Cúrsaidhe an tSaoghail
Tar Lear
Muna mbeitheá id' chomhnuidhe i nAmericá níor
bhfurusda dhuit gnótha-tíre na háite sin do thuigsint,
acht beidh na páipéir thall go dícheallach as so go
Samhain agus is fiú dhúinn súil do thabhairt anois agus arís ar
an dtroid do bheidh idir an mBrianach agus MacFhionnlaoigh
i dtaobh na hUachtarántachta. Tá mórán d'ár gcuid
féin thall, slán beó leó. Is dóich liom go bhfuil an
chuid is mó dhíobh ar thaobh an Bhrianaigh. Deirthear go
bhfuil na Sasanaigh i nAmerica le MacFhionnlaoigh mar
tá an teist amuich air gur mór leis ár gcomhursa
Seaghan agus go bhfuil cáirdeas i gan fhios déanta aige
leis. Ceileann MacFhionnlaoigh an cáirdeas sain, acht
deir sé gur mór leis Sasana agus an Sagsan-Treibh, agus
deir a lán go bhfuil sé ar tí aithris do dhéanamh ar
Shasana agus Ímpireacht do dhéanamh as Toghariaghaltas
Americá. Bíodh sain mar atá, beidh cómhrach mór aca
ins an togha so atá le teacht. Deir páipéir Shasana
gur thug an Brianach agus a leantóirí saghas éigin gealladh
do theachtairí na mBórach go dtabharfaduis congnamh
dóibh d'éis na Samhna, sé sin má chuirtear an rith ar
MhacFhionnlaoigh. Deir na Sasanaigh go mbeidh an buaidh
le MacFhionnlaoigh agus nách baoghal dóibh Americá, acht
mar sin féin táid siad ag gríosadh Roberts. Ní fhuil
Roberts dúr, tá sé ag déanadh a dhíchill, acht is beag
an mhaitheas dó é, tá an bitheamhnach sain De Bhet
ag déanamh cosair-asair de. Tá naoi n-anam ag an
mBórach míorbhúileach sain, ar nós an chait an fhiadhaigh.
Tá sé annso indiu agus thall annsúd i mbárach dafhichead
míle ó bhaile. Triallann Seaghan ar aghaidh gan coinne
le héinne aige agus buailtear go hobhann buille sa tsróin
ar do chuireann réiltíní ag spréachadh as a dhá súil.
"Hí! níor shíleas go rabhais annso, ochón mó shrón!"
Sin mar atá le Seaghan bocht. Bhris De Bhet air trí
huaire ar feadh na seachtmhaine. Throideadar ag
Betlehem ar feadh deich n-uaire an chloig agus deir na
páipéir go mb'éigean do na Sasanaigh druidim leo -
ní maith leó a rádh gur ritheadar. Bhuail dream saigh-
diúirí suas an bhóthar iarainn fá dhein Roberts, agus an
iomad trucaillí lóin agus déantús airm aca. Chualadar
na leomhain ag búithridh ar thuitim na hoidhche agus chonnca-
dar fir mhóra féasógacha ag cosa-náirde chúca. Throid
na Sasanaigh is dócha, mar do ghoill sé ortha a gcuid
bídh do leigean leis na Bóracha, acht do gabh De Bhet
thríotha agus thóg sé leis an lón go léir agus céad Albanach.
Ní sháiseóchadh sain é; bhuail sé suas go Log Retief
mar a raibh buidhean láidir suidhte agus misneach ortha,
Breathnaigh agus Albanaigh bhí ionnta. Bhris sé isteach ar
na fearaibh bochta ar nós na tuile agus do sgiob leis an
méid do mhair aca, dhá chéad adeir Roberts. Támuid
ar a thóir adeir Seaghan, agus ní misde dhó é.
Deir Roberts gur fhág sé Pretoria, cum cómhraic
do chur ar Bhota agus tá súil i n-áirde i Sasana ag feitheamh
le sgéala maith. Ní raibh liúgh bhreágh againn le fada, agus
má eirgheann le Roberts is é sin an fear do chuirfidh
cúntus cruinn chúgainn. Tá mian chum sgéala orainn,
thógfamuis é gan méar, fá mar d'ólfadh laogh ocrach
bainne.
Is beag an meas atá ar an bhfear lag ins an tsaoghal
so. Ní chuirtear puinn suime i Seaghan ins an oirthear
an aimsir seo agus tá na Cumachtaí 'gá n-ullamhúghadh féin
chum troda leis an tSín gan cead 'ná cabhair ó Sheaghan.
Muna mbiadh go bhfuil a arm mór i n-achrann le Pól
bhiadh sé go buacach ins an tSín indiu, slaod air agus
bolg air ag labhairt leis na Cumhachtaí eile mar tá
loingeas go leór aige ar muir annsud, acht tá easbaidh
saighdiúirí air. Tá a rian air, tá an Rúise cheana féin
ag tabhairt druim láimhe leis. Tá bóthar iarainn
annsúd idir Thacu agus Tientsin do chúm Seaghan le hór
agus allus. Ba leis féin amháin an bóthar úd agus níor chóir
go mbainfeadh éinne leis. Fuair na Sínigh greim ar
an mbóthar agus bhriseadar é, acht do sgaip na Rúísínigh agus
na Seapánaigh iad d'éis cómhraic coichthighis. "Rinnea-
bhar go han-mhaith, go raibh míle maith agaibh araon,"
arsa Seaghan nuair do bhí a bhóthar iarainn réidh. "Tá
go breágh," arsa Stoesel, an Rúsach, "ní leatsa an
bóthar iarainn sin feasda acht liomsa, ná bain leis
má's é do thoil é!" Bhí Seimour, taoiseach sáile
Sheaghain ar buile agus labhair sé go dán. "Éist do bhéal
arú," arsa Stoesel, agus deir páipéir Lúnduin muna
mbiadh gur daoine macánta, siothchánta na Sasanaigh
go mbiadh imreas eatortha féin agus na Rúsaigh. Is breágh
an rud an fhoidhne.
Dála na Síne féin ní chloistear sgéala uaithe indiu
nách bréagnuighthear i mbárach. Deirthear go bhfuil na
hEórpaigh i bPecin slán fós acht is é mo thuairim go
bhfuilid go léir marbh mar is fealltach an dream na
Sínigh. Tá fear annsúd, Lí Hung Chang is ainm dó.
Deir seisean go bhfuil na hEórpaigh slán, acht tá an
sean-bhuachaill úd chomh sleamhain le heasguin agus measaim
go bhfuil sé ag mealladh an tsaoghail. Tá mórán arm
ag na Sínigh anois mar cheannuigheadar ó Shasana agus ó'n
nGearmáin iad agus is deallrathach gur leasuigh na
Cumhachtaí seo slat chum iad féin do léasadh, mar tá
na Sínigh chómh fulúirseach le corr-mhíola. Má bhí sainnt
chum sochair ar na hEorpaigh caithfidh díol go daor as.
Conán Maol
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11