Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dún na nGall - II

Title
Dún na nGall - II
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Dún na nGall - II



Do chuadhas amach go Tamhnach Mhullaigh an lá roimh
an Fheis agus go cinnte ní bréag a rádh gur Gaedhealach
an ceantar é. Do chloisinn-se agus do léighinn-se mórán
fó dtaobh de'n áit seo agus shíl mé nach mbéinn ann go
deó, acht ón' chéad nóimint do leag mé cos air go
dtáinic mé as ar fad. Tá craobh láidir acmhuinneach de
Chonnradh na Gaedhilge i dTamhnach Mhulaigh. Bhí siad
lag go leór ar feadh tamaill, acht bhí an spiorad ceart
ionta, agus d'éirigh a misneach ionta. Cruinnighid siad le
chéile ins an sgoil gach uile tráthnóna Dia Domhnaigh.
Ní labhradh fiú an fhocail Bhéarla rith na tráthnóna.
Is é bhíos 'na Uachtarán orra Tuathal Ó Sléibhin, fear
go bhfuil Gaedhilg mhaith aige agus go dtig leis cómhrádh
fíor-líomhtha do dhéanamh i dteangaidh a shinsear. Is é
bhíos ag múnadh Gaedhilge dhóibh Seaghán Mac Cnaimhsighe.
Togha Ghaedhilgeoir atá ann agus sgéaluidhe glic greann-
mhar. Tá oráduidhthe agus amhránuidhthe agus sgéaluidhthe go
leór aca agus dá fheabhas na fir is fearr go mór na mná.
Ta beirt bhan pósta 'na gcomhnuidhe ar Thamhnach Mhulaigh
agus níl aon tseachtmhain imthigheas thart nach gceapann
duine éigin aca amhrán. Beirt deirbhshiúr atá ionta.
Chonnaic cuid de léightheoiribh an Chlaidhimh Sholuis amhrán
nó dhó ó dhuine aca i nIrisleabhar na Gaedhilge. Tá
Gaedhilg fíor-áluinn aici sin, go neartuighe Dia léi.
Toghthar duine éigin fear nó bean, gach uile Dhomhnach
le haghaidh cómhrádh an lae do thabhairt coigthíghis 'na
dhiaidh sin. Ar an nós so bíonn cómhrádh ullamh ag
duine áirighthe le haghaidh gach uile Dhomhnaigh agus deir
Mac Cnámhsighe go gcuirfeadh sé iongnadh agus bród ar
dhuine bheith ag éisteacht leo ag iomaidh le chéile
féachaint cia aca an duine is fearr. Tá súil agam
nach fada go bhfeicimíd cuid dá saothar ins an
gClaidhimh Soluis. An tseachtmhain do bhí mise ann
bhí díospóireacht aca ar an tslíghe is fearr agus is tairbhighe
chum oidhche Gheimhridh do chaitheamh agus bhí roinnt duaisean-
na d'fhág Séamus Mach Mághnuis aca le bronnadh ar na
daoinibh do b'fhearr. Ní baoghal do Thamhnach Mhulaigh
fo dtaobh de'n Ghaedhilg. Ní bhfuighidh sí bás choidhche
ann. Aon fhocal amháin eile agus cuirfidh mé críoch ar mo
chuntas ar Thamhnach Mhulaigh; bhí gach uile dhuine do
bhuail umam ann agus i nDún na nGall mar an gcéadna
dá fhiafraighe dhíom goidé mar bhí an Laoideach agus dá
rádh gur fada leó ó chonnaic siad é. Tá súil aca-san
agus tá súil agam féin nach fada go rachaidh sé ar cuaird
chuca arís.



Tá gach uile chomhartha ann gur craobh maith de
Chonnradh na Gaedhilge bheas i nÁrd an Ráith. Tá
neart Gaedhilge ag urmhór de bhunadh na háite sin.
Gaedhilgeoir maith is eadh an tUachtarán atá aca, an
tAthair Mac Duibhir. Níor bh'é sin an chéad uair aige-
sean ag cuidiughadh leis an nGaedhilg. Do thaisteal
sé urmhór de'n Roinn Eórpa, agus labhair sé Gaedhilg ins
gach uile áit dá ndeachaidh sé ann. Fear maith taithigh-
theach gnóthach is eadh Mac Niallais an Rúnaidhe ann, agus
níl amhreas ar bith acht go ndéanfaidh siad a ndícheall
leis an Ghaedhilg go leathnughadh agus do chothughadh i dTír
Chonaill.



Níl mórán agam le rádh fó dtaobh de'n Fheis féin i
dteanta an chuntais do bhí ins an Chlaidheamh cheana, acht
bhí rud nó dhó ann do thaitin go ríogh-mhaith liom. Is
minic do chualaidh mé daoine léigheanta ag déanamh
comhrádh ins an Bhéarla, agus is minic do chualaidh mé
comhrádh maith i nGaedhilg, acht do bhuaidhfeadh Niall
O Cíonaigh orra go léir. Ní fhaca is ní chualaidh mé
riamh éin-nídh do b'fhearr ná é. Tháinig an chaint chuige
'na tonntaibh móra meara gan stad ná comhnuidhe acht
mar bheadh srúthán ag rith de thaobh Bheárnais Mhóir lá
bháistighe. Bhí brígh agus fuinneamh ann, faghairt na shúilíbh,
agus gach uile bhall dá chorp ar oll-chrith. Dob' fhuirist
aithne gur shíl sé féin gur bh'í an fhírinne do bhí dá rádh
aige, agus dar ndóigh is í leis. Tá súil le Dia agam go
gcloisfidh mé arís é. Fear oibre gan tabhairt suas é.



Rud eile do thaitin go mór liom i nÁrd an Ráith .i.
gasúr agus ceathrar nó cúigear giorsach dá gcur fá
sgrúdughadh ag Conn Ó Baoighil. Do thógfadh sé do
chroidhe bheith ag éisteacht leó ag tabhairt freagra do
ghach aon cheist do chuir sé chuca. Do thrácht sé leó ar
ullmhughadh an éadaigh olna rud go bhfuil taithighe thar
barr aca i dTír Chonaill, mar ní chaithid siad a mhalairt
agus is iongantach an méid eólais a bhí aca air. Tá eólas
maith ag Conn Ó Baoighil féin ar an nGaedhilg agus tá
mór-chuid oibre dá dhéanamh aige na shlighe féin chum a
cur ar a haghaidh. Is fíor go mbeidh cuimhne agam-sa
ar Thír Chonaill, ar a sléibhtibh agus a gleanntaibh ar a
haibhnibh agus lochaibh agus ar a bunadh grádhmhar Gaedhealach
oinigh an dá lá agus an fhaid do mhairfidh mé.



Tadhg Ó Donnchadha

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services