Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gaol Gairid
Title
Gaol Gairid
Author(s)
Draoigheantóir,
Pen Name
Draoigheantóir
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gaol Gairid Nuair do bhíos im' bhuachaill, do bhuail seanduine liom agus tar éis beagán cainte, dubhairt sé, "Tá gaol agam leat a dhuine uasail óig." "Caidé an gaol atá agam leat?" arsa mise. "Ó muise, gaol gairid," ar seisean. "Cómhairimh dham é, mar sin" arsa mise. "Cómhaireó'd go deimhin" ar seisean. "A h-aon - Nóra Ní Shúilliobháin; a dó - Caitlín Ní Bhuachallaigh; a trí - Cáit Ní Bhodhléir; a ceathair - Eoghan Ach Diarmuda; a cúig - Seaghán Ach Eoghain; a sé - t'athair agus a seacht - tusa." "Ó dar fiadh," ar seisean, "is fánach anois é." Bhí aois mhór ag an seanduine agus ní raibh a chliathán de'n ghaol leath chómh fada. Go deimhin ní raibh sé acht "trí 's a trí" le hathair mo shean-athar. Cómhaireann siad na gaolta mar so i gCiarruidhe: - Dó 'sa dó = first cousins Trí 'sa trí = second cousins Dó 'sa trí = first and second cousins Ceathair 'sa ceathair = third cousins Agus mar sin. Ní chuireann said síos gaol tar éis na seachtmhadh glúine cé go bhfuil fios aca orra go minic. (Scríobhtha síos ó bhéal-aithris an Athar Thaidhg Uí Shúilliobháin i Lunndain le "Draoigheantóir".) Draoigheantóir
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services