraí dá cothúghadh go dtí an t-ochtmhadh la d'éis
an uibh do bhreith, nuair do dhúnaid siad an chadhain agus
annsan bíonn an saithe ullamh chum gluaiseachta.



Chídheann tú anois nuair do bhíonn an tsean-bhain-
ríoghan d'éis imtheachta leis an saithe go mbíonn trí
nó ceathair de adhbharaibh bainríoghna 'na dhiaidh 'san
chorcóig. Sé fáth nach maith leis na beachaibh bheith i
dtiúrtaoibh le aon cheann amháin, ar eagla go meallfadh
sí, agus ná beadh an dara dul suas aca. An t-ochtmhadh
lá d'éis an tsaithe d'imtheacht, tigeann an chéad bhain-
ríoghan óg amach as an gcadhain, agus is é a céad ghnó dul
fá dhéin a deirbhshiúr bochta atá i ngabhan nó i bpríosún
chum iad do mharbhughadh.



Déanann sí an mí-ghníomh seo go mear, muna gcoisgid
na obaireóirí í. Má cheapaid siad so gur maith dhóibh
saithe eile do chur uatha, ní leigid do'n bhainríoghan a
deirbhshiúra do chur chum báis, acht caitheann sí imtheacht
mar do chaith a máthair roimpi, ar cheann saithe eile, agus
bíonn an dara bainríoghan do tigeann amach as an
gcadhain na riaghaltóir sa chorcóig. Acht is minic ní
leigthear do aon bhainríoghain fanamhaint feadh aon lae
amháin go mbeidh ceithre saithí imthighthe, agus deireadh
bíonn an comhluadar 'san tsean-áit comh lag san gur
beag a fhéadann siad a ndóthain bídh a chnuasach i
gcomhair an gheimhridh.



Mar sin de, má's mian linn puinn meala a fhagháil
uatha, caithfimíd cosg do chur leis an tsathughadh agus an
stoc do choiméad láidir.



Siad so trí slighthe chum é sin a dhéanamh: - (1) Féach-
aint go minic ar frámaidhibh na n-ál agus na cadhanna
ríoghdha do lot no do ghearradh amach. Ní imthigheann
an tsean-bhainríoghan gan ceann óg a fhághaint clú-
duighthe ina diaidh, agus ar an adhbhar sin ní baoghal go
n-ealóchaidh sáithe comh fhada a's loitighthear na cadhanna
ríoghdha go coitcheannta. Ní misde iad a lot gach
seachtmhain i Meitheamh agus i n-Iúl nó níosa groide nuair
a bhíonn an stoc an-láidir. (2) Bainríoghan mhaith óg
do choiméad i n-gach chorcóig. Bíonn na hobaireóiri
an-cheanamhail ar a leithéid seo agus ní maith leo sgara-
mhaint léi. Ar an taobh eile ní thabhrann siad puinn
grádha do sheana-cheann; sí sin ceann os cíonn dhá
bhliadhain go leith d'aois. Sé fáth é seo gurab í an
ceann is costamhla is mó thaithneann leo agus go mbíonn
na bainríoghna a seip tar éis na haoise réamh-ráidhte.
(3) Níor mó slighe a thabhairt dóibh ná a theasduigheann
uatha. Coiméadann an raidhseamhlachd slighe iad ó bheith
ró-the, agus comhfhad[h] as bhíd ag obair go maith, gan bheith
ró-bhrothalach, ní dual dóibh bheith ag cuímhneamh ar
sathúgadh. Féadfar a thuilleadh slíghe thabhairt dóibh
gan duadh, óir ní'l uainn acht fráma eile do chur
isteach.



Tuig anois go bhfuil tórann, dá n-glaodhtar an
"balbhán," déanta de adhmad, chum dul isteach taobh
thiar de na frámhaidhibh, agus is é an gnó baintear as, an
tSeomra Ríoghdha do dhéanamh beag nó mór do réir
nirt an Stoic. I dtosach Meithimh nuair atá naoi
bhfrámaí nó níos mo lán do bheachaibh agus teasduigheann a


L. 338


thuilleadh slighe uatha, agus mil ag teacht isteach go tiugh,
tá sé i n-am dúinn an chuid uachtarach de'n chorcóig a
oibriughadh chum meala glé d'fhagháil.



(Leanfar de seo)



Míniughadh: - "Bíonn air ag cuid de na beachaibh," nó
"bíonn (d') eire ag cuid aca, imtheacht," sé sin - "ní
mór dóibh imtheacht" nó "caitheann siad imtheacht."
"Raidhseamhlachd" = fairsingeacht, tuilleadh agus dóthain;
"tórann"; d'fhéadfaidhe "tórthóir" nó "clár tórann"
nó "clár deaghailte" nó "clár dealuighthe" do ghairm
do'n chlár so.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services