Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Bhí bruighean aca an tseachtmhain seo ghabh tharrainn
acht ní le bata droighin ná claidheamh acht le teangaidh,
agus is iad Feisirí na hÉireann agus Feisirí Shasana bhí ag
troid le chéile i dtaobh na Gaedhilge. Rug na Sasan-
aigh an buaidh le droch-aigne agus aineolacht, mar is beag
an beann atá aca súd ar Ghaedhilg 'ná ar aon nídh eile
bhaineann le hÉire. Tá gasradh leó i mBaile-Ath'-
Cliath go ngoirthear an Clár Léighinn ortha agus tá an
bhuidhean ghallda sain ag iarraidh ceada ar an Riaghal-
tas chum athrúghadh do chur ins an Réim múineadh bhí ar
bun go dtí so ins na sgoileannaibh. Do ghríosaigh
Connradh na Gaedhilge na Feisirí chum cirt d'fhághail
do'n Ghaedhilg ins an Réim nuadh so agus do labhair na
Feisirí go dian mhaith, acht ba bheag an mhaitheas dóibh é,
mar bhí gach bolgán béic i dTeach na Feise 'na gcoinnibh.
Leigeann Gearailt Balfour air go bhfuil báidh aige
féin leis an nGaedhilg agus ná cuirfeadh sé cosg le n-a
múineadh dá mba mhaith leis an gClár Léighinn é agus dá
mbiadh dúil ag na hÉireannaigh innti. Mar a chéile
is eadh iad, agus deir fear muinteardha dhom gur mhaith
leis Gearailt agus an Clár léighinn do bheith i bpóna
aige é féin ar an ndorus, súiste 'na láimh, an buail-
teán reamhar, ríghin, agus bachall air.



Beidh Gaedhilg i nÉirinn nuair do bheidh Gearailt agus
an Clár léighinn 'sa chill, an súire ag snámhadh thré a
luirgne, agus an chiaróg, an chailleach crainn agus an darbhdaol
ag déanadh neid 'na gcloigeannaibh. Do chas feisire ó
Chondae an Dúin leis na feisirí eile ó Éirinn nach raibh
triúr 'na measg do thabharfadh óráid as Gaedhilg, agus má
bhí sé ionnta ba mhór an náire dhóibh ná'r bhreagnaigh an
bodach gallda úd. Deir an "News Letter", páipéar
agus mBéalfeirsde, go raibh an ceart aige siúd agus go
bhfuil súil aca go mbeidh ciall a ndóthain ag an
Riaghaltas gan cabhair 'ná congnamh do thabhairt do'n
Ghaedhilg mar gurab í an teanga so do bhí riamh agus atá
indiu ag congbháil na nÉireannach as an tSasanacht.
Ar bhur mbás ná leigidh do'n teanga so éirghe, adeir
an páipéar céadna, acht ní gábhadh do'n pháipéar sain
an chomhairle sin do thabhairt do na Sasanaigh mar tá
an bhuidhean sain mar do bhí sí riamh. Mar sin féin, pé
olc maith leó é beidh an Ghaedhilg againn le congnamh
Dé mar ní fhuil sé 'na gcumas í chur fá chois anois.



Nuair do bhí bruighean teangan ag Pól agus Seaghan le
chéile, tá bliadhain ó shoin, thug Seaghan rún fá chomhairle
go gcaithfidhe an Béárla do mhúineadh feasda ins an
Transbhaal, acht chuir Pól srann as agus d'fhéach sé ar an
bhfear labhartha. "A Uachtaráin, ar thuigis an cheist
úd do chuir Milner chúgat i dtaobh an Bhéarla?"
"Thuigeas," arsa Pol, "acht bhí sí chómh drochmhúinte sin
ná'r bh'fhéidir liom freagra thabhairt uaim." Thug Pól
freagra uaidh ó shoin, labhair Tomás fada ar a shon, tá
sé ag caint fós ar chuir sé féin agus a dhearbhrathairí móra
agus beaga, trí fichid míle Sasanach ar chlár a ndroma.
"Is í an Táil do bheidh i n-uachtar annso agus ní hé an
Béarla." Labhair a Éireannaigh mar ba dhual duit "is
í an Ghaedhilg do bheidh i nuachtar annso agus ní hé an
an Béarla gallda." Tá sé 'nár gcumas an méid
sin do dhéanamh i n-aindeoin na mbodach iasachta.
Is furusda dhúinn an bheart so do chur ar aghaidh
mar ní fiú biorán a dheacaireacht i gcomórtas leis
an ngníomh atá ar láimh ag Pól - aon fhear amháin
ag tabhairt cómhraic do fhiche fear agus iongna tar
iongnaidhibh an tsaoghail tá an t-aon fhear amháin ag
briseadh ortha. Féach an laoch DeBhet ag briseadh thríd
an gciorcail iarainn do chuir na Sasanaigh timcheall
air. Támuid ag rith 'na dhiaidh agus béarfaim air, adeir
Seaghan, acht geallaim dhuit gurab é an Bórach atá ag
rith 'na dhiaidh sin. Tá Roberts bocht go hanshocar i
bPretoria. Do thiomáin sé amach ar an gcathair sin
mná agus clann na mBórach, agus ní chreidim go ndéanfadh
Roberts a leithéid sin do choir spriúnlaighthe muna
mbiadh go bhfuil easbaidh bídh air, mar níor chualthas a
leithéid de bheart riamh. Gabhann na páipéir a leath-
sgéal ar chuma eile acht ceapaim gurab í an fhírinne go
bhfuil DeBhet agus Bota ag cur air go dian agus ag breith ar
a chuid lóin, acht go gceiltear é. Tá builg fholamha ag
a shluagh agus faid do bheidh cead a chos ag DeBhet beidh
an butún ar Roberts.



Tá na Sínigh agus na hEórpaigh ag tnáithe a chéile ag
Tientsin agus ní fhuil tásg 'ná tuairisg ó Phecin. Tháinig
ráfla éigin go raibh na hEorpaigh i bPecin slán fós,
acht tá amhras nách bhfuil an fhírinne ann.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services