Gaol Gairid
Nuair do bhíos im' bhuachaill, do bhuail seanduine
liom agus tar éis beagán cainte, dubhairt sé, "Tá gaol
agam leat a dhuine uasail óig."
"Caidé an gaol atá agam leat?" arsa mise.
"Ó muise, gaol gairid," ar seisean. "Cómhairimh
dham é, mar sin" arsa mise. "Cómhaireó'd go deimhin"
ar seisean. "A h-aon - Nóra Ní Shúilliobháin; a dó -
Caitlín Ní Bhuachallaigh; a trí - Cáit Ní Bhodhléir; a
ceathair - Eoghan Ach Diarmuda; a cúig - Seaghán Ach
Eoghain; a sé - t'athair agus a seacht - tusa." "Ó dar
fiadh," ar seisean, "is fánach anois é."
Bhí aois mhór ag an seanduine agus ní raibh a chliathán
de'n ghaol leath chómh fada. Go deimhin ní raibh sé acht
"trí 's a trí" le hathair mo shean-athar.
Cómhaireann siad na gaolta mar so i gCiarruidhe: -
Dó 'sa dó = first cousins
Trí 'sa trí = second cousins
Dó 'sa trí = first and second cousins
Ceathair 'sa ceathair = third cousins
Agus mar sin. Ní chuireann said síos gaol tar éis
na seachtmhadh glúine cé go bhfuil fios aca orra go
minic.
(Scríobhtha síos ó bhéal-aithris an Athar Thaidhg Uí
Shúilliobháin i Lunndain le "Draoigheantóir".)
Draoigheantóir
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11