Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Muna mbeitheá id' chomhnuidhe i nAmericá níor bhfurusda dhuit gnótha-tíre na háite sin do thuigsint, acht beidh na páipéir thall go dícheallach as so go Samhain agus is fiú dhúinn súil do thabhairt anois agus arís ar an dtroid do bheidh idir an mBrianach agus MacFhionnlaoigh i dtaobh na hUachtarántachta. Tá mórán d'ár gcuid féin thall, slán beó leó. Is dóich liom go bhfuil an chuid is mó dhíobh ar thaobh an Bhrianaigh. Deirthear go bhfuil na Sasanaigh i nAmerica le MacFhionnlaoigh mar tá an teist amuich air gur mór leis ár gcomhursa Seaghan agus go bhfuil cáirdeas i gan fhios déanta aige leis. Ceileann MacFhionnlaoigh an cáirdeas sain, acht deir sé gur mór leis Sasana agus an Sagsan-Treibh, agus deir a lán go bhfuil sé ar tí aithris do dhéanamh ar Shasana agus Ímpireacht do dhéanamh as Toghariaghaltas Americá. Bíodh sain mar atá, beidh cómhrach mór aca ins an togha so atá le teacht. Deir páipéir Shasana gur thug an Brianach agus a leantóirí saghas éigin gealladh do theachtairí na mBórach go dtabharfaduis congnamh dóibh d'éis na Samhna, sé sin má chuirtear an rith ar MhacFhionnlaoigh. Deir na Sasanaigh go mbeidh an buaidh le MacFhionnlaoigh agus nách baoghal dóibh Americá, acht mar sin féin táid siad ag gríosadh Roberts. Ní fhuil Roberts dúr, tá sé ag déanadh a dhíchill, acht is beag an mhaitheas dó é, tá an bitheamhnach sain De Bhet ag déanamh cosair-asair de. Tá naoi n-anam ag an mBórach míorbhúileach sain, ar nós an chait an fhiadhaigh. Tá sé annso indiu agus thall annsúd i mbárach dafhichead míle ó bhaile. Triallann Seaghan ar aghaidh gan coinne le héinne aige agus buailtear go hobhann buille sa tsróin ar do chuireann réiltíní ag spréachadh as a dhá súil. "Hí! níor shíleas go rabhais annso, ochón mó shrón!" Sin mar atá le Seaghan bocht. Bhris De Bhet air trí huaire ar feadh na seachtmhaine. Throideadar ag Betlehem ar feadh deich n-uaire an chloig agus deir na páipéir go mb'éigean do na Sasanaigh druidim leo - ní maith leó a rádh gur ritheadar. Bhuail dream saigh- diúirí suas an bhóthar iarainn fá dhein Roberts, agus an iomad trucaillí lóin agus déantús airm aca. Chualadar na leomhain ag búithridh ar thuitim na hoidhche agus chonnca- dar fir mhóra féasógacha ag cosa-náirde chúca. Throid na Sasanaigh is dócha, mar do ghoill sé ortha a gcuid bídh do leigean leis na Bóracha, acht do gabh De Bhet thríotha agus thóg sé leis an lón go léir agus céad Albanach. Ní sháiseóchadh sain é; bhuail sé suas go Log Retief mar a raibh buidhean láidir suidhte agus misneach ortha, Breathnaigh agus Albanaigh bhí ionnta. Bhris sé isteach ar na fearaibh bochta ar nós na tuile agus do sgiob leis an méid do mhair aca, dhá chéad adeir Roberts. Támuid ar a thóir adeir Seaghan, agus ní misde dhó é. Deir Roberts gur fhág sé Pretoria, cum cómhraic do chur ar Bhota agus tá súil i n-áirde i Sasana ag feitheamh le sgéala maith. Ní raibh liúgh bhreágh againn le fada, agus má eirgheann le Roberts is é sin an fear do chuirfidh cúntus cruinn chúgainn. Tá mian chum sgéala orainn, thógfamuis é gan méar, fá mar d'ólfadh laogh ocrach bainne. Is beag an meas atá ar an bhfear lag ins an tsaoghal so. Ní chuirtear puinn suime i Seaghan ins an oirthear an aimsir seo agus tá na Cumachtaí 'gá n-ullamhúghadh féin chum troda leis an tSín gan cead 'ná cabhair ó Sheaghan. Muna mbiadh go bhfuil a arm mór i n-achrann le Pól bhiadh sé go buacach ins an tSín indiu, slaod air agus bolg air ag labhairt leis na Cumhachtaí eile mar tá loingeas go leór aige ar muir annsud, acht tá easbaidh saighdiúirí air. Tá a rian air, tá an Rúise cheana féin ag tabhairt druim láimhe leis. Tá bóthar iarainn annsúd idir Thacu agus Tientsin do chúm Seaghan le hór agus allus. Ba leis féin amháin an bóthar úd agus níor chóir go mbainfeadh éinne leis. Fuair na Sínigh greim ar an mbóthar agus bhriseadar é, acht do sgaip na Rúísínigh agus na Seapánaigh iad d'éis cómhraic coichthighis. "Rinnea- bhar go han-mhaith, go raibh míle maith agaibh araon," arsa Seaghan nuair do bhí a bhóthar iarainn réidh. "Tá go breágh," arsa Stoesel, an Rúsach, "ní leatsa an bóthar iarainn sin feasda acht liomsa, ná bain leis má's é do thoil é!" Bhí Seimour, taoiseach sáile Sheaghain ar buile agus labhair sé go dán. "Éist do bhéal arú," arsa Stoesel, agus deir páipéir Lúnduin muna mbiadh gur daoine macánta, siothchánta na Sasanaigh go mbiadh imreas eatortha féin agus na Rúsaigh. Is breágh an rud an fhoidhne.
Dála na Síne féin ní chloistear sgéala uaithe indiu nách bréagnuighthear i mbárach. Deirthear go bhfuil na hEórpaigh i bPecin slán fós acht is é mo thuairim go bhfuilid go léir marbh mar is fealltach an dream na Sínigh. Tá fear annsúd, Lí Hung Chang is ainm dó. Deir seisean go bhfuil na hEórpaigh slán, acht tá an sean-bhuachaill úd chomh sleamhain le heasguin agus measaim go bhfuil sé ag mealladh an tsaoghail. Tá mórán arm ag na Sínigh anois mar cheannuigheadar ó Shasana agus ó'n nGearmáin iad agus is deallrathach gur leasuigh na Cumhachtaí seo slat chum iad féin do léasadh, mar tá na Sínigh chómh fulúirseach le corr-mhíola. Má bhí sainnt chum sochair ar na hEorpaigh caithfidh díol go daor as. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services