Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dún na nGall - II
Title
Dún na nGall - II
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Dún na nGall - II Do chuadhas amach go Tamhnach Mhullaigh an lá roimh an Fheis agus go cinnte ní bréag a rádh gur Gaedhealach an ceantar é. Do chloisinn-se agus do léighinn-se mórán fó dtaobh de'n áit seo agus shíl mé nach mbéinn ann go deó, acht ón' chéad nóimint do leag mé cos air go dtáinic mé as ar fad. Tá craobh láidir acmhuinneach de Chonnradh na Gaedhilge i dTamhnach Mhulaigh. Bhí siad lag go leór ar feadh tamaill, acht bhí an spiorad ceart ionta, agus d'éirigh a misneach ionta. Cruinnighid siad le chéile ins an sgoil gach uile tráthnóna Dia Domhnaigh. Ní labhradh fiú an fhocail Bhéarla rith na tráthnóna. Is é bhíos 'na Uachtarán orra Tuathal Ó Sléibhin, fear go bhfuil Gaedhilg mhaith aige agus go dtig leis cómhrádh fíor-líomhtha do dhéanamh i dteangaidh a shinsear. Is é bhíos ag múnadh Gaedhilge dhóibh Seaghán Mac Cnaimhsighe. Togha Ghaedhilgeoir atá ann agus sgéaluidhe glic greann- mhar. Tá oráduidhthe agus amhránuidhthe agus sgéaluidhthe go leór aca agus dá fheabhas na fir is fearr go mór na mná. Ta beirt bhan pósta 'na gcomhnuidhe ar Thamhnach Mhulaigh agus níl aon tseachtmhain imthigheas thart nach gceapann duine éigin aca amhrán. Beirt deirbhshiúr atá ionta. Chonnaic cuid de léightheoiribh an Chlaidhimh Sholuis amhrán nó dhó ó dhuine aca i nIrisleabhar na Gaedhilge. Tá Gaedhilg fíor-áluinn aici sin, go neartuighe Dia léi. Toghthar duine éigin fear nó bean, gach uile Dhomhnach le haghaidh cómhrádh an lae do thabhairt coigthíghis 'na dhiaidh sin. Ar an nós so bíonn cómhrádh ullamh ag duine áirighthe le haghaidh gach uile Dhomhnaigh agus deir Mac Cnámhsighe go gcuirfeadh sé iongnadh agus bród ar dhuine bheith ag éisteacht leo ag iomaidh le chéile féachaint cia aca an duine is fearr. Tá súil agam nach fada go bhfeicimíd cuid dá saothar ins an gClaidhimh Soluis. An tseachtmhain do bhí mise ann bhí díospóireacht aca ar an tslíghe is fearr agus is tairbhighe chum oidhche Gheimhridh do chaitheamh agus bhí roinnt duaisean- na d'fhág Séamus Mach Mághnuis aca le bronnadh ar na daoinibh do b'fhearr. Ní baoghal do Thamhnach Mhulaigh fo dtaobh de'n Ghaedhilg. Ní bhfuighidh sí bás choidhche ann. Aon fhocal amháin eile agus cuirfidh mé críoch ar mo chuntas ar Thamhnach Mhulaigh; bhí gach uile dhuine do bhuail umam ann agus i nDún na nGall mar an gcéadna dá fhiafraighe dhíom goidé mar bhí an Laoideach agus dá rádh gur fada leó ó chonnaic siad é. Tá súil aca-san agus tá súil agam féin nach fada go rachaidh sé ar cuaird chuca arís. Tá gach uile chomhartha ann gur craobh maith de Chonnradh na Gaedhilge bheas i nÁrd an Ráith. Tá neart Gaedhilge ag urmhór de bhunadh na háite sin. Gaedhilgeoir maith is eadh an tUachtarán atá aca, an tAthair Mac Duibhir. Níor bh'é sin an chéad uair aige- sean ag cuidiughadh leis an nGaedhilg. Do thaisteal sé urmhór de'n Roinn Eórpa, agus labhair sé Gaedhilg ins gach uile áit dá ndeachaidh sé ann. Fear maith taithigh- theach gnóthach is eadh Mac Niallais an Rúnaidhe ann, agus níl amhreas ar bith acht go ndéanfaidh siad a ndícheall leis an Ghaedhilg go leathnughadh agus do chothughadh i dTír Chonaill. Níl mórán agam le rádh fó dtaobh de'n Fheis féin i dteanta an chuntais do bhí ins an Chlaidheamh cheana, acht bhí rud nó dhó ann do thaitin go ríogh-mhaith liom. Is minic do chualaidh mé daoine léigheanta ag déanamh comhrádh ins an Bhéarla, agus is minic do chualaidh mé comhrádh maith i nGaedhilg, acht do bhuaidhfeadh Niall O Cíonaigh orra go léir. Ní fhaca is ní chualaidh mé riamh éin-nídh do b'fhearr ná é. Tháinig an chaint chuige 'na tonntaibh móra meara gan stad ná comhnuidhe acht mar bheadh srúthán ag rith de thaobh Bheárnais Mhóir lá bháistighe. Bhí brígh agus fuinneamh ann, faghairt na shúilíbh, agus gach uile bhall dá chorp ar oll-chrith. Dob' fhuirist aithne gur shíl sé féin gur bh'í an fhírinne do bhí dá rádh aige, agus dar ndóigh is í leis. Tá súil le Dia agam go gcloisfidh mé arís é. Fear oibre gan tabhairt suas é. Rud eile do thaitin go mór liom i nÁrd an Ráith .i. gasúr agus ceathrar nó cúigear giorsach dá gcur fá sgrúdughadh ag Conn Ó Baoighil. Do thógfadh sé do chroidhe bheith ag éisteacht leó ag tabhairt freagra do ghach aon cheist do chuir sé chuca. Do thrácht sé leó ar ullmhughadh an éadaigh olna rud go bhfuil taithighe thar barr aca i dTír Chonaill, mar ní chaithid siad a mhalairt agus is iongantach an méid eólais a bhí aca air. Tá eólas maith ag Conn Ó Baoighil féin ar an nGaedhilg agus tá mór-chuid oibre dá dhéanamh aige na shlighe féin chum a cur ar a haghaidh. Is fíor go mbeidh cuimhne agam-sa ar Thír Chonaill, ar a sléibhtibh agus a gleanntaibh ar a haibhnibh agus lochaibh agus ar a bunadh grádhmhar Gaedhealach oinigh an dá lá agus an fhaid do mhairfidh mé. Tadhg Ó Donnchadha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services