Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Bhí bruighean aca an tseachtmhain seo ghabh tharrainn acht ní le bata droighin ná claidheamh acht le teangaidh, agus is iad Feisirí na hÉireann agus Feisirí Shasana bhí ag troid le chéile i dtaobh na Gaedhilge. Rug na Sasan- aigh an buaidh le droch-aigne agus aineolacht, mar is beag an beann atá aca súd ar Ghaedhilg 'ná ar aon nídh eile bhaineann le hÉire. Tá gasradh leó i mBaile-Ath'- Cliath go ngoirthear an Clár Léighinn ortha agus tá an bhuidhean ghallda sain ag iarraidh ceada ar an Riaghal- tas chum athrúghadh do chur ins an Réim múineadh bhí ar bun go dtí so ins na sgoileannaibh. Do ghríosaigh Connradh na Gaedhilge na Feisirí chum cirt d'fhághail do'n Ghaedhilg ins an Réim nuadh so agus do labhair na Feisirí go dian mhaith, acht ba bheag an mhaitheas dóibh é, mar bhí gach bolgán béic i dTeach na Feise 'na gcoinnibh. Leigeann Gearailt Balfour air go bhfuil báidh aige féin leis an nGaedhilg agus ná cuirfeadh sé cosg le n-a múineadh dá mba mhaith leis an gClár Léighinn é agus dá mbiadh dúil ag na hÉireannaigh innti. Mar a chéile is eadh iad, agus deir fear muinteardha dhom gur mhaith leis Gearailt agus an Clár léighinn do bheith i bpóna aige é féin ar an ndorus, súiste 'na láimh, an buail- teán reamhar, ríghin, agus bachall air. Beidh Gaedhilg i nÉirinn nuair do bheidh Gearailt agus an Clár léighinn 'sa chill, an súire ag snámhadh thré a luirgne, agus an chiaróg, an chailleach crainn agus an darbhdaol ag déanadh neid 'na gcloigeannaibh. Do chas feisire ó Chondae an Dúin leis na feisirí eile ó Éirinn nach raibh triúr 'na measg do thabharfadh óráid as Gaedhilg, agus má bhí sé ionnta ba mhór an náire dhóibh ná'r bhreagnaigh an bodach gallda úd. Deir an "News Letter", páipéar agus mBéalfeirsde, go raibh an ceart aige siúd agus go bhfuil súil aca go mbeidh ciall a ndóthain ag an Riaghaltas gan cabhair 'ná congnamh do thabhairt do'n Ghaedhilg mar gurab í an teanga so do bhí riamh agus atá indiu ag congbháil na nÉireannach as an tSasanacht. Ar bhur mbás ná leigidh do'n teanga so éirghe, adeir an páipéar céadna, acht ní gábhadh do'n pháipéar sain an chomhairle sin do thabhairt do na Sasanaigh mar tá an bhuidhean sain mar do bhí sí riamh. Mar sin féin, pé olc maith leó é beidh an Ghaedhilg againn le congnamh Dé mar ní fhuil sé 'na gcumas í chur fá chois anois. Nuair do bhí bruighean teangan ag Pól agus Seaghan le chéile, tá bliadhain ó shoin, thug Seaghan rún fá chomhairle go gcaithfidhe an Béárla do mhúineadh feasda ins an Transbhaal, acht chuir Pól srann as agus d'fhéach sé ar an bhfear labhartha. "A Uachtaráin, ar thuigis an cheist úd do chuir Milner chúgat i dtaobh an Bhéarla?" "Thuigeas," arsa Pol, "acht bhí sí chómh drochmhúinte sin ná'r bh'fhéidir liom freagra thabhairt uaim." Thug Pól freagra uaidh ó shoin, labhair Tomás fada ar a shon, tá sé ag caint fós ar chuir sé féin agus a dhearbhrathairí móra agus beaga, trí fichid míle Sasanach ar chlár a ndroma. "Is í an Táil do bheidh i n-uachtar annso agus ní hé an Béarla." Labhair a Éireannaigh mar ba dhual duit "is í an Ghaedhilg do bheidh i nuachtar annso agus ní hé an an Béarla gallda." Tá sé 'nár gcumas an méid sin do dhéanamh i n-aindeoin na mbodach iasachta. Is furusda dhúinn an bheart so do chur ar aghaidh mar ní fiú biorán a dheacaireacht i gcomórtas leis an ngníomh atá ar láimh ag Pól - aon fhear amháin ag tabhairt cómhraic do fhiche fear agus iongna tar iongnaidhibh an tsaoghail tá an t-aon fhear amháin ag briseadh ortha. Féach an laoch DeBhet ag briseadh thríd an gciorcail iarainn do chuir na Sasanaigh timcheall air. Támuid ag rith 'na dhiaidh agus béarfaim air, adeir Seaghan, acht geallaim dhuit gurab é an Bórach atá ag rith 'na dhiaidh sin. Tá Roberts bocht go hanshocar i bPretoria. Do thiomáin sé amach ar an gcathair sin mná agus clann na mBórach, agus ní chreidim go ndéanfadh Roberts a leithéid sin do choir spriúnlaighthe muna mbiadh go bhfuil easbaidh bídh air, mar níor chualthas a leithéid de bheart riamh. Gabhann na páipéir a leath- sgéal ar chuma eile acht ceapaim gurab í an fhírinne go bhfuil DeBhet agus Bota ag cur air go dian agus ag breith ar a chuid lóin, acht go gceiltear é. Tá builg fholamha ag a shluagh agus faid do bheidh cead a chos ag DeBhet beidh an butún ar Roberts. Tá na Sínigh agus na hEórpaigh ag tnáithe a chéile ag Tientsin agus ní fhuil tásg 'ná tuairisg ó Phecin. Tháinig ráfla éigin go raibh na hEorpaigh i bPecin slán fós, acht tá amhras nách bhfuil an fhírinne ann. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services